Cermna Finn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Cearmna Fionn (Sean-Ghaeilge Cermna[1] Finn) mac Ebric agus seanfhionnó Mhíl Espáine, le chéile lena dheartháir Sobhairce.[2]

Tháinig an bheirt i gcoróin tar éis do Chearmna an t-iar-rí, Eochaid Étgudach a mharú i rith catha ag Teamhair. Má chéad ard-ríthe de shliocht na nUladh ab ea iad. Roinn siad an tír eatarthu, le teorainn idir Droichead Átha agus Luimneach.[3] Bhí Cearmna i réim sa deisceart óna cheanncheathrú Dún Chearmna, aitheanta ag Seathrún Céitinn mar Dún Mhic Phádraig[4] i gCionn tSáile, Contae Chorcaí; agus Sobhairce sa tuaisceart as Dún Sobhairce, Contae Aontroma).

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí siad i réim ar feadh daichead bliain. Fuair Cermna bás i rith cath Dhún Chearmna, maraithe ag Eochaid Faebar Glas, mac an iar-ard-rí, Conmáel. Fuair Sobhairce bás san bhliain chéanna, maraithe ag Eochaid Menn, mac rí na bhFomhórach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cermna ar eDIL
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 211-213
  3. Foras Feasa ar Éirinn 1.25
  4. Dún Mhic Phádraig ar logainm.ie
  5. Annála na gCeithre Máistrí, M3667-3707
Roimh
Eochaid Étgudach
Ard-Rí na hÉireann
(le Sobhairce)

ACM 1533-1493 BC
FFE 1155-1115 RC
Tar Éis
Eochaid Faebar Glas