Jump to content

Fianna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I miotaseolaíocht na nGael, ba bhuíonta beaga leath-neamhspleácha gaiscíoch iad na Fianna. Bunaithe ar bhuíonta stairiúla den luath-mheánaois, fir agus mná óga gan talún a bhí iontu, agus iad ag déanamh seirbhíse don ard-rí ag ruaigeadh ionróirí iasachta. Feictear iad sa tsraith seanscéalta an Fhiannaíocht, faoi cheannas Fhinn mhic Cumhaill, agus dhá dhream, Clann Bascna agus Clann Morna, i gceist.[1]

Fionn mac Cumhaill comes to aid the Fianna (Tagann Fionn mac Cumhaill i gcabhair na bhFiann), léaráid le Stephen Reid.

Luaitear na fianna go stairiúil san Fhéineachas. Mar bhaill d'fhiann, bhíodh fir agus mná óga gan talamh, go minic uaslathaithe nach bhfuaireadar fós a n-oidhreacht.[2] Féinní (fénnid) a glaodh ar ball d'fhiann; rífhéinní (rígfénnid) ab ea ceannaire féinne.

Agus é ag scríobh sa 17ú haois, dúirt Seathrún Céitinn go gcuirtí na Fianna ar ceathrúin, agus go mbeathaítí iad ag na huaisle i rith an gheimhridh, ag coinneáil oird ar a son mar chúiteamh. Ach i rith an tsamhraidh, ó Bhealtaine go Samhain, bhí orthu maireachtáil ag fiach le haghaidh bia agus seithí do dhíol.[3] Is cnuasach scéalta agus nósanna seachas foinse stairiúil é an Foras le Céitinn, ach sa chás seo, mar chomhthacaíocht, tugann scoláirí faoi ndeara tagairtí i luath fhilíocht na Gaeilge, agus go raibh séasúr dúnta na seilge d'fhia agus torc allta idir Samhain agus Bealtaine san Albain meánaoiseach.[4]

Tá an réaltacht stairiúil na bhfianna le fáil i roinnt cur síos seanscéalach. Mar shampla, san Rúraíocht, chuaigh an draoi Cathbhadh le fiann 27 fear i gcomhrac in éadan féinne eile. Mharaigh sé an bheirt athair altrama déag de bhanfhlaith na nUladh, Neas, sula ndeachaidh sí ar tóir Chathbhaidh i gceannas a seachtar fianna fiche féin.[5]

Ar an lámh eile ámh, i scéalta na Fiannaíochta (suite i ré Chormaic mhic Airt), ba arm seasta iad na Fianna ar sheirbhís Ard-Ríthe na hÉireann, cé go raibh dhá baicle iomaíocha ann: Clann Baíscne na Laighean, (faoi cheannas Fhionn mhic Chumhaill), agus Clann Morna Chonnacht (faoi cheannas Ghoill mhic Mhorna). Mhair siad amuigh ón tsochaí ag seilg i gcomhair bia.

Rosc catha agus manaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dord Fiann ab ea rosc catha na bhFiann, agus d'úsáidtí é roimh agus i rith catha, nó mar mhodh teachtaireachta, nó chun scanradh a chur ar a naimhde. Sa seanscéal Anbhás Fhionn, scairt Fionn an Dord Fiann nuair a chonaic sé gur thit a gharmhac Oscar sa Chath Gabhra in éadan airm Chairbre Lifechair. Rinne sé frithionsaí fíochmhar in aghaidh a naimhde, ag marú na scórtha gaiscíoch.[6] Chuaigh na Fianna i léig de bharr an chatha seo, áfach.

Bhí trí mana acu:

  • Glaine ár gcroí
  • Neart ár ngéag
  • Beart de réir ár mbriathar

Fénnid ar leith

[cuir in eagar | athraigh foinse]

An t-ainm inniu

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I staire le déanaí, faightear an t-ainm Fianna ÉireannFianna Fáil:

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Rolleston, T.W (2012). "Celtic Myths and Legends": 252. USA: dover publications.
  2. Dáibhí Ó Cróinín, Early Medieval Ireland, Longman, 1995, lch. 88
  3. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 2.45
  4. Nerys Patterson, Cattle Lords and Clansmen: the Social Structure of Early Ireland, University of Notre Dame Press, 1994, lch. 122-123
  5. Kuno Meyer, "Anecdota from the Stowe MS. No. 992", Revue Celtique 6, 1884, ll. 173-186.
  6. Augusta, Lady Gregory - Gods and Fighting Men, The Death of Fionn, 1904