An Bhóinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Bóinn)
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Bhóinn
Íomhá
CineálAbhainn Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósBóinn Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie116563 Cuir in eagar ar Wikidata
Foinse
Limistéar riaracháinCúige Laighean, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Deireadh
SuíomhMuir Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Map
53°21′07″N 6°57′24″W / 53.35189931°N 6.95676346°W / 53.35189931; -6.95676346
53°43′19″N 6°14′37″W / 53.72208°N 6.24353°W / 53.72208; -6.24353
Craobh-abhainn
Tréithe
Toisí112 (fad) km
Abhantrach2,695 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Is abhainn i gCúige Laighean, Éire, í an Bhóinn.[1] Tá sí thart ar 112 km (70 míle) ar fhad óna foinse ag Tobar na Tríonóide, in aice le Cairbre, Contae Chill Dara. Trasnaíonn sí Contae na Mí agus tagann sí ar Mhuir Éireann ag Droichead Átha.

Droichead na Bóinne, ag breathnú ó thuaidh

Tá Droichead na Bóinne, cuid den mótarbhealach M1, suite 3 km siar ó Dhroichead Átha. Is é an droichead cáblach is faide in Éirinn é; tá sé suite don chuid is mó i gContae na Mí, ach tá roinnt de i gContae Lú chomh maith.

Tá tábhacht stairiúil, seandálaíochta, agus mhiotaseolaíochta ag baint leis an mBóinn. Luíonn an abhainn in aice le Caisleán Bhaile Átha Troim, Teamhair na Rí, an Uaimh, Cnoc Shláine, An Mhainistir Mhór, agus cathair mheánaoiseach Dhroichead Átha. Is féidir teacht ar shéadchomharthaí stairiúla agus seandálaíochta eile i nGleann na Bóinne freisin, mar shampla Ceanannas, crosa Ceilteacha agus caisleáin. Tharla Cath na Bóinne ar bhruach na Bóinne in aice le Droichead Átha sa bhliain 1690.

An Bhóinn, a radharc as balún te aeriompar, Baile Átha Troim.
  1. An Bhóinn/River Boyne | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.