Sadb ingen Chuinn
Teaghlach | |
---|---|
Céile | Ailill Aulom |
Páiste | Eoghan Mór, Cormac Cas, Lugaid mac Con, Sadhbh |
Athair | Conn Céadchathach |
Siblín | Art mac Cuinn |
Iníon Ard Rí na hÉireann Choinn Chétchathaigh ab ea Sadhbh Ní Choinn (Sean-Ghaeilge Sadb ingen Chuinn).[1][2]
De réir nósanna ar leith, phós sí Macnia mac Lugdach, tiarna na nDáirine nó na gCorcu Loígde, agus máthair an Ard-Rí Lugaid mac Con, ab ea í. Tar éis bás Mhacnia, phós sí Ailill Aulom, rí na hÉireann theas, agus Éogan Mór, sinsear na nEoghanacht ab ea a mac leis. Art mac Cuinn, ina Ard-Rí féin fosta, ab ea a deartháir, agus phós a deirfiúr Sáruit Conaire Cóem na nÉarann, a raibh ina Ard Rí roimh Art.
Mar mhalairt air sin, mar shampla sa scéal Cath Maige Mucrama, bean chéile Ailealla Óloim amháin ab ea í, agus máthair Eoghain Mhóir, Cormaic Chais agus Céin, agus máthair altrama Lughaidhe mhic Choinn.
Sa scéal luath-nua-aimsire Cath Maige Léna, is bean chéile Mhic Choinn í Sadhbh, cré go nglaoitear Mac Nia air, is amhlaidh mearaithe lena athair nó a sheanathair.
Pé scéal é, i dtréimhsí stairiúla, cuimhníodh í go príomha mar sinsear na nEoghanacht.
Agallamh na Seanórach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Sadhbh luaite in Agallamh na Seanórach. De réir Caoilte, "fert in cetbramad ben is ferr ro laighestar le fer a n-aenaimsir [f]ria",[3] duine den ceathrar ban is fearr a luigh le fear ariamh.
Sadhbh agus Fionn
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'fhéidir é go bhfuil ar a laghad cuid de Shadhbh, bean chéile Fhionn mhic Chumhaill agus máthair Oisín, bunaithe ar Shadhbh ní Choinn.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Anne Connon, "A Prosopography of the Early Queens of Tara", in Edel Bhreathnach (eag.), The Kingship and Landscape of Tara. Baile Átha Cliath: Four Courts Press, The Discovery Programme, 2005, ll. 225–327
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Connon, ll. 238-40
- ↑ Keating, Geoffrey (1723). "The General History of Ireland ..." (as en). J. Bettenham.
- ↑ Acallamh na Senórach, Whitley Stokes (eag.), Leabharlann Nàiseanta na h-Alba, lch. 59 (lch. 77 sa nasc).