Conmáel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí na hÉireann ab ea Conmaol (Sean-Ghaeilge Conmáel), mac Éber Finn. Tháinig sé i gcoróin tar éis dó Ethriel mac Íriel Fáid a mharú sa Chath Rairiu. Ba é an chéad Ard-Rí de shliocht Chlann Mhíle a rugadh in Éirinn, agus an chéad lonnaithe sa Mhumhain. Throid sé cúig chath is fiche in éadan muintir Éireamhóin, agus bhí sé i réim ar feadh tríocha bliain sular mharaigh Tigernmas é sa Chath Aonach Mhacha.

Deirtear gur de shliocht Chonmaoil iad na hEóganachta.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 199-201, 431-433
  2. D. Comyn & P. S. Dinneen (eag. & aistr.), The History of Ireland by Geoffrey Keating, Irish Texts Society, 1902-1914, Leabhar 1, Cuid 25
  3. John O'Donovan (eag. & aistr.), Annala Rioghachta Éireann: Annals of the kingdom of Ireland by the Four Masters, Baile Átha Cliath, 1848-1851, Iml. 1, lch. 39


Roimh
Ethriel
Ard-Rí na hÉireann
FFE 1239–1209 RC
ACM 1651–1621 RC
Tar Éis
Tigernmas