Lia Fáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An Lia Fáil, Teamhair.

Is gallán Éireannach é an Lia Fáil (nó “Stone of Destiny”) atá ina sheasamh ar an bhForrad ar Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí.

Is séadchomhartha fíor-thábhachtach í Cloch Lia Fáil[1] agus tá sí luaite go forleathan i dtéacsanna ársa. Tá ceangal ag an gcloch eibhir le gnáis oirnithe Ríthe Theamhair. De réir bhéaloideas na hÉireann, corónaíodh gach ceann de Ard-Ríthe na hÉireann ann suas go dtí Muirchertach mac Ercae sa bhliain 500.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gurb iad Tuatha Dé Danann a thóg an Lia Fáil go hÉireann.

Bogadh í go dtí an áit ina bhfuil sí anois go luach sa naoú haois déag.

Rinneadh damáiste don séadchomhartha sa bhliain 2012, nuair a buaileadh é le casar nó le huirlis mhaol éigin eile.  

Arís i 2014, rinneadh loitiméireacht air le péint.

An Lia Fàil in Albain[cuir in eagar | athraigh foinse]

“An Lia Fàil” Albanach ː macasamhail in Albain

Is suaitheantas náisiúnta AlbanachAn Lia Fàil” (nó “Stone of Scone”).[2]

Go dtí 1950, bhí an leadhb de charraig ar taispeáint i Westminster, Sasana. Ach goideadh é. Ar 11 Aibreán 1951 fágadh an liag i mainistir Obar Bhrothaig in Albain.[3] Ba gheall le míorúilt é.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Loitiméireacht a rinneadh do shéadchomhartha náisiúnta Lia Fáil á cáineadh ag an Aire Deenihan | An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta". www.chg.gov.ie. Dáta rochtana: 2020-04-11.
  2. "Lia Fàil" (in gd) (2014-10-11). Uicipeid. 
  3. Nick Aitchison. "Scotland's Stone of Destiny". www.amazon.ca. Dáta rochtana: 2020-04-11.