Conn Cétchathach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Conn Céadchathach (Sean-Ghaeilge Conn Cétchathach) mac Féilimí Reachtmhair. Sinsear na gConnachta ab ea é, agus, trí Niall Noígíallach, ríshleachta Uí Néill, a bhí chun cinn in Éirinn i rith na luath-meánaoise.

Luathbheatha agus teacht i réim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear san Annála na gCeithre Máistrí nach bhfacthas na cúig bhóthar go Teamhraigh, roimh oíche breithe Coinn.[1]

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé i gcoróin tar éis dó a réamhtheachtaí Cathair Mór a mharú.[2] I bhfoinsí eile, ba é Dáire Doimthech a réamhtheachtaí.[3]

Bhúir an Lia Fáil faoi Chonn nuair a sheas sé air. Ba é sin an chéad uair a bhúir cloch na corónach ó scoilt Cú Chulainn lena chlaíomh é, toisc nár bhúir sé ar son Lugaid Riab nDerg.[4]

Baile in Scáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Baile in Scáil

Shiúil Conn trí thimpiste ar an lia agus é ar mhúir chosanta na Teamhrach. Chuir sé seo le fios go raibh an lia clúdaithe ó ré Chú Chulainn. Chuir draoi brí an lia in iúl, agus dúirt gurbh ionann líon búireanna an lia agus líon na ríthe a leanfadh Conn. D'éirigh ceo draíochta agus tháinig marcach chucu, a chaith trí gha i dtreo Choinn. D'iarr sé ansin ar Chonn agus ar an ndraoi dul ina theannta chuig a thigh suite ar mhaigh agus crann óir in aice leis. Chuadar isteach, agus thug bean le coróin óir ar a cionn fáilte rompu. Chonaic siad i dtosach báire dabhach airgid, fáiscthe le fonsaí óir, lán de leann rua, agus cuach agus spúnóg freastail óir. Chonaiceadar scál ansin, fear ard galánta, ina shuí ar ríchathaoir, a deir gur Lugh é féin. Ba cheannas na hÉireann í an bhean, agus chuir sí béile ar an mbord do Chonn agus ann easna daimh ceithre throigh is fiche ar fad, agus easna toirc. Nuair a chuir sí na deochanna ar an mbord, d'fhiafraigh sí díobh "Cé acu a dtabharfaí an cuach seo?", agus d'aithris Lugh dán a d'inis do Chonn líon blianta a réime, agus ainmneacha na ríthe a leanfas é. Chuaigh siad faoi scáth Lugh isteach, agus d'imigh an teach as amharc, ach d'fhan an cuach agus an spúnóg freastail.[5][6]

Baile Chuinn Chétchathaig[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa téacs níos luaite Baile Chuinn Chétchathaig, feictear liosta fileata na nArd-Ríthe, a bhfuil go leor acu inaitheanta ón liosta tradisiúnta, ach gan comhthéacs scéil.[7]

Mogh Nuadhad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí réim sách fada ag Conn Conn had a long reign — a fiche, a cúig is fiche, cúig is tríocha nó caoga bliain fiú de réir leaganacha áirithe den Leabhar Gabhála — ach cúige mhaith de caite i mbun troda in éadan, rí na Mumhan, Mug Nuadat.

De réir an tseanscéil Cath Maige Leana, bhí ríthe na Mumhan Conaire Cóem agus Mac Niad mac Lugdach curtha ar díbirt ag athair Mhoga, Mog Neit mac Deirgtine. D'éalaigh an bheirt ríthe go Conn, agus phós siad a iníonacha, Saraid and Sadb faoi seach. Chuaigh Mog Neit i mbun troda in éadan Choinn, ach cloíodh agus maraíodh é i ndúradh dhá chath i gContae Uíbh Fhailí. Agus Mog Nuadat i gceannas airm a athar, chúlaigh siad tríd an Mumhain, ag troid go lánstad in aghaidh Choinn, sular éalaigh sé ar muir go dtí An tOileán Mór, agus as sin go dtí An Spáinn. Chuir Conn Conaire agus Mac Niad ar ais í gcoróin agus bhailigh leis.

Naoi mbliana ina dhiadh sin, tháinig Mogh Nuadhat (a bhí iníon rí na Spáinne pósta aige) i dtír le harm ag Bá Bheanntraí agus chuir sé iachall ar Chonaire agus Mhac Niad ghéill faoi. I dteannta le ríthe na nUladh agus na Laighean, chuaigh sé ar mhórshiúl sé ó thuaidh go Mag nAi and chuir sé iachall ar Chonn conradh a dhéanamh leis chun Éire a roinnt eatarthu: Conn i gceannas sa tuaisceart, nó Leath Choinn; agus Mug Nuadat sa deisceart, nó Leath Mhoga; agus an teorainn idir Gaillimh western iarthar agus Áth Cliath san oirthear.

Tar éis síochána le cúig bhliana déag, bhris Mug Nuadat an conradh agus d'fhógair sé cogadh, i dteannta le ríthe na nUladh agus na Laighean. Chuaigh sé i gceannas a airm go Mag Leana, lámh le Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí. Chúlaigh Conn go Connachta, bhailigh a arm agus thóg Midhe ar ais ó rí na nUladh. Chuaigh sé ar mórshiúl go Mag Leana agus scrios arm Mhogha i rith ionsaí gan choinne oíche. Maraíodh Mogh i mbun troda, agus bhí Conn arís ina Ard-Rí na hÉireann go léir.[8]

Deir Seathrún Céitinn scéal eile. Bhailigh Mug Nuadat arm le cabhair rí na Laighean, agus dhírigh sé ríthe na Mumhan, Lugaid Allathach, Dáire Dornmhór agus Aonghas sa scéal seo. Theith Aonghas go Conn, a thug arm dó chun a riocht a ghabháil ar ais. Chloígh Mogh an t-ionsaí seo agus naoi n-ionsaí eile agus Conn ag iarraidh an ruaig ad Mumhain a chur air. Chuir sé iachall ar Chonn Éire a roinnt leis. Nuair a thosaigh cogaíocht arís, bhailigh airm Choinn agus Mogha chun troda ag Mag Leana, ach mharaigh Conn ina leaba é Mogh, i rith ionsaí luathmaidne.[9]

Na Fianna[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir foinse na meánaoise, rugadh an laoch Fionn mac Cumhaill i ré Choinn. Suiríoch Mhuirne, iníon an draoi Tadg mac Nuadat, ab ea a athair Cumall. Nuair a dhiúltaigh Tadhg é, d'fhuadaigh Cumhaill í. Chuaigh Conn i mbun cogaidh ina éadan agus maraíodh Cumhall ag Goll mac Morna sa Chath Cnucha. Bhí Muirne cheana féin torrach ámh, agus dhiúltaigh Tadhg í, ag ordú go ndóitear í. Theith sí chuig Conn, a chuir í faoi chosaint deartháir chéile Chumhaill, Fiacal mac Conchinn. Ba i tigh Fhiacail a thug sí a mac Deimne ar an saol, níos deireanaí athainmnithe Fionn.[10]

Agus é deich mbliana d'aois, tháinig Fionn go Teamhraigh agus put himself into Conn's service. Fuair sé an t-eolas go mealladh gach Samhain an t-ollphéist Aillen cách ina chodladh lena chuid ceoil, agus go ndódh sé an teach lena hanáil lasánta. Choinnigh Fionn ina dhúiseacht é féin á bhrú a cheann ar rinn a gha, agus mharaigh sé Aillen, agus tine Aillin coiscthe aige lena fhallaing draíochta. Cheap Conn é ina thaoiseach na bhFiann in ionad Ghoill.[11]

Bé Chuille[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis bás Eithne Tháebfhota iníon Chathrach Mhóir, bean chéile Choinne,[12] tháinig Bé Chuille, bansidhe na dTuath Dé Danann, i láthair in Éirinn. Bhí sí tite i ngrá le hArt ó fhad i gcéin, agus chuaigh sí á lorg ina currach. Nuair a bhuail sí le Conn ámh agus tháinig ar an eolas gur bhaintreach fir é, ghéill sí é a phósadh ina ionad, ar an mbonn go ndíbrítear Art ó Teamhraigh ar feadh bliana. Mheas fir na hÉireann gur éagórach an breithiúnas seo, agus bhí gorta in Éirinn le linn na bliana sin. Fuair na draoithe amach gurbh ar Bhé Chuille an locht, agus d'fhógradar go dtuga an gorta chun críche le híobairt mhac lánúine gan pheaca os comhair na Teamhrach. Chuaigh Conn i gcurrach Bhé Chuille ar lorg a leithéid de bhuachaill. Tháinig sé i dtír ar oileán iasachta de chrainn úil. Bhí mac of ag banríon an oileáin, toradh an t-aon chaidreamh collaí amháin a bhí aici. Dúirt Conn léi go sábhálfaí Éire dá rachadh a mac ag snámh i mara na hÉireann, agus ghéill sí.

Thóg Conn an gasúr ar ais go hÉirinn leis, ach nuair a d'éiligh na draoithe a bhás, mhionnaigh Chonn, Art agus Fionn mac Cumhaill é a chosaint. Ansin díreach, tháinig bean ina dtreo, ag seoladh bó agus ag iompar dhá mhála, agus d'íobair an bhó in ionad an bhuachalla. Osclaíodh na málaí: lastigh, bhí éan aonchosach i mála amháin, éan dháchosach déag sa mhála eile. Throid an dá éan agus bhuaigh an t-aonchosach. Dúirt an bhean gur sheas an dáchosach feadh do na draoithe, agus an t-aonchosach bhuachaill, agus nocht sí í féin mar a mháthair. Dúirt sí le Conn go dtiocfadh an gorta chun críche dá ndíbreodh sé Bé Chuille, ach dhiúltaigh sé. I ndearadh na dála, ruaigeadh Bé Chuille as Teamhrach mar thoradh sraith dúshlán idir í féin agus Art i leith cluichí fichill.[13]

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí beirt mhac ag Conn, Connla Dearg agus Art mac Cuinn. Thit Connla i ngrá le bansidhe as Mag Mell, agus chuaigh sé ann in éinneacht léi ina bád déanta as crystal boat, ag fágaint Airt ina Aonar < Aonfhear < Óenfir.[14]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndeireadh na dála, maraíodh Conn ag Tipraite Tírech, rí na nUladh. Insítear i Leabhar Gabhála agus sna hAnnála gur chloígh Tipraite é sa Chath Túath Amrois. Deir Seathrún Céitinn gur chuir Tipraite caoga gaiscíoch gléasta mar mhná ó Eamhain Mhacha amach go Teamhraigh chun é a mharú. Tháinig a dheartháir chéile Conaire Cóem i gcomharbacht air mar Ard-Rí; rachadh in am trátha Art mac Coinn i gcoróin i gcomharbacht airsean.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Craobh ghinealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Túathal Techtmar
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Fedlimid Rechtmar
 
Cathair Mór
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Conn Cétchathach
 
Eithne Tháebfhota
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Medb Lethderg
 
Art mac Cuinn
 
Achtan
 
Connla
 
Macnia mac Lugdach
 
Sadb
 
Ailill Aulom
 
Saruit
 
Conaire Cóem
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Cormac mac Airt
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Lugaid mac Con
 
Éogan Mór
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Connachta
 
Uí Néill
 
*
 
Uí Maine
 
Airgíalla
 
 
 
Connacht Elanesse
 
 
 
 
 
*
 

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála na gCeithre Máistrí, M122 - M157
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 331–333
  3. Scéla Mosauluim,"Scéla Mosauluim".
  4. Lebor Gabála Érenn §57 ar maryjones.us
  5. "Baile in Scáil: the Phantom's Frenzy", Miles Dillon (eag. & aistr.), The Cycle of the Kings, Oxford University Press, 1946
  6. Cycles of the Kings Web Project "Cycles of the Kings Web Project".: Baile in Scáil "Baile in Scáil".
  7. Cycles of the Kings Web Project: Baile Chuinn Cétchathaigh "Baile Chuinn Cétchathaigh".
  8. Eugene O'Curry (eag. & aistr.) Cath Mhuighe Léana, or The Battle of Magh Leana, Baile Átha Cliath: The Celtic Society, 1855.
  9. Foras Feasa ar Éirinn, 1.40
  10. "The Cause of the Battle of Cnucha", Tom Peete Cross & Clark Harris Slover (eag.), Ancient Irish Tales, Henry Holt & Co, 1936, ll. 357–359
  11. Standish James O'Grady (aistr.), The Colloquy with the Ancients, Parentheses Publications, ll. 46–48
  12. Eithne Tháebfhota ar Oxford Index
  13. The Adventures of Art son of Conn, Cross & Slover 1936, ll. 491–502
  14. "The Adventures of Connla the Fair", Cross & Slover 1936, pp. 488–490


Roimh
Cathair Mór
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ 2a haois AD
FFÉ AD 116–136
ACM AD 122–157
Tar Éis
Conaire Cóem