Eochaid Faebar Glas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarEochaid Faebar Glas
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathapolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairConmáel Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Eochaidh Faobharghlas (Sean-Ghaeilge Eochaid Fáebar[1] Glas[2]) mac Conmáel.

De réir LGÉ, FFÉ agus ACM, tháinig sé i gcoróin i ndiaidh dó an t-iar-ard-rí Cermna Finn, a mharú i rith catha ag Dún Chearmna, agus tar éis do Eochaid Menn na bhFomhórach Sobhairce deartháir Chearmna a mharú. I leagan eile den Leabhar Gabhála, insítear gur tháinig sé i gcoróin tar éis idirríochta seacht mbliana, i ndiaidh bás Tiarnmhais. Mharaigh sé Smirgoll, garmhac Tiarnmhais, i rith Cath Dhroim Liatháin. Bhí sé i réim ar feadh fiche bliain, sular mharaigh Fiacha Labhrainne mac Smirgoll é sa Chath Charmain.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Leabhar Gabhála na hÉireann: Piritiades san Aisiria.[3]
  • Foras Feasa ar Éirinn: 1115–1095 RC.[4]
  • Annála na gCeithre Máistrí: 1493–1473 RC.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. fáebar ar eDIL
  2. 2 glas I agus/nó II?
  3. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 211-217
  4. Foras Feasa ar Éirinn, 1.25
  5. Annála na gCeithre Máistrí, M3667-3707


Réamhtheachtaí
Cermna Finn
agus Sobhairce
Ard-Rí na hÉireann
ACM 1493–1473 RC
FFÉ 1115–1095 RC
Comharba
Fiacha Labhrainne