Cairbre Crom mac Criomhthainn
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | c. 577 |
Rí na Mumhan | |
542 – 577 ← Crimthann Srem mac Echado – Fergus Scandal mac Crimthainn, Feidlimid mac Coirpri Chruimm → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Teaghlach | Eoghanacht Ghleanndamhnach |
Páiste | Feidlimid mac Coirpri Chruimm |
Athair | Crimthann Srem mac Echado |
Rí na Mumhan d'Eoghanacht Ghleanndamhnach ba ea Cairbre Crom mac Criomhthainn (Sean-Ghaeilge Coirpre Cromm mac Crimthainn) (bás 577[1]). Bhí a chlann bunaithe thart ar Ghleannúir, Contae Chorcaí. Criomhthann Sreamh mac Eachadha (bás c. 542) ba ea a athair.[2]
Is doiléir é croineolaíocht ríthe na Mumhan sa 6ú haois. I nAnnála Tiarnaigh, luaitear Cairbre mar rí don bhliain, ach ansin, rí eile, Cormac mac Ailealla,[3] don bhliain 545.[4][5] Feictear Cairbre arís ina thásc don bhliain 577, tar éis réimis 17 bliain.[6] Más fíor, bheadh sé i réim idir 560 agus 577. Feictear é fosta i ríliostaí le fáil i Sioncronachtaí Laud, sa Leabhar Laighneach agus sa sága Seanchas Fála Chaisil.[7]
Sa bhliain 572, tharla Cath Feimin, maigh idir Caisil agus Cluain Meala. Chloígh Cairbre Colmán Beag mac Diarmada (bás 585) agus maraíodh fir na Mí.[8][9] Tá dán ann sa Dinnseanchas maidir le Loch Ceann a insíonn toradh an chatha:[10]
- Loch Cend
- mairg doimir fora bruach;
- dolin Cairpri do chinnu é
- condad cru[11] é sis isuas.
- Loch Ceann
- mairg bádóir ar a bruach;
- líon Cairbre le cinn é
- go fuil é síos is suas.
Bhí beirt mhac aige, Feilimí mac Cairbre Chroim, luaite mar rí na Mumhan, agus Aodh Flann Cathrach, sinsear ríthe Gleanndamhnaigh. Bhunaigh sé a ardeaglais ag Cluain, agus ba é Naomh Colmán Chluana an chéad easpag ann.[12] Phós a bhaintreach, Cumman, Feilimí mac Tiarnaigh, rí Mumhan.[13]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh, Part 1, G100001A
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Leabhar Laighneach, Imleabhar 1, Rig Lagen, G800011A
- Sioncronachtaí Laud, G105005
- Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, G100054
- Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings, ISBN 978-1-85182-196-9
- Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine le McCarthy.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ gach dáta as The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy
- ↑ Byrne, Table 13
- ↑ gan bheith measctha le rí na Mumhan den 8ú haois, Cormac mac Ailello
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 542.3, 545.2
- ↑ luaitear Cormac ag Seathrún Céitinn, a deir gurbh Ui Liatháin é, lch. 55
- ↑ AT 577.3
- ↑ Tugtar réimeas 22 bliain dó sna Sioncronachtaí Laud.
- ↑ AT 572.1
- ↑ Annála Uladh, AU 573.1
- ↑ Dinnseanchas Aoi, iml 4, dán 72.
- ↑ 1 crú, fuil, ar eDIL
- ↑ Seathrún Céitinn, lch. 75
- ↑ Byrne, lch. 206