Cormac mac Airt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarCormac mac Airt
Cineálduine a d’fhéadfadh a bheith ficseanúil Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathamonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Riocht leighisleathshúileach Cuir in eagar ar Wikidata
BreithÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairArt mac Cuinn Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíCairbre Lifechair, Dáire mac Cormaic agus Gráinne Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
CúramArdrí na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

I miotaseolaíocht na nGael, laoch agus Ard-Rí ba ea Cormac mac Airt. B’fhéidir go raibh sé ann i ndáiríre, cé go bhfuil a lán finscéalta ina thaobh. Ba shiombal de ríogacht na Teamhrach é - cóir, síochánta agus fírinneach.

Breith agus óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iar-Ard-Rí na hÉireann, Art mac Choinn (Art mac Cuinn]), ba ea athair Chormaic. Achtan, iníon Olc Acha, gabha (nó draoi) as Connachta, ba ea a mháthair. Bhí deartháir óg ag Cormac darbh ainm Alastair.

Deir an scéal "Cath Mag Mucrama" gur chuir Olc fáilte roimh Art an oíche roimh an gcath úd. Insíodh i dtairngreacht d'Olc go n-uaisleofaí a shliocht; dá bhrí sin thairg sé a iníon (Achtan) don Ard-Rí chun luí leis an oíche úd, agus gineadh Cormac.[1] (Deir Seathrún Céitinn gurbh í céile Airt Achtan agus gur thug sé coibhche (spré) bhólachta di.)[2]

Insítear go raibh fís ag Achtan agus í ina luí le hArt. Chonaic sí í féin agus a ceann bainte di agus crann mór ag fás as a muineál. Shín an crann a chraobhacha thar an tír go dtí gur éirigh an fharraige agus gur shlog sí é. D'fhás crann eile ó fhréamhacha an chéad chrann ach tháinig gaoth láidir a leag é. Dhúisigh Achtan de phreab ansin agus dúirt sí le hArt céard a chonaic sí. Thug Art le fios gurbh é ceann gach mná a fear céile agus go n-éagfadh sé féin i mbun comhraic an lá dár gcionn. Ba é a macsan an chéad chrann, fear a bheadh ina Ard-Rí ar an tír, agus cnámh éisc a thachtfadh é ba ea an fharraige a shlog é. Ba é an dara crann a mhac Cairbre Lifechair, fear a thiocfadh i gcomharbacht ina dhiaidh, agus cath ba ea an ghaoth a leag é, cath in éadan na bhFiann ina dtitfeadh sé. An lá dár gcionn, chloígh a nia Lughaidh mac Chon (Lugaid mac Con) Art agus mharaigh é, agus rinneadh Ard-Rí nua de.

Thug mac tíre baineann Cormac léi agus é ina leanbh agus thóg sí lena coileáin é in uaimheanna na Céise i Sligeach, ach d'aimsigh sealgaire é agus thug ar ais leis chuig a mháthair é. Thug Achtan léi chuig Fiachra Casán (Fiachrae Cassán) ansin é, fear a bhí ina athair altrama Airt. Ar an mbealach, d'ionsaigh mic tíre iad, ach chosain capaill fhiáine iad.[3]

Teacht i réim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é tríocha bliain d'aois agus claíomh a athar aige, tháinig Cormac go Teamhair. Bhuail sé ann le giolla a bhí ag tabhairt sólás do bhean a bhí ag caoineadh. Thug an giolla le fios gur thóg an tArd-Rí Lughaidh a cuid caorach di toisc go raibh siad tar éis glaisiní[4] ithe i bpáirc na banríona. Dúirt Cormac: “Ba chóra an lomairt tar éis a chéile” ("Ba cōru in lomrad tar hēsi a chēli"), toisc go bhfásfadh idir ghlaisiní agus lomra arís. Nuair a chuala Lugaid é sin, d’admhaigh sé gurbh fhearr breithiúnas Chormaic ná a bhreithiúnas féin agus lig sé uaidh an ríocht.[5][6] Deir scéalta eile gur chuir Cormac an ruaig ar Lughaidh,[7][8] nó gur fhág sé siúd Teamhair toisc gur thuar a draoithe nach mairfeadh sé sé mhí eile dá bhfanfadh sé.[2] Deir an dá leagan go ndeachaigh Lughaidh chuig a mhuintir i Mumhain, áit ar mharaigh an file Fearchas mac Chomain (Ferches mac Commain) le sleá é agus a dhroim le gallán.

Ní raibh Cormac in ann an Ard-Ríogacht a éileamh, toisc gur dhíbir rí Uladh, Fearghus Dhubhdhéatach (Fergus Dubdétach), go Connachta é agus gur thóg an ríocht dó féin. D'iarr Cormac cabhair ar Thadhg mac Chéin (Tacg mac Céin), tiarna áitiúil ar mharaigh Fergus a athair. Gheall Cormac dó, dá gcabhródh sé leis, a oiread talún ar Mhaigh Bhreá is a bhféadfadh sé a cuairt a thabhairt i gcarbad in aon lá amháin. Chomhairligh Tadhg dó deartháir a sheanathar, Lughaidh Lámha (Lugaid Láma), a thabhairt ina leith. Fuair Cormac ina luí i mbothán seilge é agus é gonta sa dhroim ag sleá. Dúirt Lughaidh leis gurbh eisean a mharaigh athair Chormaic i gCath Mhaigh Mucruimhe (Cath Maighe Mucruime). D'éiligh Cormac in éiric a shaoil air go dtabharfadh Lughaidh ceann Fhearghusa chuige.

Agus Tadhg agus Lughaidh ina theannta, rinne Cormac ar Fhearghus agus thosaigh Cath Chrionna (Cath Crinna). Ba é Tadhg a bhí i gceannas agus Cormac fágtha ar gcúl aige. Bhain Lughaidh an ceann de dheartháir Fhearghusa, Fearghus Foltleabhair (Fergus Foltlebair), agus thug chuig giolla Chormaic é. Dúirt an giolla leis nárbh é sin ceann rí Uladh. Bhain sé an ceann de dheartháir eile Fhearghusa, Fearghus Caisfhiaclach (Fergus Caisfiaclach), agus arís dúirt an giolla leis nárbh é sin an ceann ceart. Sa deireadh mharaigh sé Fearghus Dubhdhéatach féin, agus nuair a dheimhnigh an giolla gurbh é an ceann ceart thit Lughaidh as a sheasamh le traochadh.

Scaip Tadhg arm Fhearghusa soir siar agus d'ordaigh sé dá charbadóir cuairt na Maighe Breá a thabhairt agus Teamhair san áireamh. Bhí sé gortaithe go dona agus thit sé i bhfanntais i rith an chúrsa. Ar theacht chuige féin dó d'fhiafraigh sé den charbadóir an raibh Teamhair curtha de fós aige. Nuair a dúirt an carbadóir leis nach raibh, mharaigh Tadhg é, ach sula raibh sé in ann an cúrsa a chur i gcrích tháinig Cormac air agus d'ordaigh dá lianna Tadhg a leigheas - cóireáil a thóg bliain orthu. Tháinig Cormac i réim agus bhronn ar Thadhg réimsí móra talún i dtuaisceart na tíre.[2]

Clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir an scéal "Esnada Tige Buchet",[9] gur phós Cormac Eithne Thaobhfhada (Eithne Táebfada), iníon Chathair Mhóir agus iníon altrama le Buchet, tiarna bólachta saibhir as Laighin a bánaíodh de dheasca a féile. Deir scéalta eile gur bhean chéile le sheanathair Chormaic, Conn Céadchathach (Conn Cétchathach), ba ea Eithne. Deir Céitinn[2] gurbh inín altrama le Buchet, Eithne Ollamhdha (Eithne Ollamda), iníon Dhúnlaing, rí na Laighean, a phós Cormac.

De réir Chéitinn freisin gur phós Cormac bean eile, Ciarnait, iníon rí na gCruithneach, ach go raibh Eithne chomh mór sin in éad léi as a háilleacht gur chuir sí iachall uirthi naoi dtomhas gráin a mheilt gach lá. Scaoil Cormac ón obair sin í trí mhuileann uisce a thógáil.

Dúradh go raibh triúr mac, Dáire, Ceallach (Cellach) agus Cairbre Lifechair ag Cormac, agus deichniúr iníonacha. Phós beirt díobh siúd, Gráinne agus Aillbhe, Fionn mac Cumhaill, mar a insítear sa scéal "Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne".<!—Gealladh Gráinne d’Fhionn, ach d’éalaigh sí le laoch óg de na fianna, Diarmuid Ua Duibhne. Rinneadh athmhuintearas idir Diarmuid agus Fionn, ach thug Fionn bás Dhiarmada i rith seilg torc. Chuir a mhac Oisín de náire air cúiteamh a dhéanamh le Gráinne. Pósadh Fionn agus Gráinne agus d’áitigh Gráine ar a clann mhac gan cogadh a chur ar Fhionn.[10]-->

Réim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cuntas soiléir ar Chormac le fáil in Annála na hÉireann.[8] Chuir sé go leor cathanna, chuir sé smacht ar Ulaidh agus ar Chonnachta, agus d’fhear cogadh fada ar an Mumhain. Deirtear go ndeachaigh sé anonn go dtí An Bhreatain sa cheathrú bliain déag dá réim agus gur rug buanna ann. Sa chúigiú bliain déag rinne Dúnlaing, rí na Laighean, sléacht ar thríocha ógbhan i dTeamhair, agus chuir Cormac dhá phrionsa dhéag de chuid na Laighean chun báis dá bharr. Deir téacsanna eile gur athrígh na hUlaidh faoi dhó é agus go raibh sé ar iarraidh tráth ar feadh ceithre mhí. Deirtear fosta gur thiomsaigh sé Saltair na Teamhrach, leabhar a bhfuil croinicí na hÉireann ann, in éineacht le dlíthe na gcíosanna agus na gcánacha ba chóir a thabhairt do ríthe agus cur síos ar theorainneacha na hÉireann.[11]

Cé gur iondúil go gcuimhnítear air mar rí cóir críonna, tá scéal amháin ann bhfágann dea-chlú air. Nuair a dháil sé ar dhaoine eile an t-eallach go léir a fuair sé mar cháin ó na cúigí, ní raibh a dhóthain eallaigh aige chun a theaghlach a chothú agus a chuid tréad féin buailte ag an bplá. D’áitigh giolla air dhá leath a dhéanamh den Mhumhain i leith is nár íoc an leath theas cáin riamh. Chuir sé teachtairí ann chun cíos a éileamh ach dhiúltaigh Fiacha Maoil-leathan (Fiachu Muillethan), rí dheisceart na Mumhan, dó agus fuair Cormac faoi réir le cogadh a chur air. A dhraoithe féin, dream nár thug droch-chomhairle riamh dó, thuar siad anachain. Thug sé cluas bhodhar dóibh mar b’fhearr leis comhairle a ghlacadh ó chúigear draoithe ón Sí a chuir a leannán Báirinn chuige.

Rinne Cormac ar an Mumhain agus shuigh a champa ar Dhroim Dámhgháire (Druim Dámhgaire). Rinne draíocht a dhraoithe nua an áit doghafa agus a ghaiscígh dochloíte. D’ídigh siad an t-uisce ar na Muimhnigh agus ba bheag nár ghéill Fiacha. Le teann éadóchais d’iarr sé cúnamh ar oldraoi na Mumhan, Mogh Rotha, draoi a bhí in ann draoithe Chormaic féin a shárú. Thug Mogh Rotha an t-uisce ar ais agus chum sé cúnna draíochta a chloígh draoithe an tSí. Mhúscail sé anfaí lena anáil agus rinne cloch de na fir. Cuireadh an ruaig ar Chormac as an Mumhain agus b'éigean dó réiteach a iarraidh.

Echtra Cormaic i Tír Tairngire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa scéal Cormac mac Airt[12][13] rinne Manannán mac Lir, dia na mara, Cormac a mhealladh le “craobh airgid le trí úlla óir lena hais” (rud draíochta) mar mhalairt ar a theaghlach. Tugadh Cormac go dtí an t-Alltar agus mhúin Manannán ceacht géar dó, ach sa deireadh tugadh a bhean agus a chlann ar ais dó. Thug Manannán cupán óir mar dhuais dó a thitfeadh ó chéile dá n-inseofaí trí bhréag os a chionn agus a d’athchumfaí é dá n-inseofaí trí fhírinne os a chionn.[14] Bhain Cormac úsáid as an gcupán seo chun bréag a aithint thar fhírinne, ach d’imigh sé as amharc nuair a fuair Cormac bás, díreach mar a dúirt Manannán leis.

I dtéacs de chuid an 8ú haois Tucait innarba na nDessi i mMumain, déantar cur síos ar an aighneas idir Cormac agus na Déise, sliocht shin-seanathair Chormaic, Feidhlimí Reachtmhar (Fedlimid Rechtmar). D'fhuadaigh Ceallach (Cellach) (nó Conn), mac Chormaic, Forach, iníon le taoiseach Déise. Tháinig a uncail Aonghus Gabhuach (Óengus Gaíbúaibthech) chun í a tharrtháil, ach dhiúltaigh Ceallach í a scaoileadh saor. Sháigh Aonghus Ceallach lena "shleá mhillteach", a raibh trí shlabhra uirthi. Ghoin na slabhraí úd comhairleoir le Cormaic agus bhain radharc leathsúile de Chormac. Chuaigh Cormac faoi sheacht i gcomhrac leis na Déise, agus ruaig sé as a dtailte iad. Chuaigh siad ar fán agus chuir siad fúthu i gcúige Mumhan.

Chuaigh Cormac chun cónaithe i dTeach Cleitigh (Tech Cletig) ar chnoc Achaill, toisc nárbh chóir dó agus máchail súl air a bheith i réim i Teamhair. Thit a dhualgais rí ar a mhac, Cairbre Lifechair.[2][8][15][16]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó a bheith i réim le daichead bliain thacht cnámh bradáin Cormac agus fuair sé bás. Deir foinsí éigin gur thit sin amach de thoradh mallachta a chuir draoi ar Chormac toisc gur thiontaigh Cormac ina Chríostaí. Tháinig Eochaidh Gonat (Eochaid Gonnat) i gcomharbacht air.

Achar réimis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Craobh ghinealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

 
 
 
 
 
 
Conn Cétchathach
 
Eithne Táebfada
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Medb Lethderg
 
Art mac Cuinn
 
Achtan
 
 
 
Macnia mac Lugdach
 
Saruit
 
Ailill Aulom
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Cormac mac Airt
 
Eithne Ollamda
 
 
 
Lugaid mac Con
 
Éogan Mór
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Cairbre Lifechair
 
Diarmuid Ua Duibne
 
Gráinne
 
Fionn mac Cumhaill
 
Aillbe
 
Fiachu Muillethan
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Fíachu Sroiptine
 
 
 
 
 
 
Eochaid Doimlén
 
 
 
 
 
 
 
 
Ailill Flann Bec
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Connachta
 
Uí Néill
 
*
 
Uí Maine
 
Airgíalla
 
 
Eoghanachta

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Battle of Mag Mucrama" ar maryjones.us
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 1.42, 1.43, 1.44, 1.45, 1.46
  3. 3.0 3.1 Francis J. Byrne, Irish Kings and High Kings, Four Courts Press, 2001, ll. 65-69
  4. Isatis tinctoria
  5. Máirín O Daly (eag.), "The Heroic Biography of Cormac mac Airt", Cath Maige Mucrama : the battle of Mag Mucrama, Irish Texts Society, 1975.
  6. Standish Hayes O'Grady (eag. & aistr.), "The Birth of Cormac", Silva Gadelica, 1892
  7. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Leabhar Gabhála na hÉireann: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 337-339
  8. 8.0 8.1 8.2 Annála na gCeithre Máistrí, M225, 266
  9. "The Melody of the House of Buchet
  10. Tom Peete Cross and Clark Harris Slover (eag.), "The Pursuit of Diarmuid and Grainne", Ancient Irish Tales, 1936
  11. Standish Hayes O'Grady (eag. & aistr.), "The Panegyric of Cormac mac Airt", Silva Gadelica, 1892
  12. Echtra Cormaic ar Irish Sagas
  13. Echtra Cormaic i Tír Tairngiri Curtha i gcartlann 2021-08-18 ar an Wayback Machine ar CODECS
  14. Gregory, Lady Augusta (1903) online "Part I Book IV: His Three Calls to Cormac" in Gods and Fighting Men. Buckinghamshire, Colyn Smyth
  15. Kuno Meyer (eag. & aistr.), "The Expulsion of the Déssi", Y Cymmrodor vol. XIV, 1901
  16. Vernam Hull, ."Expulsion of the Déssi", Zeitschrift für Celtische Philologie iml. 57, 1957
Réamhtheachtaí
Fergus Dubdétach
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ 2a haois
FFÉ 204–244
ACM 226–266
AU 326–366
Comharba
Eochaid Gonnat