Tuamhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ríocht Ghaelach na meánaoise ba ea Tuamhain (Gaeilge Chlasaiceach Tuadhmhumhain), a bhí bainteach go geografach le Contae an Chláir agus Contae Luimnigh, chomh maith le codanna de Chontae Thiobraid Árann timpeall an Aonaigh agus a chúlchríoch, mar atá inniu ann. Tír dhúchais na nDál gCais ab ea an ríocht, cé go raibh Gaeil eile sa cheantar, amhail is Éile Eoghanachta, agus Lochlannaigh Luimnigh, fiú. Bunaíodh Tuamhain agus Deasmhumhain tar éis chliseadh Ríocht na Mumhan sa 12ú haois de bharr achrann idir Uí Bhriain agus Mic Cárthaigh. Bhíodh sé ann lastigh de Thiarnas Angla-Normanach na hÉireann go dtí an 16ú haois.

Tuamhain roimh theacht na Normannach

Maidir le bunús na ríochta, ó thús mar chuid de chúige Mumhan, ní fios é go cruinn. Creidtear gur lonnaigh an Déise Mumhan ann ón 5ú go luath san 8ú haois, ag ionradh as an oirdheisceart, ag gabháil an cheantair ó Uí Fiachrach Aidhne na gConnacht. Faoi dheiridh, d'éirigh an Dál gCais i gceannas sa Mumhan go léir Munster, agus na hEoghanachta ag dul i léig. Ba e Brian Bóramha, Ard-Rí na hÉireann, agus mór le tá as ucht a gaiscí i gCath Chluain Tarbh, an té is cáiliúla san fheachtas seo. Ceithre glúin agus trí Ard-Rí eile ina dhiaidh, níorbh ar chumas an Dáil Chais an Mhumha go léir a choimeád leo féin, agus bunaíodh Tuamhain mar slánaonad as a thoil féin.

Claíomh Nuadha

Idir lár na 12ú agus deireadh na 13ú n-aoiseanna, agus mórchuid d'Éirinn faoi cheannas agus/nó lonnaíocht na Sasanach, tháinig Tuamhain faoi réir an tréimhse Angla-Éireannaigh. Lonnaigh an chlann de Clare ag Bun Raite, fad is a rinne na clanna Buitléir agus FitzGerald ruathair chomh maith. Tar éis Chath an Dísirt, ámh, athbunaíodh Tuamhain mar ríocht, agus Luimneach san áireamh. Níor ghéill rítheaghlach Uí Briain do riail na Sasanach go dtí na 1540í.

Airm Éireann

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]