Eoghanachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Teimpléad:Bosca eolais rítheaghlac.

Ríora Gaelach bunaithe i gCaiseal ab ea na hEoghanachta (Meán-Ghaeilge Eóganachta). Bhíodh siar i gceannas i ndeisceart na hÉireann, mar atá Ríocht na Mumhan, óna 6/7ú go 10ú haoiseanna,[1] agus ina dhiaidh sin, i bhfoirm laghdaithe, an Ríocht Deasmhumhan, agus a fho-ríocht Cairbrigh, go dtí déanach sa 16ú haois.

Rock of Cashel - 15.jpg

Deirtear de réir nóis gurbh e Conall Corc bunaitheoir an ríora, ach ainmnithe sa a shinsear Eoghan, chéadpháiste an rí leathstairiúil 3ú haois, Ailill Ólom. Bhunaigh sé a ionad ríoga ag Caiseal seat déanach sa 5ú haois.[2]

Ard Ríogacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go raibh na hEoghanachta i gceannas thar críocha móra i Mumhain, níor aithníodh go forleathan iad mar Ard-Ríthe na hÉireannRíthe na Teamhrach, óir níor mhuintir Uí Néill iad. Thug Cathal mac Finguine agus Feidlimid mac Cremthanin a ndúshlán ámh do cheannaireacht Uí Néill.

De réir an Fhéineachais, ní raibh a leithéid de rud agus Ard-Ríogacht na hÉireann.[3][4] Sa Mumhain, adhered to na hannálaithe go follasach an smaoineamh dlí seo, agus thug siad "ard rí" ar ríthe na gcúigí, ag cur béime ar a bhflaitheas absalóideach.[5] Sa 9ú haois, agus smaoineamh Ard Ríogaíocht na hÉireann á fhorbairt ag an gclann Uí Néill, chuir ríthe na Mumhan béim ar a gcearta ar an teideal, nó in ionad sin, flaitheas iomlán i Leath Mhogha, na críocha taobh ó dheas de líne idir Áth Cliath agus Gaillimh.[6]

Rithe na Mumhan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Finnín mac Aodha Dhuibh na nEoghanacht ina rí na Mumhan (bás 618), agus líne fhireann dhíreach Uí Shuilleabháin is ea é. Bhí a mhac Seachnasach too of chun teacht i gcomharbacht air. Tháinig a dheartháir Faílbhe Flann mac Aodha Dhuibh, sinsear díreach Mhic Cárthaigh. Sa chlár Roll of "Ríthe na Mumhan", faoi "Ríthe Cúige", feictear Finnín uimhir 14 agus Failbhe uimhir 16.

Taoisigh shéimhe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar gur taoisigh séimhe agus ardnósacha iad na hEoghanachta i gcomórtas le cúigí eile na hÉireann. Ní ansin gurbh an chúige is saibhre ab ea cúige Mumhan, ach lig na hEóganachta do ríochtaí iarchumhachta, mar shampla an Chorca Laidhe, cuid mhaith stádais agus díolúine chánach.[7]

Sliocht ársa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caiseal le linn an tsamhraidh, 1986.

Is doiléir é a mbunúis, ach b'fhéidir gur as an nGaill iad.[3][8] De réir scéal bunúis dá gcuid féin (Laud 610), de shliocht Eibhir, mac is sine Mhíl Espáine, sinsear na nGael, ab ea iad.

Luaitear scaití i luathfhoinsí na prót-Eoghanachta, ó ré Mogh Nuadhad go ré Chriomhthainn mhic Fiodhaigh agus Conaill Choirc, mar na Deirgthine. Is é inscríbhinní Oghaim an fhianaise is luaite atá ann dosna Deirgthine.[3][8] Is amhlaidh go raibh ar dtús ina ngéillsinigh na nDáirine, dream troda a raibh ina gcoil ceathrar na nUlaid. Sa ré stairiúil, ba é an Chorca Laidhe an chine is suntasaí ná nDáirine. Tháinig na Deirgthine i gceannas orthu siúd i rith na 7ú haoise, lagtha agus a gceannassa fada ar an Osraí, caillte acu, is amhlaidh le cabhair Uí Néill.

Bhain na hEoghanachta a stádas amach de dheasca sofaisticiúlachta polaitiúla agus geilleagraí, ní de bharr concais mhíleata. Bhí Éire i gceannas roinnt cumhachtaí naimhdeach, nárbh fhéidir leo a ndúshlán a thabhairt dóibh ina n-aonar, ach d'éirigh leo ciní eile a thabhairt isteach leo mar ardtiarnaí. Mar thoradh, scaradh an Dáirine, ansin is mó an Chorca Laidhe, óna gcoil ceathrar.

De réir a chéile, bailigh ná hEoghanachta vasáilligh fhabhraithe tharstu, amhail is an Múscraí, a bheadh ina bpríomhfhoinse ioncaim chomh maith le cosaint in aghaidh ríochtaí eile,[3][9] agus an dream cáiliúil níos dearanaí, Déise an Tuiscirt, as a dtiocfadh Brian Bóramha. D'fhéadfadh é gurbh as an nGaill iad Déise na Mumhan de Chontae Phort Láirge mar chuid dá stair choiteann leis na hEoghanachta.[3]

Dream cumhachtach eile i luathré na Mumhan ab ea an Mairtine, a raibh a bpríomhchathair acu ag ImleachImlech Ibair, a aitheanta ar dtús mar Medón Mairtine (Meán).[10] In am trátha ba é siúd príomheaglais na nEoghanacht.[11]

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach

Rítheaghlaigh, clanna agus sloinnte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go formhór deasghnách ab ea an ríogacht Chaisil. Cé nach mbíodh ríthe de ghnáth trodach, dhéanadh siad a ndícheall chun ceannas polaitiúil a bhaint amach. Thugtaí rath mór d'fho-ríochta ar son aitheantas ardcheannas Caisil.[3] Mhalartaíodh iad is cumhachtaí giallaigh le Rí Caisil. Though subjects, de réir dlí bhídís saor agus in ann deireadh a chur leis an gconradh.[3]

Is féidir rítheaghlaigh na nEoghanacht a roinnt ina dtrí: an Ciorcal Istigh, an Ciorcal Amuigh agus clanna díothaithe.

Luath-phearsana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig caighdeán scríbhneoireacht stairiúil agus ghinealaigh na nEoghanachta i bhfeabhas sa dara mílaois faoi Mhic Cárthaigh, ach faightear fadbhanna fós ann.

Bíodh sin mar atá, is iad seo a leanas ríthe is luaite na nEoghanachta, de shliocht Chonaill Choirc:

Rítheaghlaigh: ciorcal istigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig gach rí Chaisil a bheag nó a mhór ón 5ú go dtí an 10ú haois as an trí rítheaghlach a leanas.

Bhunaigh níos dearanaí an Eoghanacht Chaisil faoi cheannas Mhic Cárthaigh an Ríocht Deasmhumhan níos cumasaí ach gann ar fhoireann. Bhí Uí Shúilleabháin na tiarnaí is cumhachtaí fúthu. Bhí Uí Chaoimh den Eoghanacht Ghleanndamhnach ina saighdiúirí móra in airm Gaelacha agus ar an Mór-roinn. Thuill Uí Cheallacháin clú díobh féin le déanaí. Fo iad siúd ab ea Mhic Amhlaoibh agus Mhic Giolla Chuda. Bhánaigh Concas na Normannach Uí Chiarba Eoghanachta Áine.

Rítheaghlaigh: ciorcal amuigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ross Castle, dún Uí Dhonnchadha, Cill Áirne, Contae Chiarraí.

Bhíodh cónaí ar an dá rítheaghlach "amuigh" siar agus ó dheas ó na tuatha lárnaigh. Is féidir a dhiúltú, ámh, aon iarracht iad a chur in aicme níos ísle ná an ciorcal istigh.

Cé gurbh é Conall Corc a sinsear, agus dá bharr bhí an ceart acu bheith ina ríthe, i ndáiríre coinneodh amach as Caiseal iad. Ní léir é ámh arbh é seo de bharr a suímh.[12] Dá mbeadh rí amuigh cumhachtach ann, d'éireodh sé ina Rí de facto na Mumhan, ach de ghnáth, dhiúltaíodh an lár iad a aithint. Mar thoradh, bhíodh an-achrann idir Caiseal agus Eoghanacht Locha Léin (b'fhéidir de bharr naisc leis na [Cruithnigh]]), agus briseadh a gcumhacht ar deireadh.[3]

Ní raibh an Eoghanacht Raithlinn chomh trodach sin, agus dá bharr thángadar slán faoi cheannas Uí Mathúna fad insan 2a mílaois. D'éireodh Uí Dhonnchadha, d'Eoghanacht Raithlinn ó dhúchas, ina dtaoisigh Eoghanacht Locha Léin, agus tá siad fós ann i measc uaisle Gaelacha, ar bhíthin Tiarna Ghleann Fleisce (féach thíos).

Luaitear an Eoghanacht Raithlinn, the Eoghanacht Locha Léin, and the Uí Fidgenti-Liatháin (féach thíos) le chéile mar na Trí Eoghanachta na Mumhan sa scéal luath-mheánaoiseach Tairired na nDéisi.[3][13] Is ait é seo, óir gur de shliocht Chonaill Choirc agus ní Dáire Cearba iad an chéad dhá dhream, ach b'fhéidir go bhfuiltear ag churin iúl ach gur chiníocha saora iad siúd, i gcomórtas leis na Déise ar ghá dóibh cíos a íoc.

De réir anailís ADN ar na hUí Chonaill as Contae Chiarraí, is amhlaidh go raibh gaol Eoghanachta acu, go gar leis na hUí Dhonnchadha, cé go gcuirtear leis na hUí Fidgenti-Liatháin i roinnt luathfhoinsí.[14]

Clanna díothaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt clann atá díothaithe agus/nó neamhdheimhnithe:

Sloinnte[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc sloinnte Eoghanacht, agus na Mumhan, tá:

Tá tuairim is 150 sloinne ríoga Gaelacha ar marthain, agus dóibh siúd, faightear tuairim is 30 ainm Eoghanachta. Go minic áfach, tá na ginealaigh go huile is go hiomlán trí chéile, agus tá sé deacair nó dodhéanta dá bharr a rá cé a bhaineann le cén chlann,[3] nó fiú an Eoghanacht iad. Ar fhianaise na n-annál, tá athrú, deargbhréag agus scrios amach is amach iontu, ar a laghad sa luath ré[17] (cé go bhfaightear an fhadhb chéanna i nginealaigh na gConnacht agus na Laighean[3]).

Craobh ginealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ríthe Muimhneach na nEoghanacht.[18]

Eastern Crown.svg
Conall Corc
a quo Eoghanachta
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Eastern Crown.svg
-453
Nad Froích
Mac Cass
a quo
Eóganacht Raithlind
Coirpre Luachra
a quo
Eóganacht Locha Léin
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Eastern Crown.svg
453–489
Óengus
Ailill
a quo
Eóganacht Áine
Echu
a quo
Uí Echach Muman
Maithne
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
BressalEastern Crown.svg
500-522
Eochaid
Eastern Crown.svg
489–500
Feidilmid
a quo
Eoghanacht Chaisil
CrimthannCrimthannEastern Crown.svg
Dauí Iarlaithe
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
EochaidCrimthann Airthir Cliach
a quo
Eóganacht Airthir Cliach
Eastern Crown.svg
522–542
Crimthann Srem Feimin
a quo
Eóganacht Glendamnach
CrimthannÉndae
a quo
Uí Énda
Lóegaire
a quo
Uí Láegairi
Áed Ualgarb
a quo
Cenél nÁeda
Cobthach
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
FurudránCormac SriadbergEastern Crown.svg
577–582
Fergus Scandal
Eastern Crown.svg
542–577
Coirpre Cromm
Áed DubEastern Crown.svg
596–601
Garbán
Eastern Crown.svg
596–601
Amalgaid
Áed OsraigeTigernachCrimthann
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Dub IndrechtCrundmáelÁed Fland CathrachEastern Crown.svg
577–596
Feidlimid mac Coirpri Chruimm
Eastern Crown.svg
627–639
Failbe Fland
Eastern Crown.svg
639–641
Cuán
Coirpre RiastrainEastern Crown.svg
582-588
Feidlimid
Eastern Crown.svg
618-618
Áed Bennán
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
DúnchadCellachEastern Crown.svg
618–627
Cathal
SechnussachEastern Crown.svg
641-661
Máenach
Eastern Crown.svg
665–678
Colgú
Máel UmaiClárenechCenn FáeladCummíne
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
ColmánMugthigernEastern Crown.svg
661–665
Cathal Cú-cen-máthair
RechtabraColmánAilillNad FraíchEastern Crown.svg
712–721
Eterscél
UisnechSelbachFergusConaing
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
EochaidMurchadEastern Crown.svg
678–696
Finguine
Eastern Crown.svg
696-701
Ailill
FlannDub-dá-CrichEastern Crown.svg
701–712
Cormac
FáelgusSnédgusEastern Crown.svg
742–769
Cathussach
CathussachÉladachBécc
a quo
Cenél mBécce
Áed
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
AilgileEastern Crown.svg
859–872
Cenn Fáelad hua Mugthigirn
Eastern Crown.svg
721–742
Cathal
IndrechtachCrimthannDúngalachConall
a quo
Cenél Conaill
Dub IndrechtDúnlaingFer-dá-LetheEastern Crown.svg
769–786
Máel Dúin
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
SelbachEastern Crown.svg
805–820
Artrí
MóenachEastern Crown.svg
820–847
Feidlimid
DonngusSnédgusCrundmáelDomnallEastern Crown.svg
786–805
Ólchobar mac Duib-Indrecht
ÁnilteArtgalCongal
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
CuilennánEastern Crown.svg
Tuathal
BranEastern Crown.svg
807–820
Tnúthgal
ArtgalDub-dá-BairennArtgalFlaithniaConnathCináed
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Eastern Crown.svg
902–908
Cormac
Máel FathardaigDonngalLachtnaeLáegaireEastern Crown.svg
872–888
Dúnchad
CorccÓengusAilill BrogaEastern Crown.svg
847–851
Ólchobar
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
DonnchadEastern Crown.svg
851–853
Áilgenán
Eastern Crown.svg
853–859
Máel Gualae
BuadachánEastern Crown.svg
895–902
Finguine Cenn nGécán
CorcránDub-dá-BairennCú Chongelt
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
FlannClérechEastern Crown.svg
888–895
Dub Lachtna
Eastern Crown.svg
–954
Cellachán Caisil
CorcránDomnallConchobar
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Eastern Crown.svg
954–957
Máel Fathardaig
Eastern Crown.svg
959–961
Fer Gráid
DonnchadhCondlígánEastern Crown.svg
957–959
Dub Dá Bairenn
Cathnia
 
 
 
 
 
 
 
 
Eastern Crown.svg
1014–1025
Dúngal Hua Donnchada
SaorbhreathachEastern Crown.svg
944-
Lorcán
Spelán
 
 
 
 
Cárthach
a quo
Mac Cárthaigh
Cian
 
 
 
 
MuireadachBran
 
 
 
 
Eastern Crown.svg
1127–1138
Cormac
Eastern Crown.svg
959–970
976–978

Máel Muad

Ríochtaí eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

I nÉirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aimsíodh Cailís Ardach ag An Riaráiste i gContae Luimnigh, i dtír Uí Fidgenti, 1868.
Príomhailt: Uí Fidgenti agus Uí Liatháin

San áireamh in éineacht leis na hEoghanachta, faightear scaití na hUí Fidgenti agus na hUí Liatháin gaolmhara, chomhghuaillí ársa na nEoghanacht, a d'fhéadfadh a bheith ina nDáirine. B'fhéidir é fosta gur de shliocht Ailealla Flainn Bhig nó Ailealla Óloim iad. Is Eoghanachta imeallacha dá bharr an luath-rí Criomhthann Mór mac Fiodhaigh agus a dheirfiúr Mongfind.

De shliocht Dáire Cearba agus/nó Maine Munchaín ab ea na dreamanna úd, is amhlaidh. Ar aon chuma, is fíor a rá go raibh Uí Fidgenti agus Uí Liatháin ag dul i léig, agus na hEoghanachta ag teacht chun cinn. Faoi théarmaí an chomhaontais, níor ghá dóibh ach chun tacaíocht "onóra" a tabhairt.[3] Mhalartaíodh Uí Fidgenti ámh gialla le rí Caisil, agus is léir gur mhuintir iad ó ré níos luaite.[3][19] Sna ginealaigh is luaite, le fáil in Rawlinson B 502, is de chuid na nEoghanacht iad ar slí éigin, mura mbeadh ann ach trí phósadh.

Bhíodh na hUí Fidgenti (IT) agus na hUí Liatháin (OD) ina gcónaí ar thaobhanna os comhair a chéile na Mumhan, agus na Eoghanacht Áine agus Ghleanndamhnach idir eatarthu (i dteannta leis na Fir Mag Fene). Ligeadh príomhchathair Uíbh Fidgenti ag Dún Eochair, tugtha ag na Dáirine roinnt áiseanna roimh teacht i réim Caisil, mar a insíonn Seathrún Céitinn an scéal.

I nAlbain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pearsa ríoga, gléasta mar impire late antique na Róimhe, ar Sarcafagas Naomh Aindriú, is dócha Aonghas I na gCruithneach.

Moladh é gur de shliocht na nEoghanacht iad Ríthe na gCruithneach. Más fíor, is dócha gurbh Eoghanacht Locha Léin, sinsir Uí Mhuircheartaigh, atá ó gceist anseo. Ní amháin go raibh ríocht chumhachtach agus leathnaitheach acu san Iarmhumhan, ach ina theannta sin, bhí siad as a ndóchas, coinnithe amach ón gciorcal istigh. D'aon oghaim, dúradh gur de shliocht mná Cruithnigh ab ea iad, agus gurbh é seo cúis a gcuid scoiteachta.[3][12]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coimhlint leis na hUí Néill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach:

Coimhlint leis an Dál gCais[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir roinnt nósanna níos dearanaí na Tuamhan, bhí deartháir óg ag Eoghan, darbh ainm Cormac Cas, a quo an Dál gCais agus a ríocht beag ach cumhachtach. Le linn na 10ú haoise, chuir siad na hEoghanachta, a bhí faoi bhrú na Lochlannach agus Uí Néill, as córóin na Mumhan. Ní bhfaigheadh na hEoghanachta agus a gcomhghuaillí é an athuair choiche, ach bhíodh siad fós i réim sa Deasmhumhan le sé aois anuas, go háirithe mic Uí Chárthaigh agus Uí Shúilleabháin. Chloígh siad mic Uí Ghearailt ag Cath Challainn, ag stopadh agus ag tiontú gluaiseacht chun tosaigh na Normannach i nDeasmhumhain isteach.

Féach fosta:

Na Cambra-Normannaigh agus Sasana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach:

Gaoil Eaglaise leis an nGearmáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach:

  • Byrne (2001)

Póstaí agus ginealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach:

  • O'Hart (1892)
  • Cronnelly (1864)
  • Burke (1976)
  • D'Alton (1861)
  • O'Donovan (1856)
  • O'Keeffe (1703)
  • Byrne (2001).

Pearsana níos dearanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eoghanachta an lae inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugann Curley[20] beathaisnéisíní ar tuairim is fiche tiarnaí reatha Gaelacha, go leor acu Eoghanachta nó a gcomhghuaillí, le haitheantas éagsúil ar a chéile. Níltear cinnte faoina bhfuil i ndán dóibh ámh tar éis an scannail cruthaithe ag Terence Francis MacCarthy.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caiseal

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bhreathnach, Edel (eag.), The Kingship and Landscape of Tara. Four Courts Press for The Discovery Programme. 2005, ll. 249, 250 & Historical Early Éoganachta, Table 9, ll. 356, 357.
  • Bugge, Alexander (eag. agus aistr.), Caithreim Cellachain Caisil: The Victorious Career of Cellachan of Cashel Christiania: J. Chr. Gundersens Bogtrykkeri. 1905.
  • Burke, Bernard and Hugh Montgomery-Massingberd, Burke's Irish Family Records, or Burke's Landed Gentry of Ireland. London: Burke's Peerage Ltd. 5ú heagrán, 1976.
  • Byrne, Francis J., Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a heagrán, 2001.
  • Cairney, C. Thomas, Clans and Families of Ireland and Scotland: An Ethnography of the Gael, A.D. 500-1750. Willow Bend Books. 1989.
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press. 2000.
  • Coogan, Tim Pat, Michael Collins: The Man Who Made Ireland. Palgrave Macmillan. 2002, ll. 5-6
  • Cronnelly, Richard F., Irish Family History Part II: A History of the Clan Eoghan, or Eoghanachts. Baile Átha Cliath: 1864.
  • Curley, Walter J.P., Vanishing Kingdoms: The Irish Chiefs and their Families. Baile Átha Cliath: Lilliput Press. 2004.
  • John D'Alton, Illustrations, Historical and Genealogical, of King James's Irish Army List, 1689, 2 iml. Londain: J.R. Smith. 2a heagrán, 1861.
  • Dillon, Myles, The Cycles of the Kings. Oxford. 1946. (Four Courts Press. Eagrán athbhreithnithe, 1995.)
  • —, "The Story of the Finding of Cashel", in Ériu 16 (1952), lch 63.
  • Duffy, Seán (eag.), Medieval Ireland: An Encyclopedia. Routledge. 2005.
  • Eoghanact Septs DNA Project
  • Foster, Roy (eag.), The Oxford Illustrated History of Ireland. Oxford University Press. 2001.
  • Hull, Vernan, "Conall Corc and the Corcu Loígde", in Proceedings of the Modern Languages Association of America 62 (1947), ll. 887-909.
  • —, "The Exile of Conall Corc", in Proceedings of the Modern Languages Association of America 56 (1941), ll. 937-50.
  • Koch, John T. (eag.), Celtic Culture: A Historical Encyclopedia. 5 iml, nó e-leabhar. ABC-CLIO. 2006.
  • Lalor, Brian, The Encyclopedia of Ireland. Yale University Press. 2003.
  • MacLysaght, Edward, Irish Families: Their Names, Arms and Origins. Irish Academic Press. 4ú heagrán, 1998.
  • Mac Niocaill, Gearóid, Ireland before the Vikings. Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan. 1972.
  • Meyer, Kuno (eag. agus aistr.), "The Expulsion of the Dessi", in Y Cymmrodor 14. 1901. pgs. 101-35, le fáil ar maryjones.us
  • — (eag.), "The Laud Genealogies and Tribal Histories", in Zeitschrift für celtische Philologie 8. Halle/Saale, Max Niemeyer. 1912, ll. 291-338.
  • O'Connell Surname DNA Project, Torthaí, go háirithe na torthaí croí "Irish Type II", SNPs A7659 agus A7654
  • Ó Corráin, Donnchadh, "Corcu Loígde: Land and Families", in Cork: History and Society. Interdisciplinary Essays on the History of an Irish County, edited by Patrick O'Flanagan and Cornelius G. Buttimer. Baile Átha Cliath: Geography Publications. 1993.
  • — (eag.), Genealogies from Rawlinson B 502, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh: Corpus of Electronic Texts. 1997.
  • —, Ireland before the Normans. Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan. 1972.
  • —, "Prehistoric and Early Christian Ireland", in Foster, Roy (eag.), The Oxford Illustrated History of Ireland. Oxford University Press. 2001, ll. 1-52.
  • Ó Cróinín, Dáibhí (eag.), A New History of Ireland: Prehistoric and Early Ireland, Vol. 1. Oxford University Press. 2005.
  • O'Donovan, John (eag. agus aistr.), Annála na gCeithre Máistrí. 7 iml. Acadamh Ríoga na hÉireann Irish Academy. Baile Átha Cliath. 1848-51. 2a heagrán, 1856.
  • O'Hart, John, Irish Pedigrees. Baile Átha Cliath. 5ú heagrán, 1892.
  • Ó hInnse, Séamus (eag. agus aistr.) agus Florence MacCarthy, Mac Carthaigh's Book, nó Miscellaneous Irish Annals (A.D. 1114-1437). Institiúid Ard Léinn Bhaile Átha Cliath. 1947.
  • O'Keeffe, Eugene (eag. agus aistr.), Eoganacht Genealogies from the An Leabhar Muimhneach. Corcaigh. 1703. (le fáil anseo)
  • O'Rahilly, Thomas F., Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard Léinn Bhaile Átha Cliath. 1946.
  • Richter, Michael, Medieval Ireland: The Enduring Tradition. Palgrave Macmillan. 1996.
  • Sproule, David, "Origins of the Éoganachta", in Ériu 35 (1984), ll. 31–37.
  • —, "Politics and pure narrative in the stories about Corc of Cashel", in Ériu 36 (1985), ll. 11–28.
  • Todd, James Henthorn (eag. agus aistr.), Cogadh Gaedhel re Gallaibh: The War of the Gaedhil with the Gaill Longmans. 1867.
  • Welch, Robert (eag.) agus Bruce Stewart, The Oxford Companion to Irish Literature. Oxford University Press. 1996.

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ó Corráin 2001, lch. 30
  2. Byrne, F.J., Irish Kings and High Kings, Londain, 1973, lch. 177. .
  3. 3.00 3.01 3.02 3.03 3.04 3.05 3.06 3.07 3.08 3.09 3.10 3.11 3.12 3.13 Byrne 2001
  4. Kelly, Fergus, A Guide to Early Irish Law, Dublin, 1988, ll. 17-18.
  5. MacAirt, Sean, eag. Annals of Inisfallen, Baile Átha Cliath, 1951, lch. 337.
  6. Dillon, Myles (eag), Lebor na Cert, Baile Átha Cliath, 1984, lch. 19.
  7. Féach Byrne 2001 le haghaidh tuairisce leithne ar an ríocht.
  8. 8.0 8.1 O'Rahilly 1946
  9. Duffy 2005
  10. Ó Cróinín 2005
  11. see Byrne 2001
  12. 12.0 12.1 Charles-Edwards 2000
  13. Meyer 1901
  14. Féach The O'Connell Surname DNA Project
  15. Annála Inis Faithlinn
  16. T.M.Charles-Edwards, Early Christian Ireland
  17. Sproule 1984; 1985
  18. Irish Kings and High-Kings, Francis J. Byrne, 2001, page 291-295
  19. see also O'Rahilly 1946
  20. Curley 2004


Teimpléad:Munster