Lia Fáil (Éire)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Lia Fáil
Íomhá
Sonraí
CineálCloch
Cuid deCeithre Sheod na dTuath Dé Danann
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae na Mí
SuíomhTeamhair
 53°34′43″N 6°36′44″W / 53.578634°N 6.612142°W / 53.578634; -6.612142

Is séadchomhartha fíorthábhachtach í Cloch Lia Fáil[1] agus tá sí luaite go forleathan i dtéacsanna ársa. Tá ceangal ag an gcloch eibhir le gnáis oirnithe Ríthe Theamhair. De réir bhéaloideas na hÉireann, corónaíodh gach ceann de Ard-Ríthe na hÉireann ann suas go dtí Muirchertach mac Ercae sa bhliain 500.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gurb iad Tuatha Dé Danann a thóg an Lia Fáil go hÉireann.

Bogadh í go dtí an áit ina bhfuil sí anois go luach sa naoú haois déag.

Rinneadh damáiste don séadchomhartha sa bhliain 2012, nuair a buaileadh é le casar nó le huirlis mhaol éigin eile.  

Arís i 2014, rinneadh loitiméireacht air le péint.

An Lia Fàil in Albain[cuir in eagar | athraigh foinse]

“An Lia Fàil” Albanach ː macasamhail in Albain
Príomhalt: An Lia Fáil


Is suaitheantas náisiúnta Albanach é “An Lia Fàil” (nó “Stone of Scone”).[2]

Go dtí 1950, bhí an leadhb de charraig ar taispeáint i mainistir Westminster, Sasana. Ach ghoid náisiúnaithe na hAlban é ar 24 Nollaig 1950, agus faraor, bhris na gadaithe an chloch Albanach ina dhá leath.[3]

Ar 11 Aibreán 1951 fágadh an liag i mainistir Obar Bhrothaig in Albain.[4] Bhí an chloch ar ais i Londain sa bhliain 1953 nuair a rinneadh banríon ar an Ríocht Aontaithe d'Eilís II.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Loitiméireacht a rinneadh do shéadchomhartha náisiúnta Lia Fáil á cáineadh ag an Aire Deenihan | An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta". www.chg.gov.ie. Dáta rochtana: 2020-04-11.
  2. "Lia Fàil" (as gd) (2014-10-11). Uicipeid. 
  3. bbc.co.uk. "An Lia Fail". www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-12-24.
  4. Nick Aitchison. "Scotland's Stone of Destiny". www.amazon.ca. Dáta rochtana: 2020-04-11.