Scota

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I Miotaseolaíocht na nGael, idir Éireannach agus Albanach, is iad Scota agus Scotia ainmneacha beirt iníonacha miotasacha de bheirt Fharónna na hÉigipte.[1] Cé nach bhfuil na seanscéalta ar aon intinn ó thaobh sonraí de, tá siad ar aon ghuth gur shinsear na nAlbanach í Scota éigin. Rianaigh siad a nginealach siar go hionróirí Éireannacha darbh ainm Scotti, a lonnaigh sna ceantair Argyll agus Caledonia, áiteanna a bhfuil aitheanta anois orthu (as Béarla) mar Scotland, ainmnithe as a bhunaitheoir.

Scota (at chlé) agus Goídel Glas faoi sheol ón Éigipt, léirithe i lámhscríbhinn ón 15ú haois den Scotichronicon le Walter Bower; sa leagan seo, is bean agus fear céile iad Scota and Goídel Glas.
"Scaoileann Banríon Scota an bhratach bheannaithe", léaráid i leabhar staire na hÉireann ó 1867

Luath-Fhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é san Historia Brittonum ón 11ú haois a fhaightear an lua is luaithe ar Scota sna seanscéalta,[2] in ainneoin nár rianaigh Edward J. Cowan í go dtí an 12ú haois.[3] Tá sí ann i n-atheagar an Leabhar Gabhála na hÉireann a caomhnaítear sa leabhar oiris, an Leabhar Laighneach.[4]

Insítear sna foinsí ón 12ú haois gurbh iníon Fharó Eigipte í, ar chomhaois le Maois. Phós sí Goídel Glas, bunaitheoir eapainmneach na nGael (idir Éireannach agus Albanach) tar éis dó curtha ar deoraíocht ón Éigipt.[5] Caomhnaítear i lámhscríbhinní eile den Leabhar Gabhála, leagan eile ina insítear gurbh fhear chéile Scota é Míl Espáine, nasctha leis An n-Íbéir.[6]

Tá leagan eile fós ann sa Leabhar Gabhála ina bhfuil Scota eile le fáil. Is iníon í an Scota seo d'Fharó Éigipte eile darbh ainm Cingris, ainm nach gcaomhnaítear ach i seanscéal na nGael. Phós sí Niul mac Fénius Fársaid, Bablóinis agus scoláire na dteangancha, a chuaigh go dtí an Scitia tar éis titim an Túir Bháibil. Ba mhac é Goídel Glas den phósadh sa leagan seo.

Foinsí eile na meánaoise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Scota agus miotas bunúsach na hAlban luaite chomh maith i:

Uaigh Scota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhartha bóthair, ó dheas Thrá Lí

Deirtear go bhfuil Uaigh Scota le fáil i ngleann ó thaobh dheas de Thrá Lí, Contae Chiarraí. Gleann Scoithín[7] is ainm don áit, ach Foley's Glen a thugtar uirthi anois go minic (Foley's Glen ar maps.google). Tá sruthán ann agus bóithrín ar a bhruach, a thugann aghaidh ar paiste ina bhfuil liagchiorcal ar shuíomh na huaighe, mar a thugann comhartha bóthair le fios.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Lennon, Joseph (2008). "Irish Orientalism: A Literary and Intellectual History" (as en). Syracuse University Press. Dáta rochtana: 14 June 2018. 
  2. The Irish identity of the kingdom of the Scots in the 12th and 13th centuries, Dauvit Broun, Boydell & Brewer Ltd, 1999, lch. 78.
  3. Myth and Identity in Early Medieval Scotland, EJ Cowan, Scottish Historical Review lxiii, No. 176 (Oct. 1984) ll. 111–35.
  4. "Lebor Gabála Érenn".
  5. W. Matthews, "The Egyptians in Scotland: the Political History of a Myth", Iml. 1 (1970), ll. 289–306.
  6. A dictionary of Celtic mythology, James MacKillop, Oxford University Press, 2004, lch. 330.
  7. Gleann Scoithín ar logainm.ie; scoth bheag, bláithín