Jump to content

Agallamh Beag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAgallamh Beag
Cineáldíolaim agus scéal Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Foilsithe iLeabhar Leasa Mhóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
PríomhábharAn Fhiannaíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Is cnuasach scéalta na Fiannaíochta é Agallamh Beag (Sean-Ghaeilge Acallam Bec), caomhnaithe sa Leabhar Leasa Mhóir den 15ú haois agus an Lámhscríbhinn Reeves. Tá gaol gar aige le Agallamh na Seanórach, a mheastar scaití gur athleagan níos deireanaí dó siúd é.[1] Mar a mhalairt ar an Seanórach, is é Oisín laoch an scéil, in ionad Chaoilte mhic Rónáin. Mhol Dubhghlas de hÍde gurb fhéidir go gcaomhnaíonn an téacs tús na Senórach atá caillte.[2]

  1. Murphy, The Ossianic Lore and Romantic Tales of Medieval Ireland, lch. 26.
  2. Hyde, "The Reeves Manuscript of the Agallamh na Senorach."