Diarmuid Ua Duibne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

San Fhiannaíocht i Miotaseolaíocht na nGael, leathdhia agus ball de na Fianna ab ea Diarmuid Ua Duibhne, mac Doinn.[1] Tá cáil air mar leannán Ghráinne, an bhean a bhí geallta le ceannaire na bhFiann, Fionn mac Cumhaill. I measc a mhac bhí Donnchadh, Iollann, Ruchladh agus Ioruad.[2] Ba é Aonghas Óg na Tuath Dé Danann, dia an ghrá agus na cruthaitheachta, a athair altrama agus cosainteoir.

Diarmaid, léaráid le Beatrice Elvery in Heroes of the Dawn (1914) le Violet Russell

De réir na seanscéalta, ba ghaiscíoch oilte den scoth é Diarmaid, ball dílis agus fíor de chuid na bhFiann a mharaigh ina aonar 3,400 gaiscíoch i mbun comhraic, agus tharrtháil sé Fionn agus na Fianna.

Airm cháiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí claíomh marfach ag Aonghus, darb ainm Móralltach, a thug Manannán mac Lir dó. Sa Tóraíocht, deirtear nár fhág Móralltach neamhchríochnaithe riamh no iarraidh nó buille ar bith. Thug Aonghus an chlaíomh seo dá mhac altrama Diarmaid, agus an claíomh Beagalltach san áireamh. I dteannta leis an dá chlaíomh seo, bheartaigh Diarmaid dhá shleá, Ga Buí (Gae Buidhe), a ghoin cneácha nárbh fhéidir a leigheas, agus Ga Dearg (Gae Derg), a bhí in ann draíocht a cheilt. Bheartaigh sé Ga Dearg agus Móralltach i mbun eachtraí a raibh báis nó beatha i gceist iontu, agus Ga Buí agus Beagalltach do mhionchatha.

Mallacht nimhneach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag fleadh tráth, bhí éad ar Dhonn, athair Dhiarmada agus gaiscíoch na bhFiann, mar gheall ar an aire tugtha do Chongus, mac ghiolla Aonghasa, agus mharaigh sé é i ngan fhios d'éinne. Chuir Aonghas athbhrí san ghasúr, ach i riocht toirc. Chuir an giolla iachall ar Fhionn an fhírinne a fháil, 'sis í faighte, chur sé mallacht ar Dhiarmaid, go maraítear é ag an torc úd, mac an ghiolla.

Ball grá draíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí clú agus cáil ar Dhiarmaid as ucht a áilleachta agus a bhall ghrá. I mbun seilge oíche, bhuail sé le bean na hóige. I ndiaidh a luigh leis, chur sí ball draíochta faoina shúil[3] a made him irresistible to women.

Loathly Lady agus an cuach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oíche sheaca an gheimhridh, tháinig cailleach colach lóiste na bhFiann isteach, agus iad a chodladh tar éis seilge. Fliuch go craiceann, a cuid gruaige báite in aimhréidh, chuaigh sí ar a glúine in aice gach gaiscigh, agus d'éiligh brat. Níor ghlac ach Diarmaid óg, in aice na tine, trua di, á tabhairt a leaba agus a bhrat. Thug sí faoi dheara a bhall grá, agus dúirt sí leis go raibh sí ar fánaíocht ar fud an domhain ar feadh seacht mbliana. Dúirt Diarmaid léi go raibh sí faoina chosaint ina codladh. Le héirí na gréine, d'iompaigh sí ina cailín álainn.

An lá dár gcionn, i ndíol ar a chineáltas, thug sí do Dhiarmaid a mhórghuí — teach os cionn na mara. Ar bís, d'iarr Diarmaid uirthi cónaí leis. Ghéill sí ar choinníoll amháin: nár lua sé a gránnacht ar oíche a casadh ar a chéile iad. Tar éis trí lá le chéile, d'éirigh Diarmaid míshocair. D'fhógair sí dó go dtabharfadh sí aire dá chú agus dá choileáin nua, agus é i mbun seilge. Faoi thrí, tháinig cairde éadmhara Dhiarmada ar chuairt an mhná, ag iarraidh coileán óg uaithi. Gach uair, sheas sí leis an iarratas; gach uair, d'éírigh Diarmaid fearg, agus d'iarr sé uirthi cér ba chúis a suarachais agus a gránach ligthe thart aige. An triú huair, d'imigh an bhean agus an teach gan bonn ná lorg, agus fuair a chú ionúin bás.

Thuig Diarmaid gurbh de bharr a mhíbhuíochais é gur chaill sé gach a raibh tábhachtach dó, agus d'imigh leis chun a bhean a aimsiú. Sheol sé ar long draíochta trasna mara gairbhe go dtí an t-alltar. Chuardaigh sé a bhean trí cluainte lán de chapaill ghealdaite agus de chrainn airgid. Faoi thrí, chonaic sé braon fola, a bhailigh sé ina chiarsúr. Nuair a d'inis strainséir dó go raibh iníon rí an alltair go gairid fillte ar ais tar éis turais seacht mbliana, ach anois go trom tinn, thuig Diarmaid gur dhóigh a bhean a bhí ann, agus rith sé chun bheith léi. Óna croí a dhoirt na trí dheoir fola, gach uair a smaoinigh sé ar Dhiarmaid. Ba é an t-aon leigheas amháin di ná cuach draíochta ó Mhaigh na nIontas, faoi chosaint rí éadmhair agus a hairm. Mhóidigh Diarmaid an cuach a thabhairt ar ais.

Ag abhainn dhothrasnaithe, thug Fear Rua Uilefheasach (Daghdha) chabhair do Dhiarmuid dul trasna na habhann agus i dtreo rí an chruacha. Ag caisleáin an rí, ghlaoigh Diarmaid amach go dtuga dó an cuach nó go cuire gaiscí amach chun dul i gcomhrac leis. Faoi dhó, cuireadh amach ocht gcéad gaiscíoch, agus lastigh de thrí huaire, ní raibh duine dóibh ina sheasamh. Ansin faoi dhó, cuireadh naoú gcéad gaiscí níos fearr amach, agus lastigh de ceithre huaire, bhí siad go léir marbh.[4] Ghéill an rí agus thug sé dó an cuach. Ar a shlí abhaile, cuir an Fear Rua in iúl do Dhiarmaid on conas a bean a leigheas. Thug sé rabhadh dó nach mairfeadh a ghrá di tar éis a leigheasta.

Agus a leannán leigheasta, chuaigh Diarmaid ar bord long draíochta chun filleadh ar ais chuig na Fianna. Cuireadh fáilte roimhe ag a chairde agus ag a chú, a raibh athbhrí churtha ann ag an mbean mar bhronntanas scoir dó.

Diarmaid agus Gráinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gealladh Gráinne iníon Chormaic Mhic Airt, d'Fhionn sean seargtha. Shocraigh sí dá bharr éalú le Diarmaid. Dhiúltaigh Diarmaid í, óir gur chara leis agus a cheannaire ab ea Fionn. Chuir Gráinne geas ar Dhiarmaid go leana sé í. Chuir Fionn Clan Ua Nabhnan ar tóir na leannán, ach d'imigh Diarmaid agus Gráinne trasna na Sionainne ag Áth Luain, agus d'éalaigh siad le cabhair ó Oisín agus Fianna eile.

Níor fhág Fionn an tóraíocht ina dhiaidh, ag tabhairt dúshlán cluichí fichille do Dhiarmaid, agus ag iarraidh ar a iarbhuime, Bodhmall, é a mharú. Sa deireadh, d'impigh Aonghas Óg, athair altrama Dhiarmada, ar son na beirte, agus mhaith Fionn iad. Mhair Diarmaid agus Gráinne faoi shuaimhneas le roinnt blianta, agus rugadh cúigear páistí dóibh, ceathrar mac agus iníon.

Tháinig Fionn ar cuairt lá, agus chuaigh seisean agus Diarmaid ag seilg. Sháigh olltorc Diarmaid, agus d'éag sé sula leigheasfadh Fionn é. Tar éis a bháis, thóg Aonghas corp Dhiarmada abhaile leis.

Clann Campbell[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gur sinsear Clann Campbell na hAlban é Diarmaid. Tá ceann toirc an mar chur de shuaitheantas na clainne, tagairt don gheas agus bhás Dhiarmada.[5]

Cultúr na ndaoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa seó Ghaelach damhsa 1999, Dancing on Dangerous Ground, rinne Colin Dunne, iarphríomhrinceoir Riverdance, páirt Dhiarmada.

Sa 4ú agus 5ú cluichí sa sraith Fire Emblem, is laoch é Diarmuid den dara glúin de charactair.

Sa scannán Leap Year (2010), insíonn an caractar Declan O'Callaghan scéal chaidreamh Dhiarmada d'Anna Brady, agus iad ag breathnú ar Chaisleán Bhaile Uí Chairbre.

San app móibíleach 2013 Tower of Saviours, forbairte i Hong Kong, tá Diarmuid ann mar charactar.

"Airnéis bhailitheora" is ea Diarmaid sa chluiche móibíleach Age of Ishtaria. Athróidh a inscne beartaíonn sí dhá chlaíomh darb ainmneacha Móralltach agus Beagalltach. In ionad cú, is léir gur madra caorach dubh agus bán é a pheata dílis.

San úrscéal Fate/Zero agus a chóiriú anime, tá Diarmaid ann mar an Giolla "Lancer", ag beartú a dhá shleá, Ga Buí agus Ga Dearg. Tá a chumas miotasach ag Ga Buí fós, in ann cneácha a thabhairt nach leigheasann choíche. Ar a mhalairt sin, tá cuntas nua ag Ga Dearg, in ann cosaintí draíochta a pholladh, agus cumais draíochta áirithe a cheilt. Tagann Lancer ar ais ar an bhfód sa leagann móibíleach den tsraith, Fate/Grand Order, ach is féidir é a ghaireadh mar Ghiolla "Saber", agus beartaíonn sé dhá chlaíomh, Beagalltach and Móralltach, in ionad a ghathanna, cé go bhfuil siad fós dearg agus bhuí.

Tá cráitéar ar Europa ainmnithe as Diarmuid, agus go léir eile ainmnithe as caractair Cheilteacha.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Duibheann..? Donn..?
  2. O' Grady, Standish Hayes (1857). "The pursuit after Diarmuid O' Duibhne, the daughter of Cormac Mac Airt, King of Ireland in the third century". Transactions of The Ossianic Society, Iml III, 1955, Baile Átha Cliath. 
  3. Gregory, Lady Augusta (1904). "Gods and Fighting Men". 
  4. Gienna Matson.Celtic Mythology A to Z. New York: Chelsea House,2004, lch. 75
  5. Dawson, Jane E.A. (2002). "The Politics of Religion in the Age of Mary, Queen of Scots: The Earl of Argyll and the Struggle for Britain and Ireland". Cambridge University Press. 
  6. Ainmníocht na gcráitéar ar Europa, planetarynames.wr.usgs.gov.