Ríthe na Mumhan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Rí na Mumhan)

Bhí Ríthe na Mumhan i réim ó bhunús Ríocht na Mumhan le linn na hIarannaoise go dtí an ard-mheánaois. De réir seanchas na nGael, inste mar shampla i Leabhar Gabhála na hÉireann, ba é Bodhb Dearg na dTuath Dé Danann an rí is luaite. Thug na Dáirine (aitheanta fosta mar an Chorca Laidhe agus Uí Eidirsceoil sa lá atá inniu ann) roinnt luathríthe, Cú Raoi san áireamh. De réir Cath Maige Mucrama, thit na hÉarainn i léig sa 2a haois AD agus tháinig na Deirgtine, sinsir na nEoghanacht, i gceannas. Le linn an ama seo, ba chuid den Leath Mhogha é an cheantar úd, agus an chuid eile den tír, an Leath Choinn, go formhór faoi cheannas na gConnachta.

An Mhumha, c. 10ú haois.

Nuair a cailleadh Osraí san oirthear, ceapadh Caiseal mar phríomhchathair na Mumhan ag na hEoghanachta. Bhí an chlann seo i gceannas kindred ruled gan aon bhriseadh go dtí an 10ú haois. Cé go raibh muintir Uí Néill i gceannas mar the Ard-Ríthe na hÉireann le linn an ama seo, sár-iomaitheoirí ab ea beirt Eoghanacht ar a laghad, Cathal mac Finguine agus Feilimí mac Criomhthainn.

Ba iad clanna Eoghanacht Chaisil (Uí Shúilleabháin agus Mic Cárthaigh mar ionadaithe), Eoghanacht Ghleanndamhnach (Uí Chaoimh) agus Eoghanacht Áine (Uí Chiarmhaic) na géaga is mó le rá sa treibh úd. Scaoileadh a leis a ngreim cumhachta ámh nuair a tháinig Brian Bóramha den Dál gCais chun cinn, a thóg clann Uí Bhriain isteach mar ríthe na Mumhan. Ag an am gcéanna, Munster had to contend with the Normannaigh.

Sa deireadh, tháinig an ríocht chun críche nuair a scaradh í (críochdheighilt na Mumhan) and bunaíodh ríochtaí na Tuamhan, Deasumhan agus Urumhan. Tháinig an chéad dá cheann chun críche in am trátha sa 16ú haois, le bunú Ríocht na hÉireann, nuair a ceapadh na hiar-ríthe ina dTiarnaí na hÉireann. Bhí roinnt iarrachtaí chun cumhacht Ghaelach sa Mhumhain a athbhunú, amhail is ag Finghin Mac Cárthaigh agus Domhnall Cam Ó Súilleabháin Bhéara, ach theip orthu.

Ríthe ársa agus seanscéalacha na Mumhan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ríthe stairiúla Caisil, na hIarmhumhan agus na Mumhan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh i ndáiríre fíor-ríthe na Mumhan ann go dtí an 7ú haois, nuair a briseadh an Chorca Laidhe as cumhacht, am éigin tar éis dóibh a ngreim ar an Osraí a chailleadh. Dá bharr, ní féidir a rá ach gur ríthe Caisil, na hIarmhumhan nó na nEoghanacht iad an chéad chúig rí is fiche ainmnithe thíos. Ba é Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh an t-aon eisceacht amháin, an chéad Eoghanacht ar leath a thionchar laistigh den Mhumhain, ach bhí an Iarmhumha fós ina mórcomhrac in éadan Caisil le linn a réimse, agus níl ar eolas ach beagán faoina chomharbaí roimh Chathal mac Finguine.

Le linn an ama seo fosta, bhí clanna neamhspleácha Uí Fiodhghinte agus Uí Liatháin faoi mhaise. Is dócha go ndearnadh iarracht san 8ú haois a gcuid bunúis a athrú chun iad a thabhairt isteach leis na hEoghanachta. D'éirigh leo comhghuaillíocht a dhéanamh leis na hUíbh Fiodhghinte, rud a bhí chun tairbhe na nEoghanacht, ach fágadh Uí Liatháin ar leaththaobh, rud nach fios an fáth.

Cl. Reimse Arm Céile/Clann
EC Corc mac Luigthig ? – ? Aimend
roinnt páistí
Nad Froích mac Cuirc ? – 453 anaithnid
Óengus mac Nad Froích 453 – 489 Eithne Uathach
deirtear go raibh 24 mac agus 24 iníon aige
Feidlimid mac Óengusa 489 – 500 anaithnid
EG Eochaid mac Óengusa 500 – 522 anaithnid
Crimthann Srem mac Echado 522 – 542 anaithnid
Coirpre Cromm mac Crimthainn 542 – 577 anaithnid
Feidlimid mac Coirpri Chruimm (?) 577 – 596 anaithnid
EOC Fergus Scandal mac Crimthainn 577 – 582 anaithnid
ER Feidlimid mac Tigernaig 582 – 588 anaithnid
Amalgaid mac Éndai 596 – 601 anaithnid
Garbán mac Éndai 596 – 601 anaithnid
EC Fíngen mac Áedo Duib 601 – 618 Mór Muman
roinnt páistí
ELL Áed Bennán mac Crimthainn mhic Cobhtach 618 anaithnid
EG Cathal mac Áedo 618 – 627 Mór Muman
roinnt páistí
EC Faílbe Flann mac Áedo Duib 627 – 639 anaithnid
Cúán mac Amalgado 639 – 641 anaithnid
EC Máenach mac Fíngin 641 – 661 anaithnid
EG Cathal Cú-cen-máthair 661 – 665 roinnt páistí
EC Colgú mac Faílbe Flaind 665 – 678 anaithnid
EG Finguine mac Cathail 678 – 696 roinnt páistí
Ailill mac Cathail 696 – 701 anaithnid
EC Cormac mac Ailello mhic Máenach 701 – 712 anaithnid
Eterscél mac Máele Umai mhic Cúáin 712 – 721 anaithnid
EG Cathal mac Fuinguine 721 – 742 roinnt páistí
Cathussach mac Eterscélai 742 – 769 anaithnid
ELL Máel Dúin mac Áedo Bennáin mhic Conaing 769 – 786 anaithnid
Ólchobar mac Duib-Indrecht[nb 1] 786 – 805 anaithnid
EG Artrí mac Cathail 805 – 820 mac amháin
Tnúthgal mac Artrach (?)[nb 2] ? - ? anaithnid
EC Tnúthgal mac Máele Donngaile 807 – 820 anaithnid
Feidlimid mac Crimthainn 820 – 847 anaithnid
Ólchobar mac Cináeda 847 – 851 anaithnid
EC Áilgenán mac Donngaile 851 – 853 anaithnid
Máel Gualae mac Donngaile 853 – 859 mac amháin
Cenn Fáelad Ua Mugthigirn 859 – 872 anaithnid
EC Dúnchad mac Duib-dá-Bairenn 872 – 888 anaithnid
Dub Lachtna mac Máele Gualae 888 – 895 anaithnid
Finguine Cenn nGécan mac Loégairi mhic Duib-dá-Bairenn 895 – 902 anaithnid
Cormac mac Cuilennán mhic Selbach 902 – 908 anaithnid
M Flaithbertach mac Inmainén 914 – 922 anaithnid
EC Lorcán mac Coinlígáin mhic Corcráin 922 – ? anaithnid
Cellachán Caisil mac Buadacháin mhic Lachtnae ? – 954 mac amháin
Máel Fathardaig mac Flainn mhic Donnchada 954 – 957 mac amháin
ER Dub-dá-Bairenn mac Domnaill mhic Duib-dá-Bairenn 957 – 959 anaithnid
EC Fer Gráid mac Cléirig mhic Áilgenáin 959 –961 anaithnid
Donnchad mac Cellacháin 959 – 963 anaithnid
ER Máel mac Brain 959 – 970
976 – 978
mac amháin
Íomhar Luimnigh 960 – 977
de facto
roinnt páistí
DgC Mathgamain mac Cennétig 970 – 976 anaithnid
Brian Bóramha mac Cennétig 978 – 1014 (1) Mór - triúr mac
(2) Echrad - mac amháin
(3) Gormflaith - mac amháin
EC Dúnghal Ua Donnchadha 1014 – 1025 anaithnid
UB Donnchad mac Briain 1025 – 1064 Cacht ingen Ragnaill
triúr paiste
Murchad mac Donnchada 1064 – 1068 anaithnid
Toirdhealbhach Ua Briain 1068 – 1086 (1) Dubchoblaig - mac amháin
(2) Derbforgaill - beirt mhac
Muircheartach Ua Briain 1086 – 1114
1118 – 1119
Derbforgaill ingen Uí Laidcnén
Triúr páistí
Diarmait Ua Briain 1114 – 1118 anaithnid
Brian Ua Briain 1118 anaithnid
MC Cormac Mac Carthaigh 1127 - 1138 anaithnid
UB Conchobar Ua Briain 1138 – 1142
éilitheoir
anaithnid
Toirdhealbhach mac Diarmada Ua Briain 1142 – 1167
éilitheoir
anaithnid
Muircheartach Ua Briain 1167 – 1168
éilitheoir
anaithnid
Domnall Mór Ua Briain 1168 – 1194
éilitheoir
Orlacan Ní Murchada - triúr páistí

Clanna:

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bryne, Francis J. Irish Kings and High Kings. Nua-Eabhrac: St. Martin's Press, 1973.
  • Charles-Edwards, T.M. Early Christian Ireland. Cambridge: Cambridge University Press, 2000. ISBN 9780521363952
  • Moody, T.W.; F.J. Byrne and F.X. Martin, eag. A New History of Ireland. Vol. IX. Nua-Eabhrac: Oxford University Press, 1982. ISBN 0-19-821744-7
  • Áed Ua Crimthainn, Leabhar Laighneach, c. 1160.
  • Sioncronachtaí Laud. K. Meyer, 1913.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. I nAnnála Uladh, meascadh Ólchobar mac Flainn desna hUí Fidgenti le hÓlchobar mac Duib-Indrecht den Eoghanacht Áine agus maíodh gur rí na Mumhan ab ea é. Is dócha nach raibh i gcoróin ach Ólchobar mac Duib-Indrecht.
  2. Faightear scaití Tnúthgal mac Artrach den Eoghanacht Gleanndamhnach mar rí na Mumhan, ach ní i nAnnála na hÉireann. D'éag sé roimh a athair, dá bharr b'fhéidir é nach raibh sé i gcoróin riamh. B'fhéidir é furasta gur meascadh Tnúthgal mac Donngaile den Eoghanacht Chaisil le Tnúthgal mac Artrach.