Fergus Dubdétach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, rí na nUladh agus Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Fearghas Dubhdhéatach (Sean-Ghaeilge Fergus Dubdétach) (dubhfhiaclach).

Tháinig sé i gcoróin i ndiaidh díbirt ó Theamhair a réamhtheachtaí, Lugaid mac Con, ag Cormac mac Airt, agus maraithe i Mumhain ag file Chormaic, Ferches mac Commáin. Ruaig ansin Fearghas agus a bheirt dheartháireacha, Fearghas Caisfhiachlach (fiacal briste) and Fearghas Foltlebair (gruaig fhada), Cormac go Connacht agus tháinig Fearghas féin i gcoróin. Bhí sé i réim ar feadh aon bhliain amháin, sular chloígh Cormac é, le cabhair ó Thadhg mac Céin agus Lugaid Láma, i gCath Crinna.

Ní dhéanann an Leabhar Gabhála na hÉireann lua ar birth ar shinsearacht Fearghasa.[1] Tugann Seathrún Céitinn ginealach fada dó, ag ainmniú a athair mar Finnchad mac Ogaman mac Fíatach Finn, rí na nUladh agus iar-Ard-Rí na hÉireann.[2] De réir na gCeithre Máistrí ámh, ba é Imchad athair Fhearghasa, ach ní rianaíonn siad a shinsearacht as sin amach.[3]

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 337
  2. Foras Feasa ar Éirinn, 1.42
  3. Annála na gCeithre Máistrí, M226


Roimh
Lugaid mac Con
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ déanach-2a haois
FFÉ 203–204
ACM 225–226
Tar Éis
Cormac mac Airt