Jump to content

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(ga) Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Sonraí
CineálLeabharlann náisiúnta agus músaem náisiúnta
Foirgníocht1877 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
SuíomhSráid Chill Dara
Map
 53°20′28″N 6°15′16″W / 53.341111111111°N 6.2544444444444°W / 53.341111111111; -6.2544444444444
Suíomh gréasáin oifigiúilnli.ie
Facebook: NationalLibraryofIreland Twitter: NLIreland Flickr: nlireland Cuir in eagar ar Wikidata

Leabharlann Éireannach í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (National Library of Ireland) atá suite i mBaile Átha Cliath, i bhfoirgneamh a bhí deartha ag an ailtire Thomas Newenham Deane.

Ní thugann an Leabharlann leabhair ar iasacht, agus is sna seomraí léitheoireachta éagsúla a dhéantar an léitheoireacht.

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é misean na Leabharlainne an taifead doiciméadach agus intleachtach ar shaol na hÉireann a bhailiú, a chaomhnú, a chur chun cinn agus a chur ar fáil agus cur le rochtain a sholáthar ar an domhan mór d’eolas taifeadta.[1]

An tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta atá freagrach as inniu.

Seirbhísí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cuid den Leabharlann Náisiúnta iad an Oifig Ginealais, Oifig an Phríomh-Arailt ar Shráid Chill Dara, agus an Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i mBarra an Teampaill.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh an Dublin Science and Art Museum Act, 1877, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.[2] Bhí foráil san Acht gur chóir móramh na mbailiúchán a bhí i seilbh Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath a dhílsiú sa Roinn Eolaíochta agus Ealaíon, mar a bhí ann ag an am, ar mhaithe leis an bpobal agus leis an gCumann, agus chun críocha an Achta.

Ar 29 Lúnasa 1890, osclaíodh an Leabharlann nua, le seó agus le ceiliúradh nach bhfacthas roimhe.[3] Dhear Thomas Newenham Deane an foirgneamh ar Shráid Chill Dara. Baineadh úsáid as chun an ceardaíocht nua-aoiseach na hÉireann, na Breataine agus na Mór-Roinne a thaispeáint sa tógáil.[4][5]

Raymond le Gros, Expugnatio Hibernica le Giraldus de Barr

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 nli. "About the Library" (ga). www.nli.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-31. Dáta rochtana: 2021-08-30.
  2. NLI. "History of the Library" (ga). www.nli.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-31. Dáta rochtana: 2021-08-30.
  3. "History today" (en-GB). www.irishartsreview.com. Dáta rochtana: 2021-08-30.
  4. "Pop-ups and trails to mark 125 years of NMI" (as en) (2015-08-20). 
  5. "A Magnificent Pile! A brief architectural tour of the main library building". blog.nli.ie. Dáta rochtana: 2021-08-31.