Leabhar Laighneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is lámhscríbhinn na meánaoise é an Leabhar Laighneach (Sean-Ghaeilge Lebor Laignech), a díolaimadh c. 1160. Bhí aithne air tráth mar LeborLebar na Núachongbála (Leabhar na Nuachongbhála), suíomh mainistreach i gContae Laoise.

Leabhar Laighneach, fóilió 53

Tá 187 leathanach sa lámhscríbhinn, gach ceann acu ionann is 33 cm faoi 23 cm. Tá nóta ann go mb'fhéidir go bhfuil oiread is 45 leathnach at iarraidh.

Caomhnaítear anois é i gColáiste na Tríonóide, faoin gcód seilf LS. 1339 (olim H 2.18).[1] Tá roinnt míreanna den leabhar, m.s. Féilire Tamhlachta, i mbailiúchán Choláiste na hOllscoile, BÁC.[2]

Stair an Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé a scríobh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh gurbh é príomhtheaglamaí agus scriobhneoir an leabhair ná Áed Ua Crimthainn,[3][4] ab na mainistreach Thír Dhá Ghlas[5] i gContae Thiobraid Árann.[4] Is féidir síniú Aodha a léamh ar f. 32r (lch. 313): Aed mac meic Crimthaind ro scrib in leborso 7 ra thinoil a llebraib imdaib ("Scríobh Aodh Uí Chrimhthainn an leabhar seo agus thionóil [sé é] ó mhórán leabhar [iomaí]").

Leathnach de chuid Leabhar Laighean

Feictear cóip litreach de lámh eile sa bhunimeall ar lch. 288, ina labhraíonn easpag Chill Dara, Finn mac Gormáin (bás. 1160), leis mar fhear léinín (fer léiginn) den ardrí Leth Moga; mar chomharba (comarbu) Colum mac Crimthainn; agus príomhscoláire (prímsenchaid) Laighean.

Tuairim eile atá ann, a mhol Eugene O'Curry, ná gurbh é Finn mac Gormáin a scríobh nó a eagraíodh an Leabhar ar son Aodha;[4] agus/nó go n-iarrfaí ar an lámhscríbhinn ag Diarmaid Mac Murchadha[6] (bás. 1171), rí Laighean, a raibh dún aige i nDún Másc, in aice leis An Nuachongbáil.

Cathain agus cá háit[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear de bharr annál scríofa lastigh ann, gur scríobhadh an leabhar idir 1151 agus 1201, agus an chuid is mó de is dóigh críochnaithe sna 1160í. Dódh Tír Dhá Ghlas go talamh sa bhliain 1164, mar sin chaithfaí gur críochnaíodh an lámhscríbhinn i dtigh screaptra eile.[4] Tá roinnt áiteanna molta, san áireamh, Sráid Bhaile[7] agus Cluain Eidhneach,[8] baile Uí Chrimthainn.[4]

Scoláireacht an 19ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is a bhuí le John O'Donovan (bás. 1861) a bhfuil Leabhar Laighean anois mar ainm ag an saothar. Chum sé é be bharr comhcheangal a scéalta le Cúige Laighean. Ina theannta sin, ghlac Robert Atkinson leis an ainm nuair a fhoilsigh sé an t-eagrán liteagrafach in 1880.[4]

Tá sé aitheanta go forleathan anois, ámh, gurbh bhunainm na lámhscríbhinne ná Lebor na Nuachongbála (Leabhar na Nuachongbhála).[9] Chuir R.I. Best é seo in iúl, agus é tugtha faoi dheara aige gur luaigh Sir James Ware (bás. 1666) sleachta gearra éagsúla ón Leabhar i lámhscríbhinn dá chuid féin, scríofa i dtosach na 17ú haoise.[10] agus é ag fanacht i dtigh Ruairí Uí Mhórdha ag Ballyna, Contae Chill Dara. Ba thiarnaí Nuachongbhála iad clann Uí Mhordha ón 15ú haois ar a laghad, agus ba é seanathair Uí Mhordha a raibh morgáiste aige ar Chluain Eadhnáin, baile Uí Chrimthainn.[11]

Tá fianaise ann a chomhthacaíonn moladh Best i lámhscríbhinn Acadamh Ríoga na hÉireann, MS B. iv. 2,[12] é féin ón 17ú haois. Mar a thug Rudolf Thurneysen faoi dheara,[13] rinne an scríbhneoir cóip de théacsanna ar leith, ag cur le fios gurbh é "Leabhar na h-Ua [sic] Chongbála" an fhoinse.[14]

San lá atá inniu ann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an leabhar anois i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, LS 1339 (olim H 2.18).

Foilsíodh leagan dioplómataic leis an Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus sé imleabhar ann, thar thréimhse 29 mbliana. Leaganacha ar líne:

Ábhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an leabhar ar cheann d'fhoinsí is tábhachtaí de litríocht, ginealas agus miotaseolaíocht Éire na Meánaoise, ina measc:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. LS 1339, ar Meamhram Páipéar Ríomhaire
  2. UCD Ms A3
  3. Best, The Book of Leinster, vol 1, lch. xv.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 4.5 Hellmuth, "Lebor Laignech", ll. 1125-6.
  5. Tír Dhá Ghlas ar logainm.ie
  6. Sean-Ghaeilge: Diarmait mac Murchada
  7. Sráid Bhaile, Co. Laoise ar logainm.ie
  8. Cluain Eidhneach, Co. Laoise ar logainm.ie
  9. An Nuachongbháil, Co. Laoise ar logainm.ie
  10. British Library, Londain, cód seilf Add. MS 4821.
  11. Best, The Book of Leinster, iml 1, ll. xi–xvii.
  12. RIA MS B iv 2
  13. Thurneysen, Die irische Helden- und Königsage bis zum 17. Jahrhundert, lch. 34.
  14. Mar shampla, RIA MS B iv 2, lch. 120