Scéalta Miotaseolaíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cnuasach scéalta de chuid Miotaseolaíocht na nGael iad Na Scéalta Miotaseolaíochta, maidir le dreamanna diaga a deirtear gur tháinig go hÉirinn in ionraí imirceacha éagsúla, dreamanna amhail is na Fir Bholg agus na Tuatha Dé Danann.[1] Is ar cheann de cheithre shraith mhóra de luathlitríocht na hÉireann é an cnuasach seo, is na cinn eile ná An Rúraíocht, An Fhiannaíocht agus Scéalaíocht na Ríthe.[2]

Is amhlaidh gur a bhuí le Arbois de Jubainville an téarma Béarla "Mythological Cycle", c. 1881–1883. Roimhe sin, úsáideadh an téarma go ginearálta, m.s. miotaseolaíocht Ioruach.[3] Tá Mackillop (1998) den tuairim gur "sách ciotach inniu" é an téarma.[4]

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc saothair sa tsraith tá Scéalta próis, téacsanna filíochta, chomh maith le croinicí bréagstáiriúla (go príomha Leabhar Gabhála na hÉireann (LGÉ)) caomhnaithe i lámhscríbhinní párpháipéir na meánaoise agus cóipeanna níos deireanaí. Caomhnaítear roinnt de na sceanra nis deireanaí ach amháin i lámhscríbhinní páipéir siar go dtí an ré nua-aimsire (Cath Maighe Tuireadh agus Oidheadh Chlainne Tuireann). Meastar scaití gur foinsí feidhmiúla iad leabhair staire sách nua-aimsire amhail is Annála na gCeithre Máistrí, agus Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn, óir go dtugann siad léargais sa bhreis agus scéalta an LGÉ á athinsint agus ghluaiste acu.

Is féidir béaloideas a thabhairt isteach mar ábhar miotasach, go háirithe na scéalta a insíonn coinne Chéin le hiníon Bhalair, ag iarraidh a bhó fhairsing, Glas Ghaibhneann, a fháil ar ais.

Is déithe ó ré págánach na hÉireann i ndáiríre iad pearsana na scéalta úd. Ba níos cruinne é a rá ámh gur "neacha diaga" iad, a mhair ar an domhan agus a bhí i réim in Éirinn roimh ré dhaoine daonna, .i. clann Míl Easpáine agus a sleachta.[5] Dhéanadh na scríobhaithe Chríostaí a ndícheall (cé nár éirigh leo i gcónaí) gan na Tuatha Dé Danann agus a leithéid a lua go follasach mar dhéithe. Más faoi bhréagaíocht iad áfach, feictear go soiléir ann iarsmaí inbhraite de luathcosmeolaíocht ildiach na nGael.[6]

Cloíodh na Tuatha Dé Danann ag muintir Míl Espáine, an dream deireanach a tháinig go hÉirinn de réir na seanscéalta. Deirtear gur chúladar isteach sna sidhe iad, ag dul i bhfolach taobh thiar den féth fiada.[7][8] The story of how Mananán assigned the sidhe to individual TDD is found in the tale Altrom Tighe Dá Medar. The LGÉ explains away the magic fog as smoke from the ships the Tuatha Dé burnt upon arrival.[9]

Agus iad as radharc ach fós beo, tagann na déithe go minic mar aíonna i scéalta na sraitheanna eile, mar shampla:

Gearrstair na Miotaseolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Leabhar Gabhála na hÉireann, cnuasach scéalta idir phróis agus fhilíocht, an phríomhfhoinse de miotais na nGael, a mbunúis agus a ndéithe. Luaitear téacs breise, Foras Feasa ar Éirinn, le Seathrún Céitinn, foilsithe sa 17ú haois. Is léir go raibh saothair nach maireann in aice láimhe aige. Scríobh Nennius agus Eochaid Ua Flainn, croiniceoirí den 10ú haois, stair mhiotasach le filíocht. Cé gur gearr agus doiléir a n-ábhair, faightear ann go leor eolais maidir le creidimh dhiaga na linne.

Agus a miotais á fhorbairt acu, ghlac na scríobhaithe chucu féin scéalta ó chultúir eile amhail is Gréagach, Rómhánach agus an Oirthir. Chreidtí go raibh an Domhan, an Ghealach agus an Ghrian cruthaithe ag na draoithe, maraon le maíomh Bhrámain na hIndia, agus go raibh an spéir ina luí ar na crainn agus na sléibhte.[10] Chreidtí gur tháinig na Gaeil ón íochtar an Domhain, breith meafarach agus ní deascabháil ón ifreann.

Scríobhadh síos na scéalta ag scríobhaithe Chríostaí, amach ón 8ú haois. Cailleadh nó scriosadh go leor díobh faraor i rith ruathar Lochlannach sna haoiseanna ina dhiaidh. Scríobhadh arís na sceanra i lámhscríbhinní caomhnaithe ón 11ú agus 12ú haoiseanna.[11]

Scéalta próis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig lonnaitheoirí go hÉirinn i roinnt imircí, ach ní caomhnaítear lánscéalta na n-imircí (Sean-Ghaeilge: tochomlud[12]) féin. Tá catalóg de theidil na seanscéalta sa Leabhar Laighneach, agus tá foliosta Tochomlada ann le trí theideal déag, seacht dóibh siúd miotasach, nach caomhnaítear inniu ach blúirín de Neimheadh. Molltar gur tiomsaíodh an catalóg ar dtús tuairim is AD 700, le breiseáin curtha ann timpeall AD 950.[13][14][15] Tá iarsmaí na scéalta caomhnaithe in achoimrí i Leabhar Gabhála na hÉireann.

Tá eolas miotasach san agallamh idir Tuan mac Cairill agus Fintán mac Bóchra i Scél Tuain meic Cairill do Finnen Maige Bile, le fáil i Leabhar na hUidhre. Luaitear an scéal san LGÉ freisin.[16]

I measc Scéalta na gCathanna, caomhnaítear scéalta iomlána don Chéad agus Dara Cath Maighe Tuireadh i lámhscríbhinní sách déanach (16ú haois), an chéad chath i TCD H 2.17 agus an dara cath i Harley 5280, agus RIA 24 P 9 níos deireanaí (c. 1650). Anois caillte tá cath-scéalta tábhachtacha amhail is Cath Tailten agus Orgain Tuir Chonaind, cé go bhfuil achoimrí orthu le fáil san LGÉ.[17]

I measc scéalta suntasacha eile sa tsraith, agus a gcarachtair agus áiteanna, tá: Oidheadh Chlainne Tuireann (le Lugh, Tuireann, Cian, na Fomhóraigh), Oidheadh Chlainne Lir, (le hAengus, Daghdha, Bóinn, Brú na Bóinne Elcmar, Éadaoin, Midhir, Fuamnach,Eochaid Airem).

Tá scéal ait, luaite san LGÉ, maidir le Goídel Glas, sinsear Mhíl Easpáine agus cumadóir na Gaeilge féin. Insítear gur leigheas Maois é lena shlat ar greim nathrach. Molann Macalister ámh nach bhfuil ann ach ficsean cumtha ag na gluaisitheoirí.[18]

Téacsanna filíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dteannta dánta neamhspleácha, faightear roinnt dánta leabaithe i scéalta próis agus foinsí eile.

Seanchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth, is stairiúil é seanchas ach tá cuid de miotasach. Sa Chóir Anmann, mar shampla #149–159, tá mínithe suimiúla ar ainm Dhéin Céacht, i measc eile. Sa Dinnseanchas, faightear scéalta maidir le déithe amhail is Bóinn (bandia) (faoi Inber Colptha) agus Daghdha (faoi Fidh nGaible). Tá a leithéid d'eolas le fáil i leabhráin ghinealaigh, Rolla na Ríthe agus gluaiseanna éagsúla (m.s. an tráchtas dlí, An Seanchas Mór).

Bréagstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Béaloideas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foclóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Mackillop, James (1998), Dictionary of Celtic Mythology, Nua Eabhrac: Oxford University Press, ISBN 0-19-280120-1

Staidéir léirmheasa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomh-fhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mackillop 1998, 'Tuatha Dé Danann' "...principal family of euhemerized pre-Christian Deities".
  2. Mackillop 1998, loc. cit.
  3. Is léir nach bhfeictear i gcló an fhoirm Ghaeilge Na Scéalta Miotaseolaíochta go minic nó fiú riamh.
  4. Mackillop 1998, mythological cycle
  5. Arbois de Jubainville & Best 1903, p. 7
  6. Mackillop 1998, loc cit.
  7. 1 féth, 3 fía ar eDIL
  8. Mackillop 1998, 'féth fiada'
  9. Ach cf. De Gabáil in t-Sída.
  10. MacCullough, J.A. (1911). "The Religion of the Ancient Celts". T & T Clark. 
  11. Heaney, Marie (1994). "Over Nine Waves". 
  12. tochomlud ar eDIL
  13. Arbois de Jubainville & Best 1903, pp. 4, 12.
  14. Féach O'Curry 1878, pp. 243- ag plé na catalóige, agus a Aguisín LXXXIX, 584–593 dá thras-scríbhinn na catalóige ón Leabhar Laighneach, go háirithe cf. Tochlomod
  15. cf. áfach Vernam Hull 1935 agus Dobbs 1937.
  16. e.g.Teimpléad:Macalister
  17. O'Curry 1878, loc. cit. (lch. 583-, catalóg ón LL); féach fonótaí Uí Chomhraí.
  18. Macalister 1939, Iml. 2, lch. 134 (nótaí ar ¶119): "... is glossarial"
  19. Atlantis III (1862), lch. 384ff