Crimthann Srem mac Echado

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCrimthann Srem mac Echado
Beathaisnéis
Básc. 542
Rí na Mumhan
522 – 542
← Eochaid mac ÓengusaCairbre Crom mac Criomhthainn → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteCairbre Crom mac Criomhthainn Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEochaid mac Óengusa

Rí na Mumhan de rítheaghlach na nEoganacht ba ea CriomhthannCriofann Sreamh mac Eochadha (Sean-Ghaeilge Crimthann Srem[1] mac Echado, nó Crimthann Feimin) (bás c. 542). Eochaidh mac Aonghasa (bás 522) ba ea a athair, agus Aonghas mac Nadh Fraoigh (bás 489), an chéad rí Críostaí na Mumhan, ba ea a sheanathair.[2]

De réir Annála Tiarnaigh, tháinig sé i gcomharbacht ar a athair mar rí na Mumhan sa bhliain 522.[3] De réir Sioncronachtaí Laud, bhí sé i réim le fiche bliain, agus más fíor, fuair sé bás sa bhliain which 542. Is doiléir é taifead ríthe na Mumhan den 6ú haois, agus b'fhéidir é gur scríobhadh na sioncronachtaí úd chun a theaghlach a thacú.[4] Níl sé ann i liostaí na ríthe dar leis an scéal Seanchas Fála Caisil, cé go bhfuil sé ann sa Leabhar Laighneach.[5]

Sinsear na hEoghanachta Gleanndamhnaigh ba ea é. Bhí cúigear mac aige, ina measc Cairbre Crom mac Criomhthainn (bás 577), rí Mumhan. Deirtear sna ginealaigh go raibh 'leathchúpla' dearthár aige, mac mná darbh ainm Dearcan. Criomhthann ab ainm dá dheartháir freisin, agus sinsear an Eoghanacht Oirthir Cliach ba ea é. B'fhéidir gurbh é siúd Criomhthann mac Dearcáin, luaite i sliocht maidir le sionad Muimhneach sa 6ú haois.[6]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • CELT: Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Rev. Eugene O'Keeffe, Book of Munster, ag Eoghanacht Genealogies

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. srem, sileadh, ar eDIL
  2. Byrne, Table 11
  3. Annála Tiarnaigh, AT 522.3
  4. Charles-Edwards, lch. 534, nóta 44; lch. 536, nóta 45
  5. Byrne, lch. 188
  6. Byrne, lch. 219