Rawlinson B 502

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Lámhscríbhinn í seo aitheanta scaití mar Leabhar Ghleann Dá Loch. Lámhscríbhinn eile aitheanta scaití mar an gcéanna is ea an Leabhar Laighneach

Lámhscríbhinn Ghaelach na meánaoise is ea Rawlinson B 502[1] a caomhnaítear anois sa Bodleian Library, Oxford. Is é ar cheann de thrí mhórshaothar ar marthain déanta i nÉirinn roimh theacht na Normannach, an dá leabhar éile ná Leabhar na hUidhre agus an Leabhar Laighneach.

De réir roinnt scoláirí, is éard atá ann i Rawlinson B 502, go háirithe a dheara cuid, ná an saothar Leabhar Glinne Dá Locha (nó Ghleann), luaite i roinnt foinsí meánaoisacha agus luath-nua-aimsire. Níl scoláire eile ar aon ghuth ámh.

Deir Brian Ó Cuív gurb í ar cheann desna na lámhscríbhinní Gaelacha na meánaoise atá ar marthain "is tábhachtaí agus is áille ... gan dabht is breátha".[2] Pádraig Ó Riain states "... foinse luachmhar eolais ... maidir leis an gcomhthionól i nGleann Dá Loch tuairim is an bhliain 1131, agus finné breá ... ar an ardchaighdeán scoláireachta bainte amach ag an ionad manach úd."[3]

Stair agus struchtúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa lámhscríbhinn mar a caomhnaítear inniu í, faightear dhá choidéacs, a bhí ar dtús dhá saothar éagsúla.[4] Ceanglaíodh le cheirt iad am éigin roimh an mbliain 1648.[5] Rinneadh é seo ar iarratas a seilbheoir, an t-ársaitheoir Éireannach Sir James Ware (bás 1666), a raibh deabhailiúcháin lámhscríbhinní Gaelacha aige a bhuí le Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (bás 1671).[5] Chuir Ware roinnt leathanach isteach, le tráchtas as Laidin go formhór ar ghnéithe staire Gaelaí, idir an dá lámhscríbhinn (ff. 13–18), is amhlaidh chun cuma saothar éagsúil a choimeád.[5] Cuireadh tuilleadh fóiliónna pháipéir ag deireadh na dara lámhscríbhinne (ff. 90–103), le nótaí agus trascríbhinní, cuid de as Laidin.[5] Tá 175 fóilió anois ann, leathnaigh an cheanglóra san áireamh.

Tiomsaíodh an chéad lámhscríbhinn, fóiliónna 1-12v, déanach sa 11ú haois nó b'fhéidir ag tús na 12ú haois.[5][6][7] Cuireann an dea-mhionchló, scríofa i ndá cholún, dhá scríobhaí in iúl, agus cuireadh gluaisenna ann ag lámha eile. Tá duine desna scríobhaithe aitheanta mar an té "H" a chuir gluaiseanna i Leabhar na hUidhre. D'fhéadfadh é dá bharr go ndearnadh an chuid seo den tsaothar sa tigh screaptra mainistreach Chluain Mhic Nóis, Co. Uíbh Fhailí.[5]

Scríobhadh an chuid is mó de Rawlinson B 502, .i. ff. 19–89, ag aon scríobhaí amháin i lár na 12ú haoise.[5] Is é Tairrdelbach Ua Conchobair (réimeas 1106–1156) rí deireanach na gConnacht a fhaightear ann.[7]

Ar gach leathanach tá dhá cholún scríofa as mionchló Gaelach.[8] Tá ardchaighdeán callagrafaíochta ann, le roinnt maisiúchán. Ullmhaíodh go maith an phár, cé go bhfuil cuma chaite ar an lámhscríbhinn anois, agus tá roinnt fóiliónna anois caillte.[5] Is amhlaidh as ucht a chuid ábhar go ndearnadh an lámhscríbhinn i mainistir Laighneach, agus moltar mar shampla Cill Uisean i gContae Laoise.[5]

Chuir James Ware a bhailiúchán ar aghaidh chuid a mhac, a dhíol é le hEdward Hyde. Cuireadh ar aghaidh é in am trátha chuig James Brydges, a dhíol roint dá lámhscríbhinní, san áireamh Rawlinson B 502 mar a ghlaoitear anois uirthi, le Dr Richard Rawlinson (bás 1755). Tiomnaíodh bailiúcháin Rawlinson ag St John's College, Oxford, as ar tháinig sí sa bhliain 1756 sa Bodleian Library isteach.[5]

Sa bhliain 1909, d'fhoilsigh Kuno Meyer leagan facsamhla collachló desna leathnaigh phárpháipéir, le réamhrá agus innéacs, curtha amach ag by Clarendon Press.[9] Sa bhliain 2000 i leith, foilsíodh leaganacha digiteacha ag an tionscadal Early Manuscripts at Oxford University, anois faoi réir an Oxford Digital Library. Tá idir phárpháipéar agus pháipéar sna leathanaigh scanta, seachas na fóiliónna páipéir den 17ú haois ar ff. 105–171.[10]

Ábhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear sa chéad lámhscríbhinn cóip d'Annála Uí Thiarnaigh, ina bhfuil blúirín den Chronicle of Ireland mar a ghlaoitear air, stair an domhain as Laidin agus Gaeilge, bunaithe air staraithe amhail is Eusebius agus Orosius.[4] Is easnamhach é an téacs agus ag a thús (aiceifealach) agus a dheireadh, rud a thugann le fios go bhfuil fóiliónna eile ar iarraidh.[4]

Ag tús an dara lámhscríbhinn tá sraith dhánta as MeánGhaeilge, dar teideal Saltair na Rann, agus ina diaidh athleagan den Sex Aetates Mundi (Gaelach) agus an dán Amra Coluimb Chille. Tá sa lámhscríbhinn go leor scéalta de chuid Scéalaíocht na Ríthe, agus tá roinnt díobh bailithe le chruinne faoin teideal Scélshenchas Laigen, agus an chéad scéal ann ná Orgain Denna Ríg. Faightear sa sraith seo an cóip is fearr atá ar marthain de leagan "A" de Tairired na nDéssi.[11] Tá sraith eile filíochta tuata de téacsanna na Laighean faoin teideal Laídshenchas Laigen. I measc téacsanna fileata eile tá na dánta eagna Immacallam in dá Thuarad agus Gúbretha Caratniad.

Is ar cheann de dhá lámhscríbhinn réamhNormannach atá ina bhfoinsí ginealaigh, an ceann eile ná an Leabhar Laighneach. Caomhnaítear fosta roinnt Early Irish law amhail is an dréacht Cóic Conara Fugill.

Seo á leanas tuilleadh sonraí ar ábhar an tsaothair:

Leathanaigh fhacsamhla

  1. 1a-b
  2. 81b-82a
  3. 82a-b
  4. 82b-83a
  5. 87a-88a
  6. 88a
  7. 107b-112b
  8. 130b-131b
  9. 131b-133b
  10. 133b-134a
  11. 134a
  12. 134b
  13. 138a

Tagairtí CELT

  1. G202007 ar CELT
  2. G202010 ar CELT
  3. G100061 ar CELT
  4. G100048 ar CELT

Easaontas staire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cúis achrainn é ainm agus foinse na lámhscríbhinne, i bhfad sular ghlac Rawlinson seilbh uirthi.

Saltair na Rann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Sir James Ware féin trácht ar an dara cuid mar Saltair na Rann le hÓengus Céile Dé, ainmnithe as an saothair reiligiúnach ag tús an chéad fóilió (f. 19): "Oengus Celide, Author antiquus, qui in libro dicto Psalter-narran"[12] agus freisin, "vulgo Psalter Narran appellatur".[13] Is amhlaidh gur luaigh comhaoisigh Ware, John Colgan (bás 1658) agus Seathrún Céitinn (bás 1644), an lámhscríbhinn uilig faoin teideal úd.[12] Luann Céitinn an teideal seo faoi thrí ina shaothar Foras Feasa ar Éirinn, á lua mar fhoinse don dán le tús Uí Néill uile ar cúl Choluim i Leabhar III.[14] Níos casta fós, ní fhaightear an dán seo i Rawlinson B 502, ach thug Breatnach aird ar easpa roinnt fóiliónna, agus gurbh é sin b'fhéidir cúis chaille an dáin.[15]

Ní fios an raibh gnás ann roimh an 17ú haois a thug Saltair na Rann mar teideal ar an gcuid seo. Mhol Caoimhín Breatnach go raibh, ach chuir Pádraig Ó Riain an milleán ar Ware, gur chum sé an teideal mar ghearrscríobh áisiúil sna 1630idí, agus gur ghlac scríbhneoirí eile é.[3]

Lebar Glinne Dá Locha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh an cás gurb ionann iad Rawlinson B 502 (cuid a dó) agus an lámhscríbhinn luaite mar Lebar Glinne Dá Locha (Leabhar Ghleann Dá Loch).[16] Tá an scéal níos casta de bhrí gur glaodh an t-ainm úd ar an Leabhar Laighneach, fosta.

Seo a leanas tagairtí a rinneadh í lámhscríbhinn éagsúla do Leabhar Ghleann Dá Loch:

Mhol scoláirí amhail is Eugene O'Curry (1861) agus James Carney (1964) an cás sainaitheanta, agus leis an lámh is láidre ag le Pádraig Ó Riain.[20] Thug sé faoi ndeara an dlúthghaol idir téacsanna a luann Leabhar Ghleann Dá Loch mar fhoinse, amhail is an chéad dá cheann luaite thuas, a leaganacha i Rawlinson B 502. Cáineann Caoimhín Breatnach a mhodheolaíocht ámh, agus tháinig sé ar an tuairim gur dhá lámhscríbhinn éagsúla iad Lebar Glinne Dá Locha agus Rawlinson B 502.

Fianaise thábhachtach sa chás seo is ea an dán Cia lín don rígraid ráin ruaid, caomhnaithe i dtrí lámhscríbhinn: Rawlinson B 502, ARÉ 23 D 17 agus LNÉ G 3. I Rawlinson B 502, faightear é leabaithe in alt maidir le ríthe diaganta agus réamhrá próis ina theannta, chomh maith le nótaí imill.[18] Dán leaganacha in ARÉ 23 D 17 agus LNÉ G 3, luann an scríobhaí go follasach Lebar Glinne Dá Locha mar fhoinse, ach ní fhaightear iontu an comhthéacs le fáil i Rawlinson B 502.[18] Molann Breatnach gur dóigh é go raibh comhfhoinse ag an mbeirt.[18]

Léiríonn Breatnach go ndéanann Seathrún Céitinn idirdhealú idir Saltair na Rann le hÓengus Céile Dé, .i. Rawlinson B 502 (cuid a dó), agus Leabhar Ghleann Dá Loch.[15] Ní ghlacann Ó Riain le seo, ámh, ag tabhairt le fios nach ndeir Céitinn go raibh na lámhscríbhinní feicthe aige féin, agus dá bharr b'fhéidir é nach raibh a dhia aige gurbh ionann an lámhscríbhinna bhí aige agus Leabhar Ghleann Dá Loch.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagrán dioplómaitiúil agus athchló digiteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Meyer, Kuno (eag.) (1909). "Rawlinson B 502: A Collection of Pieces in Prose and Verse in the Irish Language compiled during the Eleventh and Twelfth Centuries now published in Facsimile from the Original Manuscript in the Bodleian Library". Oxford: Clarendon. 
  • "Bodleian Library: MS. Rawl. B. 502". Early Manuscripts at Oxford University (2000).
  • G105003, CELT, CnOC.

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Breatnach, Caoimhín (1997). "Rawlinson B 502, Lebar Glinne Dá Locha and Saltair na Rann". Éigse 30: 109–32. 
  • Byrne, Francis J. (eag.) (1979). "A Thousand Years of Irish Script. An Exhibition of Irish Manuscripts in Oxford Libraries". 
  • Ó Cuív, B. (Márta 2001). "Catalogue of Irish Language Manuscripts in the Bodleian Library at Oxford and Oxford College Libraries". 
  • Ó Néill, Pádraig (1977–1979). "Airbertach mac Cosse's Poem on the Psalter". Éigse 17: 19–46. 
  • Ó Riain, Pádraig (1981). "The Book of Glendalough or Rawlinson B 502". Éigse 18: 161–76. 
  • Ó Riain, Pádraig (1982). "NLI G 2, f. 3 and the Book of Glendalough". Zeitschrift für celtische Philologie 39: 29–32. 
  • Ó Riain, Pádraig (1999). "Rawlinson B 502 alias Lebar Glinne Dá Locha: a restatement of the case". Zeitschrift für celtische Philologie 51: 130–47. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Lua iomlán: Oxford, Bodleian Library, Rawlinson B 502
  2. Ó Cuív, Catalogue of Irish Language Manuscripts in the Bodleian Library at Oxford and Oxford College Libraries, lch. 172
  3. 3.0 3.1 Ó Riain, "The Book of Glendalough: a continuing investigation", lch. 87.
  4. 4.0 4.1 4.2 Breatnach, "Rawlinson B 502", lch. 400.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 5.6 5.7 5.8 5.9 Hellmuth, "Rawlinson B 502", lch. 1475
  6. Oskamp, "The first twelve folia", lch. 56.
  7. 7.0 7.1 Breatnach, "Rawlinson B 502", lch. 399.
  8. Ó Riain, "The Book of Glendalough: a continuing investigation", lch. 71.
  9. Meyer, Rawlinson B 502: a collection of pieces in prose and verse in the Irish language compiled during the eleventh and twelfth Centuries.
  10. Early Manuscripts at Oxford University.
  11. Meyer, lch. 102.
  12. 12.0 12.1 Breatnach, "Manuscript sources and methodology", lch. 41-2.
  13. Ó Riain, "The Book of Glendalough: a continuing investigation", lch. 80.
  14. Ó Riain, "The Book of Glendalough: a continuing investigation", lch. 81.
  15. 15.0 15.1 Breatnach, "Manuscript sources and methodology", lch. 44.
  16. Lebar Glinne Dá Locha, ID 15011 ar CODECS
  17. 17.0 17.1 Ó Riain, "The Book of Glendalough: a continuing investigation", ll. 74-5.
  18. 18.0 18.1 18.2 18.3 Breatnach, "Manuscript sources and methodology", ll. 40–1
  19. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn I, eag. David Comyn, lch. 78
  20. Hellmuth, "Rawlinson B 502", lch. 1476.