Auraicept na n-Éces
![]() ![]() | |
Cineál | saothar scríofa ![]() |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an tSean-Ghaeilge ![]() |
Foilseachán | 7 haois ![]() |
Leabhar gramadaí na Sean-Ghaeilge ab ea Aiceacht na nÉigeas (Sean-Ghaeilge Auraicept[1] na n-Éces), nó Bunleabhar na nEagnaí/Saoithe, a mheastar go stairiúil gur scríobh scoláire darbh ainm Longarad sa 7ú haois é. B'fhéidir gur fíor é go dtéann croí an téacs chomh fada siar sin, ach cuireadh a lán ábhar leis ó shin go dtí gur foilsíodh an chóip is luaithe atá ar marthain sa 12ú haois.

Más fíor gur den 7ú haois é, is é an téacs an chéad chás a chosain an teanga choiteann i gcoinnibh na Laidine, agus ag teacht 600 bliain roimh De vulgari eloquentia le Dante Alighieri agus 200 bliain roimh O pismeneh le Chernorizets Hrabar.
Lámhscríbhinní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Caomhnaítear an saothar sna lámhscríbhinní a leanas:
- Coláiste na Tríonóide, H 2.18. (Leabhar Laighneach), c. 1160
- CnT, H 2.16. (Leabhar Buí Leacáin), 14ú haois
- Acadamh Ríoga na hÉireann, 23 P 12 (Leabhar Bhaile an Mhóta), fól. 169r–180r, c. 1390
Ábhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá san Auraicept ceithre leabhar:
- I: Leabhar Fenius Farsaid
- II: Leabhar Amergin
- III: Leabhar Ferchertne, File
- IV: Leabhar Cennfaeladh
Molann an t-údar an teanga Gaeilge, á cur i gcomórtas leis na hábhair a úsáideadh chun an Túr Bháibil a thógáil:
- Dearbhaíonn eile nach raibh sa túr ach naoi n-ábhar agus gurbh iad sin cré agus uisce, olann agus fuil, adhmad agus aol, pic, línéadach, agus biotúman ... Seasann siadsan don ainmfhocal, don fhorainm, don bhriathar, don dobhriathar, don rangabháil, don chónasc, don réamhfhocal is don intriacht.
Tugtar faoi ndeara an neamhréir de naoi n-ábhar ach ocht roinn chainte.
Mar a chuir Eco (1993) in iúl, maíodh gurbh í an Ghaeilge an t-aon teanga amháin a tháinig slán as mearbhall na dteangacha, de bhrí gurbh í an chéad teanga a cumadh tar éis titim an túir. Chum an bheirt saoithe is seachtó de scoil Fenius an teanga sin, ag tógáil gach ab fhearr as gach teanga chun an Ghaeilge a chruthú. Tugann Calder faoi ndeara (lch. xxxii) gur tógadh an tsraith fhileata den 72 cine ó dhán le Luccreth moccu Chiara.
Ogham
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Auraicept na n-Éces ar cheann desna trí príomhfhoinsí is tábhachtaí i dtaobh an Oghaim, na cinn eile ná An Leabhar Oghaim agus De Dúilib Feda na Forfid. I Leabhar Bhaile an Mhóta, faightear cóip den Leabhar Oghaim díreach roimh an Auraicept, ach in ionad Bríatharogam Con Culainn le fáil i leaganacha eile, tá ann oghaim éagsúla rúnda. Tá an Younger Futhark le fáil ann freisin, fán ainm Ogham Lochlannach.

Maraon le cás tús áite na dteangacha Gaelacha, maíonn an tAuraicept gur chum Fenius Farsaid ceithre aibítir: ceann na hEabhraise, ceann na Gréigise agus ceann na Laidine; ba sa deireadh gur chum sé an Ogham. Maítear fosta gurb í an aibítir is críochnúla é an Ogham póite gur cumadh é ar deireadh. Is sa téacs seo a deirtear gurbh as crainn a ainmníodh na litreacha, ach moltar ina theannta sin gurbh fhéidir gur ainmníodh iad as na cúig baill is fiche de scoil Fenius.
- This is their number: there are five groups of ogham and each group has five letters and each of them has from one to five scores and their orientations distinguish them. Their orientations are: right of the stemline, left of the stemline, across the stemline, through the stemline, around the stemline. Ogham is climbed as a tree is climbed.[2]

Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- James Acken, Structure and Interpretation in the Auraicept na nÉces. Saarbrücken: VDM Verlag, Dr. Müller e.K., 2008. ISBN 978-3-639-02030-4
- Anders Ahlqvist, The Early Irish Linguist (Auraicept na nÉces), Helsinki 1982
- Calder, George (1995). "Auraicept na n-Éces : the scholars' primer; being the texts of the Ogham tract from the Book of Ballymote and the Yellow Book of Lecan, and the text of the Trefhocul from the Book of Leinster". Blackrock: Four Courts Press. Curtha i gcartlann 2006-09-04 ar an Wayback Machine
- Umberto Eco, The search for the perfect language (1993, aistriúchán Béarla 1995).
- —, Serendipities : Language and Lunacy (1998).
- Erich Poppe, "Die mittelalterliche irische Abhandlung Auraicept na nÉces und ihr geistesgeschichtlicher Standort", in: Theorie und Rekonstruktion, eag. von Klaus D. Dutz & Hans-J. Niederehe. Münster: Nodus, 1996, ll. 55-74.
- —, "Natural and Artificial Gender in Auraicept na nÉces", in: SH 29, 1995–97, 195-203.
- —, "Latinate Terminology in Auraicept na nÉces", in: History of Linguistics 1996, Iml. 1: Traditions in Linguistics Worldwide, eag. David Cram, Andrew Linn, Elke Nowak. Amsterdam & Philadelphia: John Benjamins. 1999, ll. 191-201.
- —, "The Latin Quotations in Auraicept na nÉces: Microtexts and their Transmission", in: Ireland and Europe in the Early Middle Ages. Texts and Transmission, eag. Próinséas Ní Chatháin & Michael Richter. Baile Átha Cliath: Four Courts, 2002, ll. 296-312.
- Damian McManus, A Guide to Ogam, An Sagart, 1997.
- R. Thurneysen, "Auraicept na n-éces", in: ZCP 17, 1928, ll. 277–303.
- Engesland, Nicolai Egjar, "Auraicept na nÉces: A Diachronic Study. With an Edition from the Book of Uí Mhaine", 2020 (Unpublished Ph.D.-thesis, University of Oslo, Norway).
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Calder, G. Auraicept na N-Éces, téacs iomlán, (PDF, JP2, srl.) via archive.org]
- The Ogham Tract, Auraicept na n-Éces, via archive.org
- The Ogam Scales, Leabhar Bhaile an Mhóta le B. Fell
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ aiccecht, (ai)ceacht, Laidin accepta; cf airaiccecht, bun leabhar; ar eDIL
- ↑ Aistriúchán Béarla le McManus