Cath Fhionntrá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search


Is insint próis na Fiannaíochta as luath-NuaGhaeilge é Cath Finntrágha. Mar a chaomhnaítear inniu é, is amhlaidh go dtéann an téacs siar go dtí an 15ú haois, ach is amhlaidh go bhfuil sé bunaithe ar ábhair níos sine. Insítear scéalta maidir le Fionn mac Cumhaill agus na Fianna, agus Éire á chosaint acu in éadan ionraidh iasachta i gceannas rí an domhain, Dáire Donn.

Ceann Trá

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé ar intinn ag Dáire Donn, "rí an domhain" agus an taoiseach is cumhachtaí na hEorpa, Éire a ionradh. Bhí díoltas uaidh as Fionn mac Cumhaill óige gur éalaigh sé le hiníon agus bean chéile Bholcáin, Rí na Fraince, agus é i seirbhís gallóglaigh dó. Le cois sin, bhí onóir agus mórchúis Dháire spreagtha le scéalta faoi rath Fionn. Bhailaigh sé arm mór ó fhud na hEorpa agus tháinig sé i dtír in Éirinn ar Fionntrá, Contae Chiarraí), gar don Daingean. Tharla cath mór fada ansin. Chuaigh Oisín mac Fionn í gcomhrac aonair in éadan Bolcáin, a chuaigh as a mheabhair maraon le Suibhne Geilt, agus theith sé, agus i ndeireadh na dála tháinig i dtír ag Gleann Bolcáin.[1]

Tháinig ar an bhfód mac óg rí na nUladh le buíon bhuachaillí chun Fionn a thacú, ach maraíodh é. Le teacht na dTuatha Dé Danann ámh, thóg na Gaeil an lámh in uachtar. Mharaigh Fionn Dáire Donn agus banghaiscíoch na Gréige Ógarmach, thug na hionróirí an cás suas agus theith siad.

Lámhscríbhinní agus stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar a caomhnaítear inniu é, is amhlaidh go dtéann ann téacs siar go dtí an 15ú haois i dhá phárlámhscríbhinn:

  1. Oxford, Bodleian Library, MS Rawlinson B. 487, ll. 1–11
  2. Baile Átha Cliath, Acadamh Ríoga na hÉireann, MS 29 (olim 23 L 24), ll. 328–337, 355–361.

I nóta scríofa i Rawlinson B. 487, maíonn an scríobhaí Finnlaech Ó Cathasaigh as Tír Amhlaidh, Contae Mhaigh Eo gur chum sé an scéal do Shadhbh Ní Mháille (iníon Tadhg Uí Mháille), bean chéile Richard MacWilliam Bourke (bás 1479).

Molann tagairtí níos luaite do chath Fhionn ag Fionntrá go raibh leagan nó dhó i dtreis chomh luath is an 12ú haois. Luaitear an eachtra i scéal grá de chuid Agallamh na Seanórach. D'imigh Fionn leis chun troid lena namhaid, ach bhris sé an turas chun bheith ina fhear chleamhnais do Cáel agus Créde. Ag deireadh an chatha seacht lá déag, bháigh Cáel ar tóir namhaid, agus d'éag Créde de bhrón.[2]

Faightear i téacs an 15ú haoise, scéal fíor-athbhreithnithe, le hábhair ilchineálacha ón Fiannaíocht, ón Rúraíocht agus óna Scéalta miotaseolaíochta. Moladh go bhfuil a chreatlach bunaithe ar scéal níos luaite, Cath Trága Rudraigi, ina ionsaíonn airm na Lochlannach Éire agus téann i gcomhrac ag Dún Droma, Contae an Dúin.

Seantráchtaireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug John O'Donovan roinnt léargas suimiúil ar Chath Fhionntrá ina litreacha An Suirbhéireacht Ordanáis 1841. Thug sé faoi deara roinnt carn adhlactha gar do Cheann Trá, a mheastar gur fianaise de mhór-ár iad, i dteannta le dearbhuithe áitiúla de chnámha agus de blaoscanna aimsithe taobh thoir den trá. Thug sé faoi deara chomh maith talamh bog aitheanta mar reilg na n-ár, Goin na dTréanfhear.[3]

Eagráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cath Finntrágha
    • eag. agus aistr. Cecile O'Rahilly, Cath Finntrágha. Mediaeval and Modern Irish Series 20. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1962, le fáil ar CELT.
    • eag. agus aistr., Kuno Meyer, Cath Finntrága or The Battle of Ventry. Mediaeval and Modern Irish Series 1.4. Oxford: Clarendon, 1885. Eagraithe ón Bodleian Library, Rawlinson B. 487, le variants ó Egerton 149. Tá an t-aistriúchán Béarla le Meyer le fáil ar maryjones.us.

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Breatnach, Caoimhin. "The Historical Context of Cath Fionntrágha." Éigse 28 (1994–1995): 138–55.
  • Tá an t-úrscéal Storm Shield le Kenneth C. Flint bunaithe ar na carachtair agus imeachtaí sa Chath Fhionntrá.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Bolcán, Contae na GaillimheMhaigh Eo ar logainm.ie
  2. Acallam na Senórach, aistr. Dooley and Roe, ll. 24–8.
  3. John O’Donovan, Ordnance Survey Letters on the Antiquities of the County of Kerry, 30 Iúil 1841 (tag. 14/C/30/8 (viii) [1]