Leath Choinn
Cuma
Is ainm stairiúil ar an dtaobh thuaidh d’Éirinn é Leath Choinn, agus an deighilt á dhéanamh ag Eiscir Riada. Rí Gaelach sa ré réamhstairiúil a bhí i gConn, agus tar éis Mogh Nuadhad a bheith ruaigthe ón tír, d’fhill sé tar éis roinnt blianta. Ghabh sé seilbh ar an gcuid tíre ar a dtugtar Leath Mhogha, agus fágadh Leath Choinn ag Conn. Ach ní cosúil gurbh fhada a d’fhan an deighilt seo, agus is cosúil gurb í Eiscir Riada a choinníonn in ár gcuimhne é.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |