Méidigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Impireacht na Méideach ca. 600 RC.

Ba dhaoine ársa Iaránacha iad na Méidigh, (Gréigis: Μῆδοι, ón tSean Peirsis ماد Mādai) a mhair sa réigiúin thiar thuaidh de chuid na hIaráine an lae inniu. Tugtar Méidia (Sean-Ghréigis: Μηδία "Medea", Sean-Pheirsis: Māda) ar an cheantar. Tháinig siad isteach sa réigiún seo le chéad tonn na dtreibheanna Iaránacha, ag deireadh an dara míle bliain RC (turnamh na Cré-Umhaoise). Tráth nach déanaí ná an 6ú haois RC, tar éis dóibh, mar aon leis na Bablónaigh, Impireacht na hAisiria-Nua a chloígh, bhí na Méidigh in ann a n-údarás a bhunú, a mhair ar feadh 60 bliain, ó chath Nínivé, sa bhliain 612 RC go dtí 549 RC, nuair a bhunaigh Cíoras Mór Impireacht na nAchaemenach trí Astiages, rí na Méidia, a threascairt.

Ainm[athraigh | edit source]

De réir Héaradatas, "thugadh gach duine anallód Airianaigh ar na Méidigh, ach nuair a tháinig Médeia, an Colchiseach, chucu ón Aithin, d'athraigh siad a n-ainm. sin an sórt cuntais a thugann siad féin dúinn." Médeia is ea iníon Aietes, Rí na gColchiseach, sa mhiotas Gréigeach, Iasón agus na hArgónátaigh. Níl aon sanasaíocht shoiléir Ind-Eorpach againn d' ainm na Méideach 'Mâda'. Liostaíonn Héaradatas, ainmneacha na sé treibheanna Méideacha: "Dá bhrí sin, bhailigh Deioces na Méidigh isteach i náisiún, agus b'eisean amháin a bhí i gceannas orthu, Anois, is iad seo na treibheanna as a gcomhdhéantar iad: an Busae, an Paretaceni, an Struchates, an Arizanti, an Budii , agus an Magi ". Tá sanasaíocht na hIaráinise bainteach le trí cinn díobh.

Thug Gudea rialóir Lagash sa Mheaspatáim (2143-2124 RC) le fios go raibh críoch na Méidieach oiriúnach i gcomhair grán a fhás . Thóg Šulgi rialóir an tríú ríshliocht Ur (2095-2048 BC) "bád mada ki"; is ionann sin agus balla Mhéidia. is siombail thuairisciúil í 'ki' a thagann i ndiaidh áiteanna geografach. aistríonn Tugann a lán aistritheoirí 'talún' ar an bhfocal 'Mâda'.