Fir Bholg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I Miotaseolaíocht na nGael, an ceathrú dream de lonnaitheoirí na hÉireann ab ea na Fir Bholg (Sean-Ghaeilge Fir Bolg[1]). Ba shliocht de mhuintir Neimhidh iad, dream lonnaitheoirí níos luaite arbh éigean dóibh an tír a thréigean agus scaip ar fud an domhain. D'imigh roinnt díobh go dtí An Ghréig agus d'éirigh ina bhFir Bholg, agus d'fhill i ndeireadh na dála ar ais go hÉirinn neamháitithe. B'é Eochaid mac Eirc a rí ba thábhachtaí. Lean siad i réim go dtí teacht na dTuath Dé Danann, a chloígh iad sa chéad Cath Maighe Tuireadh.[2]

Toscairí na bhFear Boilg agus na dTuath Dé Danann ag cruinniú roimh Chath Maighe Tuireadh, léaráid le Stephen Reid in T. W. Rolleston's Myths & Legends of the Celtic Race, 1911

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuigtear de ghnáth gurb ionann Fir Bholg agus "fir na málaí", nó b'fhéidir "fir na ngoilí". Moladh chomh maith gur chiallaigh an t-ainm ar dtús "fir ag 'bolgadh' nó ag 'borradh' le fíoch catha".[3] D'fhéadadh é go bhfuil an t-ainm bunaithe ar, agus gaolmhar le, Belgae.[3]

Seanscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Leabhar Gabhála na hÉireann (LGÉ), insítear gur tháinig sé dhream lonnaitheoirí go hÉirinn, ceann ar cheann. Díothaíodh, nó b'éigean dóibh an tír a thréigean, an chéad trí dhream acu — muintir Cheasrach, mhuintir Pharthaláin, agus muintir Neimhidh. Níor tháinig slán ach tríocha cúige den dream feargach sin, muintir Neimhidh. Theith grúpa amháin acu go dtí tuaisceart an domhain, agus agus ba shinsir iad na dTuath Dé Danann, príomhdhéithe págánach na hÉireann; theith grúpa eile go dtí An Bhreatain; agus theith grúpa eile fós go dtí An Ghréig, agus ba shinsir na bhFear Bholg iad. Deirtear go f dhá fo-dhream dóibh ann, na Fir Domnann agus na Fir Gáilióin.

Cuireadh i ndaoirse iad na Fir Bholg ag muintir na Gréige, agus b'éigean dóibh málaí cré a iompair, agus dá bharr a n-ainm 'Fir Bholg'. Sa scéal Chéad-Chath Maighe Tuireadh, insítear gur cuireadh iallach orthu lonnú ar talamh charraigeach, ach rinne goirt thorthúla di as an méid ithreach a leag siad uirthi.

Tar éis iad bheith faoi chois le 230 bliain anuas, thréig siad An Ghréig san am céanna is a d'fhág na hIosraeilítigh An Éigipt. Faoi cheannas cúigear taoiseach, sheol siad go dtí an Ibéir, go háirithe an Ghailís, agus as sin anonn go hÉirinn. Roinn siad an tír ina Cúigí na hÉireann: Gann i dtuaisceart na North Mumhan, Seanghann i ndeisceart na Mumhan, Geanann i gConnacht, Ruadhraí i nUlaidh agus Sláine i Laighin. Bhunaigh siad an t-Ard Ríogacht agus bhí siad i réim in Éirinn le tríocha bliain is a seacht anuas, naonúr rí go hiomlán. Dúradh gur rí gan locht é an rí deireanach, Eochaidh mac Eirc.

Ag deireadh na 37 bliain seo, tháinig na Tuath Dé ar an bhfód in Éirinn. D'éiligh a rí, Nuadha, go dtuga dóibh leath den oileáin, ach dhiúltaigh Eochaid. Tháinig siad chun troda ag Binn Sléibhte[4] — an Chéad Chath Maighe Tuireadh — ar feadh ceithre lá. Le linn an chatha, thug laoch na bhFear Bolg Sreang, a dhúshlán chomhrac aonair do Nuada. Bhain Sreang a lámh dheas de Nuada le buille amháin dá chlaíomh. Cloíodh i ndeireadh na dála na Fir Bholg áfach agus mharaigh Mór-Ríoghain a rí, Eochaidh, cé gur chosc Sreang a scriosta iomlán.[5] De réir roinnt téacsanna, theith siad Éire,[6] ach de réir eile, thairg na Tuatha Dé ceathrú den tír dóibh féin, agus thogh siad Connacht. Is beag trácht a fhaightear fúthu as seo amach sna scéalta miotasacha.[7]

Stair agus bréagstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Táthar ar aon ghuth inniu i measc scoláirí nach stair ach miotas nó bréagstair 'séard le fáil i Leabhar Gabhála na hÉireann.[2] Meastar go raibh sé ar intinn ag a scríbhneoirí scéal bunúis na hÉireann a insint, agus an miotas dúchais a thabhairt le dearcadh Chríostaí na staire.[8][9] Cuirtear na Fir Bholg ar chomhchéim leis na hIosraeilítigh, ag éalú na daoirse agus ag dul i mbun turais mhóir go dtí 'Tír Tairngire'. Tá cumhachtaí draíochta ag na déithe pagánachta, na Tuatha Dé Danann.

Insítear san Historia Brittonum — a scríobhadh níos luaite ná an Leabhar Gabhála — nach raibh ach trí dhream lonnaitheoirí ar Éirinn: muintir Pharthaláin, muintir Neimhidh, agus na Gaeil. Déantar trácht ámh ar ceannaire darb ainm Builc agus a mhuintir, a raibh oileán darb ainm Eubonia, a chreidtear gurbh Oileán Mhanann é, bainte aige.[3] Moltar gur mhéadaigh an Leabhar Gabhála líon na lonnaitheoirí go sé cinn, na Fir Bholg ina measc, chun teacht le Sex Aetates Mundi.[10]

Mhol scoláirí eile ag an am céanna nach ndearna na scríbhneoirí ach cine ficseanúil, na Fir Bholg, a ainmniú as cine stairiúil, na Belgae, a bhíodh ina gcónaí i dtuaisceart na Gaille.[3] Mhol eile fós amhail is T. F. O'Rahilly, gur mhuintireacha stairiúla an tseansaoil iad na Fir Bholg (Belgae), Fir Domnann (Dumnonii) agus Fir Gáilióin (Laighin) a tháinig go hÉirinn sna seanlaethanta.[11]

Mhol John Rhys agus Stewart Macalister gurbh ionann na Fir Bholg agus na Fomhóraigh.[12] Sna seanscéalta, níor bhuail an dá dhream seo le chéile.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Arbois de Jubainville, Henri d' (1884) Le Cycle mythologique irlandais. Osnabrück: Zeller
  • Wilde, Sir William R. (1867) Loch Corrib, Its Shores and Islands. Baile Átha Cliath: McGlashan & Gill, cuid viii
  • Arrowsmith, Nancy, agus Moorse, George (1977) Field Guide to the Little People. Londain: Macmillan

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Carey, John (1998) "Fir Bolg: a Native Etymology Revisited" in: Cambridge Medieval Celtic Studies 16 (Winter 1998), ll. 77–83.
  • Squire, Charles (190-?) Celtic Myth and Legend, Londain: Gresham

Craobh ghinealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

 
Neimheadh
 
 
 
 
 
Starn
 
 
 
 
 
Simeon
 
 
 
 
 
Lóch
 
 
 
 
 
*Deal
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Ruadhraí
 
Gann
 
Geanann
 
Seanghann
 
Sláine
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Starn
 
 
 
 
 
Rionnal
 
Faidhbín
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Fiacha
 
 
 
 
 
Erc
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Eochaidh

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Bolg ar eDIL
  2. 2.0 2.1 Carey, John. The Irish National Origin-Legend: Synthetic Pseudohistory. University of Cambridge, 1994, ll. 1–4
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Koch, John T.. Celtic Culture: A Historical Encyclopedia. ABC-CLIO, 2006, ll. 749-750
  4. Pass of Balgatan as Béarla
  5. Ellis, Peter Berresford (2002) The Mammoth Book of Celtic Myths and Legends, ll. 28. Constable & Robinson
  6. Koch, lch. 1327
  7. Squire Celtic Myth and Legend, ll. 47-77
  8. Carey, ll. 1–4, 24
  9. Koch, lch. 1130
  10. Sjoestedt, Marie-Louise (1949). Celtic Gods and Heroes. Dover Publications, 2000, lch. 3
  11. O'Rahilly, T. F. (1946) Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
  12. Ériu, Vols 39-41. Acadamh Ríoga na hÉireann, 1988, lch. 38


Réamhtheachtaí
Neimheadh
Lonnaitheoirí miotasacha na hÉireann Comharba
Tuatha Dé Danann