Jump to content

Sengann mac Dela

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarSengann mac Dela
Cineálduine
carachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathamonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LeanaíFodbgen Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael ba Ard-Rí na hÉireann é Sengann mac Dela, sliocht de na Fir Bolg, i gcomharbacht ar a dheartháireacha Gann agus Geanann. Ba í Anast a bhean chéile.

Nuair a tháinig na Fir Bholg go hÉirinn mar lonnaitheoirí, roinn an cúigear mac Dela an tír eatarthu. Tháinig Sengann i dtír ag Inbhear Dhúglais lena dheartháir Gann, agus roinn an bheirt acu cúige Mumhan eatarthu, Sengann sa deisceart agus Gann sa tuaisceart.

Tar éis bás Ghann agus Geanainn den phlá, bhí Sengann i réim ar feadh cúig bliana, sular mharaigh Fiacha Cennfinnán, garmhac a dhearthár Rudraige, é.


    Réamhtheachtaí
    Gann agus Geanann
    Ard-Rí na hÉireann
    ACM 1927–1921 RC
    FFÉ 1507–1502 RC
    Comharba
    Fiacha Cennfinnán