Fianshruth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Luann an teideal Fianṡruth Fionn (Meán-Ghaeilge Fianṡruth (Find)) do dhá liosta in ord aibítre na Meán-Ghaeilge, d'ainmneacha na Fiannaíochta. Caomhnaítear iad ach amháin sa Leabhar Buí Leacáin, ag dul siar is amhlaidh go dtí an dóú hais déag.[1] Molann Gerard Murphy gurbh fhéidir é gur cuireadh tús leis an cnuasach chomh luath is an t-aonú haois déag.[2] I dteannta leis na liostaí, aitheanta mar A agus B, tá réamhrá beagnach mar an gcéanna. I measc na c. 170 ainm iontu, ní fhaightear líon mór dóibh i bhfoinsí eile, while aineoinn go bhfuil líon eile de lucht aitheanta na Fiannaíochta, amhail is Fergus Finnbél, in easnamh.

Lámhscríbhinní[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Liosta A: LBL (lch. 119a ff), le teideal: “It e annso anmann muntire Find .i. fiandsroth fian Find u(i) Baiscne”
  • Liosta B: LBL (lch. 325a), le teideal: “Fianruth Fiand inso”

Teideal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir an chiall seanchas na bhFiann a bhaint as an teideal fian-ṡruth. Mar a chuir Stern in iúl, feictear an focal sa Dinnseanchas Aoi, mar cheann de na genres liteartha na chóir a aithris ag Aonach Charmain:

Meán-Ghaeilge Nua-Ghaeilge[3]
Is iat a ada[4] olla[5]: …
Fian-shruth Find, fáth cen dochta,
togla, tána, tochmorca,
slisnige, is dúle feda,[6]
áera, rúne romera...
Is iad oll-adha[7] [an aonaigh]: …
Fianshruth Fhionn, fáth gan docht,
toghla[8], táinte, tochmhairc,
sliseanna, agus leabhair sheanchais,
aortha, rúin rómheara...[9]

Réamhrá ó Liosta B[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seachas i bhfoirm macasamhála, ní foilsíodh liosta na n-ainmneacha fós. Seo a leanas an réamhrá do liosta B (difríochtaí i dtaca le liosta A idir lúibíní), aistriúchán Gearmáinis le Ludwig Stern, agus aistriúchán Nua-Ghaeilge:

Meán-Ghaeilge Géarmánis Nua-Ghaeilge

Iar ngabail rigi nErend do Cormac hua Cuind 7 iar nindarpa Lugaid Meiccon 7 iar ndith Fergusa Dub-detaig ... roboi cain Cormaic for Erind co 'adbal 7 co dirímh, gur ba lan in Eire dia cheithernaib. Is e ropa thaiseach teglaig 7 ropa cheand deorad 7 amhus 7 cech ceithirne archena[10] la Cormac Find mac Cumaill, conad friusin atberat in daescar-sluag Fianna Find .i. rigfeindig, ised (is iat?) robatar fri laim Find forrusin. Erroi[11] nonbair cech fir dib 7 cerd manchuine[12] ut fuit la Coinculaind. Is e didiu Find ropa taisech foraib la cech rig airsuidhiu cin romair 7 Oiséne ina diaid; ar ni rabatar ceitherna rig Temrach ni bá deach ina occusin. It e v [13] na fiannasa fichset[14] (fichsetar A) cath Cuillenn (Chuili Cuilleann A) 7 cath Cliach 7 cath Comair-tri-nusci 7 cath Muigi Inis 7 cath slebi Mis 7 cath Luacra (slebe Luachrai A) 7 cath sidhe Feimin 7 cath Fea 7 cath Crinna 7 cath Sidhe-da-bolg. Ocus it e rofichsetar (dofichetar A) iarsuidiu Indsi Derglocha (derglacha A) a sidhib la Find hua Baiscne for Ruadhraidh mac Boidb 7 ri. (et for Dercthiu A). Nach rig (ri A) tra las andeachadar na fiannusa i cath no an irgail riam is rompu nomuidheadh[15] (is riam romeabaid for firu hErind A).

Nachdem Cormac mac Airt König von Irland geworden, Lugaid mac Con vertrieben und Fergus Dubdétach gestorben war, lag die Steuer Cormacs auf Irland, gross und unermesslich, und Irland war voll von seinen Truppen. Da war Fionn mac Cumhaill Stammeshäuptling und das Haupt der Auswandrer und Söldner und zugleich jeder Truppe bei Cormac. Diese nannte das gemeine Volk die Fianna Finns, d.h. die Fiannenhäuptlinge, die neben Finn über sie gesetzt waren. Die Last von neun Mann auf jeden Mann von ihnen und die Regel des Dienstes waren wie bei Cú Chulainn. Und Finn war also hernach unter jedem Könige Häuptling über sie, so lange er lebte, und Oisín nach ihm; denn die Truppen des Königs von Teamhair waren nirgends besser als bei ihnen. Die Fianna aber kämpften die Schlacht von Cuile Cuilleann, von Cliu (?), von Comar-tri-nusci, von Mag Inis, von Sliab Mis, von Sliab Luachra, von Sid Feimin, von Fea, von Crinna und von Sid-dá-bolg. Und sie kämpten darnach (die Schlacht) von Inis-derglocha, dem Síd-Orte, nämlich Finn hua Baiscne gegen Ruadhraidh den Sohn Bodbs, etc. Gegen welchen König immer die Fianna in die Schlacht oder in den Streit zogen, der wurde von ihnen besiegt.

I ndiaidh a rinneadh Cormac mac Airt ina Ard-Rí na hÉireann, agus a díbríodh Lugaid mac Con agus a maraíodh Fergus Dubdétach ... bhí cáin ábhal[16] dírímh[17] Chormaic ar Éirinn, agus bhí Éire lán dá cheithearna.[18] Is taoiseach teaghlaigh agus ceannaire na ndeoraithe agus na n-amhas[19] agus gach ceithirne archeana[20] le Cormac é Fionn mac Cumhaill, ... a deirtear freisin an daoscairshlua Fianna Fhionn [iad], .i. ríthe na bhFiann faoi láimh Fhionn freisin. Bhí eire naonúir de gach fear díobh agus ceard manchaine[21] mar a bhí le Cú Chulainn. Agus bhí Fionn ina thaoiseach as sin amach le gach rí fad is a mhair sé, agus Oisín ina dhiaidh; agus ní raibh ceitherna rí na Teamhrach níos fearr ná 'sacusan. Throid na Fianna cath Cuillenn 7 cath Cliach 7 cath Comair-tri-nusci 7 cath Muigi Inis 7 cath slebi Mis 7 cath Luacra 7 cath sidhe Feimin 7 cath Fea 7 cath Crinna 7 cath Sidhe-da-bolg. Agus throideadar i ndiaidh sin (cath) Indsi Derglocha, an sidhe le Fionn Ó Baiscne, in éadan Ruadhraí mhic Bhoibh srl. Pé rí a chuaigh in aghaidh na bhFiann i gcath nó in iorghal, clíodh é.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Atkinson, Robert. Yellow Book of Lecan. Baile Átha Cliath, 1896. Eagrán macasamhla, ll. 119, 325.
  • Gwynn, Edward (eag. agus aistr.). The Metrical Dindshenchas. Iml. 3. Baile Átha Cliath: IAL-BÁC, 1906. Le fáil ar CELT.
  • Meyer, Kuno (réamh-rá, eag. agus aistr.). Fíanaigecht, being a Collection of Hitherto Unedited Irish Poems and Tales Relating to Finn and his Fiana, with an English Translation. Todd Lecture Series 16. Baile Átha Cliath: IAL-BÁC, 1910.
  • Stern, Ludwig Christian. “Fiannshruth.” Zeitschrift für celtische Philologie 1 (1897). ll. 471-3.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Meyer, Fianaigecht, lch. xxx.
  2. Duanaire Finn. The Book of the Lays of Finn. Iml. 3. ITS. Londain, 1953. xli agus lx.
  3. Á aistriú sách focal ar fhocal ón tMeán-Ghaeilge ag Marcas
  4. ada(e) ar eDIL
  5. oll ar eDIL
  6. 3 dúil ar eDIL
  7. adha ar teanglann.ie FGB
  8. toghail ar teanglann.ie FGB
  9. Gwynn, The Metrical Dindshenchas, iml 3, ll. 18-21.
  10. archena ar eDIL
  11. erroi ar eDIL
  12. manchaine ar eDIL
  13. Is é an litir anseo ná v le ciorcal thuas
  14. fecht ar eDIL
  15. maidid ar eDIL.
  16. ábhal ar teanglann.ie FGB
  17. dírímh ar teanglann.ie FGB
  18. cheithearn ar teanglann.ie FGB
  19. amhas 1 (b) ar teanglann.ie
  20. archeana ar teanglann.ie
  21. manchaine ar teanglann.ie FGB