Toirdhealbhach Ua Conchobhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Toirdhealbhach Ua Conchobhair
Saol
Eolas breithe Cúige Chonnacht, 1088 (Gregorian)
Náisiúntacht Éire
Bás 1156 (Gregorian)
Muintir
Athair Ruaidrí na Saide Buide
Céile/Céilí Durcloulagh O'Mulroony (en) Aistrigh
Tailltin O'Melaghlin (en) Aistrigh
Dervorgilla McLoughlin (en) Aistrigh  (1131 (Gregorian) -
Páistí
Siblíní
Treibh Ó Conchubhair Donn (en) Aistrigh
Gairm
Gairm
Creideamh
Reiligiúin Caitliceachas
Cros Chongaː choimisiúnaigh Toirdhealbhach an bhachall a dhéanamh

Ard-Rí ar Éirinn ó 1119 go 1156 ab ea Toirdhealbhach mac Ruaidhrí Ua Conchobhair. Chaith sé trëimhse fada mar ard-rí, 37 bliain go dtí 1156.[1]

Ríocht Chonnachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Toirdhealbhach sa bhliain 1088 i gCúige Chonnachta. Ghabh sé an chumhacht i ríocht Chonnachta sa bhliain 1106, Tháinig sé i gcumhacht sa chúige trí chaisliú an tír agus polaitíocht glic. Rrinne sé socrú leis an ard-rí ag an t-am sin, Muircheartach Ua Briain ó Mumhan.

Nuair a tháinig tinneas ar Mhuircheartach sa bhliain 1114, bhí teideal an Ard-Rí le baint amach, agus rug Toirdhealbhach ar an bhfaill ag an am ceart. Mháirseáil sé ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1118 agus ghabh sé an chumhacht le lámh láidir.

Árd Rí na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis bás Muircheartach Ua Briain in 1118, d’fhéach Toirdhealbhach chuige, ag Conradh Ghleann Maghair in 1118, go roinnfí Cúige Mumhan ina dhá chuid, Tuamhain agus Deasumhain. Mar sin, bhí Mumhan roinnte idir shliocht Ua Briain i tuaisceart an chúige agus shliocht an Eógánacht i ndeisceart an chúige. Bhí Mumhain lagaithe dá bharr.

Choimisiúnaigh Toirdhealbhach Cros Chonga a dhéanamh sa bhliain 1123. Tá an bhachall ina sheoda iontach agus bhí an rí ag léiriú a shaibhreas agus a chumhacht trína hordú. Bhí sé ag maíomh gur chóír go mbeadh a hardeaspag féin ag Connachta, rud nach raibh ag an am sin. Trí phátrúnacht a thabhairt don eaglais ar an mbealach seo, d'fhéadfadh an rí a bheith ag súil le tacaíocht ón eaglais dá mhianta polaitiúla.[2]

In 1124 a thóg sé an dún ag bun abhainn na Gaillimhe (abhainn na Coiribe anois), cóngarach don áit inar tógadh an chathair chloiche ina dhiaidh sin.

cuireadh Toirdhealbach i gCluain Mhic Nóis

Chuir Toirdhealbhach maoiniú ar fáil do go leor foirgneamh eile chomh maith, mar shampla an chéad ardeaglais i dTuaim agus mainistir Chonga.

Sna blianta in a dhiaidh 1140, bhí sé i gcoimhlint le Muircheartach Mac Lochlainn, rí Chineal Eoghain i gcríocha na hUí Néill sa tuaisceart. Choimead Toirdhealbhach a héileamh ar an ríocht. Ach i ndáiríre bhí Mac Lochlainn chomh cumhachtach leis faoin am seo.

Meath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1154, briseadh fórsaí Toirdhealbach i gcogadh mara in aice Inis Eoghain, agus cailleadh ríocht Áth Cliath go Muircheartach Mac Lochlainn.[3]

Tháinig deireadh ré ina dhiaidh sin, áfach sa mhéid is gurbh é a mhac Ruairí, a bhí ina ard-rí gaelach deireanach ar an tír. Fuair Toirdhealbhach bás i 1156, 68 bliain in aois dó, agus cuireadh é i gCluain Mhic Nóis.

Toirdhealbhach Ua Conchobhair, Ard Rí

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Gaillimh nó Luimneach? Toirdhealbhach Ua Conchobhar agus King John" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-05-20.
  2. "Cén Fáth a Rinneadh an Chros | Ard-Mhúsaem na hÉireann" (en). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2020-05-20.
  3. "Turlough ‎Mór O'Conor (abt.1088-1156) | WikiTree FREE Family Tree". www.wikitree.com. Dáta rochtana: 2020-05-20.