Mogh Rotha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Mogh Roith)
Jump to navigation Jump to search

Deirtear sna seanscéalta gur dhraoi dall é Mogh Rotha (Mug Ruith) a bhíodh ina chónaí ar oileán Dhairbhre i gCiarraí. Bhí sé i gcumas borradh thar compás; thógadh a anáil stoirmeacha agus dhéanadh sí cloch de dhaoine. Chaitheadh sé seithe tairbh gan adharca agus masc éin agus d’eitlíodh sé i gcarr darbh ainm an roth rámhach. Bhí carbad daimh aige a dhéanadh lá geal den oíche, sciath dhubh réaltbhreac na bile airgid, agus cloch a ndéanfaí eascann nimhe di ach í a chaitheamh isteach san uisce.

Scéalaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá baint ag Mogh Rotha le tréimhsí éagsúla sna scéalta. Deirtear go raibh sé beo le linn Chormaic mhic Airt sa 3ú haois agus deirtear freisin go raibh beo in Iarúsailéim le linn Chríost. In Lebor Gabála Érenn deirtear go bhfuair sé bás le linn Chonmhaoil, beagnach dhá mhíle bliain roimh aimsir Chormaic. De bharr na scéalta sin, b’fhéidir, a dúirt na filí go raibh sé thar a bheith fadsaolach: deir cuntas amháin gur mhair sé i rith réimeas naoi rí dhéag. Maíonn scoláirí éigin go mbíodh sé ina dhia gréine nó anfa.

Bhí finscéalta ann i dtaobh a eachtraí sa Talamh Naofa. Dúradh gur dhalta le Síomóin Draíodóir é, fear a mhúin draíocht dó agus a chuidigh leis an carr eitilte roth rámhach a dhéanamh. Deirtear i dtéacsanna difriúla gur carr í siúd atá déanta de chaorthainn, í á tarraingt ag dhá dhamh le fearsaidí fiondruine, dhá leath ghloine uirthi, agus carr ar comhsholas lá agus oíche do na daoine í. Dallann sí an té a fhéachann uirthi, bodhraíonn sí an té a chloiseann í agus maraíonn sí pé duine a bhuaileann sí.[1] In dhá dhán ar a laghad deirtear gurb é Mogh Rotha an básaire a bhain an ceann d’Eoin Baiste agus a tharraing mírath ar mhuintir na hÉireann. Tá príomhpháirt aige freisin in Forbhais Droma Dámhgháire, scéal a bhaineann le haimsir Chormaic mhic Airt. Beireann sé bua ar dhraoithe Chormaic i gcath draíochta mar mhalairt ar thalamh a fháil ón rí Fiachu Muillethan i ndeisceart na Mumhan, rí a raibh Cormac ag iarraidh cáin a ghearradh air. Déantar caoirigh de thrí dhraoi, Earghe, Eang and Eanghain, ar an taobh eile, agus iad ina laochra fíochmhara fós, ach déanann Mogh Rotha trí chú draíochta:

Araidhe, as amlaidh ro batar na coin, & tri corrthaire theined ar derglasad a craesaib doib. Ocus mar rancatar & na cairigh a ceili imscibhesdar in lasair fo na cairibh cu na fharcoib loe na finna forru gan loscad.[2]
Mar sin féin, is amhlaidh a bhí na cúnna agus trí chiumhais thine ar dearglasadh i gcraois dóibh. Agus nuair a bhuail siad féin agus na caoirigh ar a chéile chuaigh an lasair ag léim ar na caoirigh go dtí nár fágadh olann ná fionnadh orthu gan loscadh.

Teitheann na caoirigh agus scriosann na cúnna iad.

Ba í Tlachta (Tlachtga) iníon Mhogh Rotha, bandraoi cumhachtach a d’fhág a hainm ar chnoc sa Mhí agus ar fhéile na háite sin. D’éignigh Síomóin Draíodóir (nó a thriúr mac) í agus rug sí triúr mac dá cuid féin, Dorbh, Cuma agus Muach.[3]

Ba í an chríoch a fuair Mogh Rotha ar son a shleachta Fir Mhaí Féine (Fir Maige Féne), agus deireadh an mhuintir a raibh an t-ainm sin orthu gur de shliocht Mhogh Rotha iad.[4]

Sliocht as Dícheannadh Eoin (Flann Fíona a scríobh)[5][cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh do Mhogh Roith, do thogh
luach ar Eoin do dhícheannadh;
dob é luach Mhogh Roith iar sin
roghadh de na hingheanaibh.
Iar sin do chuaigh Mogh Roith rán
do mharbhadh Eoin, gérbh imnár,
go dtug leis d’Ioruath i mbroid
ceann Eoin ar mhéis ghil airgid.
Trésan scéal sin, báigh go mblaidh,
an fhéil Eoin ar Ghaedhealaibh,
nach bia de shíl Gaedheal nglan
acht mbadh aointrian gan mharbhadh.
An t-aointrian fuigfithear ann
do shluagh Gaedheal agus Gall,
a mhic Mhuire, is truadh an dál,
a ndul uile do dhubhthámh.

Nua-Ghaeilge

  • Tugadh tuarastal do Mhogh Rotha, agus thogh sé é, ar Eoin a dhícheannadh; ba é tuarastal Mhogh Rotha ina dhiaidh sin a rogha d’iníonacha an teaghlaigh.
  • Ansin chuaigh Mogh Rotha fíoruasal chun Eoin a mharú, cé gur náire é, agus thug ceann Eoin ar mhias gheal airgid chun Héaróid faoi dheifir.
  • Tríd an scéal sin (aighneas iomráiteach) tiocfaidh Féile Eoin ar na Gaeil agus ní bheidh ann de na Gaeil ghlana ach an tríú cuid gan mharú.
  • An tríú cuid de Ghaeil agus de Ghaill a fhágfar, is trua an scéal, béarfaidh aicíd dhubh orthu.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Seán Ó Duinn (aistr.) (1993), Forbhais Droma Dámhgháire: The Siege of Knocklong
  • James MacKillop (1998), Dictionary of Celtic Mythology. Londain: Oxford. ISBN 0-19-860967-1.

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Carey, John (eag.). "An Old Irish poem about Mug Ruith." Journal of the Cork Historical & Archaeological Society 110 (2005), ll. 113–34.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. [1] Alan Ward: The Myths of the Gods: Structures in Irish Mythology, 1981.
  2. Forbuis Droma Damhghaire: mír 101: https://celt.ucc.ie/published/G301044/index.html
  3. "Revue celtique".
  4. "RootsWeb.com Home Page".
  5. http://www.ucd.ie/tlh/text/ams.eriu.4.001.text.html