Míl Espáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMíl Espáine
Teaghlach
PáisteÉibhear Fionn, Éireamhón Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBilé

De réir na miotaseolaíochta, shíolraigh na Gaeil ó Mhíl Espáine. Tá scéalta faoi le fáil i Leabhar Gabhála na hÉireann.

"Golam" nó "Galamh" an t-ainm a bhí air. Is éard atá i gceist le Míl Espáine ná leagan Gaeilge den Laidin Miles Hispaniae ("saighdiúir de chuid na Spáinne"). Bhí sé ina shaighdiúir sa Scitia, agus san Éigipt ina dhiaidh sin. De réir na tairngreachta, bheadh sliocht Mhíl Espáine i gceannas ar Éirinn agus mar sin rinne sé iarracht an t-oileán sin a shroichint, ach cailleadh sa Spáinn é.

Sheol a bhean Scota agus a uncail Íth, a chonaic Éire ó thúr, go hÉirinn, ach mharaigh Tuatha Dé Danann Íth. Rugadh a chorp ar ais go dtí an Spáinn agus rinne mic Mhíl agus deartháireacha Íth ionradh ar Éirinn. Briseadh ar Thuatha Dé Danann agus thosaigh scéal na nGael in Éirinn.

Ba iad Éibhear Fionn, Éibhear Donn, Éiremhón (Heremon) agus Ir i measc na mic Mhíl.