Bóinn (bandia)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarBóinn
Cineáldia uisce Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LeanaíAengus Cuir in eagar ar Wikidata

I miotaseolaíocht na nGael, is bandia abha na Bóinne í Bóinn (Sean-Ghaeilge BoandBoann). De réir Leabhar Gabhála na hÉireann agus an seanscéal Táin Bó Fhraoigh, ba dheirfiúr Bébhinn í[1] agus iníon Delbáeth, mac Elatha, de shliocht na dTuath Dé Danann.[2] Ba é Neachtan, EalcmharNuada Airgeadlámh a fear céile, ag brath ar fhoinse. Lena leannán Daghdha, ba mháthair Aonghasa í. Um a gcaidreamh a cheilt, chuir Daghdha stad ar an ngrian ar feadh naoi míosa; de bharr sin, gineadh iompraíodh agus rugadh Aonghas laistigh d'aon lá amháin.[3]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa dinnseanchas, deirtear chur ciallaíonn an t-ainm "bó fhionn", Sean-Ghaeilge bó find.[4] De réir Tíreolaíocht le Ptolemy sa 2ú haois, Bouvinda (Βουουίνδα) ab ainm don abhainn.[5][6] D'fhéadfadh gur fréamhaíodh an t-ainm ón Prótai-Cheiltis *bou-vindā, "bó fhionn".[7]

Cruthú na Bóinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Bhóinn.
An Bhóinn, feicthe ó Brú na Bóinne.

Insítear sa Dinnseanchas (Boand I, dán 2),[8] conas ar chruthaigh Bóinn abha na Bóinne. Cé gur chuir a fear céile, Neachtan, cosc uirthi a leithéid a dhéanamh, tháinig Bóinn tar i ngiorracht Tobar Segais, a bhí timpeallaithe ag naoi gcrann coill draíochta.[9]. Thiteadh cnónna coill isteach sa tobar and d'itheadh bradáin bhreaca iad (i dteannta le cnónna coill, léiríonn bradáin eagna i miotaseolaíocht na nGael). Thug Bóinn dúshlán do chumhacht an tobair nuair a shiúil sí thart timpeall ar tuathal, a chuir an t-uisce ar bhorradh go tréan agus réab go dtí an fharraige, ag cruthú na habhann. I rith na tubaiste, sheaca í scuabadh leis an uisce, agus chaill sé lámh, cos agus súil, agus í ndeireadh na dála a saol. De réir an dán, is ionann An Bhóinn agus aibhneacha móra i dtíortha eile, ina measc An tSabhrainn, An Tibir, Abhainn na hIordáine, An Tígris agus an Eofrait.

Bhí gaidhrín darbh ainm Dabilla ag Bóinn, a scuabadh ag an tuile insan fharraige. Sracadh as a chéile é ar charraigeacha san uisce, agus ainmníodh Cnoc Dabilla iad as an madra.[10][11][12]

Táin Bó Fhraoigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Táin Bó Fhraoigh

Tá Bóinn ann chomh maith sa Táin Bó Fhraoigh agus í aintín agus cosantóir an duine dhaonna, Fraoch.[13]

Bóinn agus Bríd[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir scoláirí agus págántachta an lae inniu, samhlaítear Bóinn scaití leis an mbandia Bríd, nó creidtear gur mháthair Bhóinne í Bríd.[14][15] Níl foinse Ceilteach ann áfach a léiríonn mar sin í. I dteannta seo, creideann roinnt scoláirí an lae inniu gur cuireadh de réir a chéile adhradh, siombalachas agus scéalta na mionbhandéithe leis an mbandia, agus dá éis sin naomh, níos cáiliúla Bríd.[16]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Cattle-Raid of Fraech".
  2. Leabhar Gabhála na hÉireann, §64
  3. Tochmarc Étaíne (eag. agus aistr. Osborn Bergin agus R. I. Best) ar CELT
  4. Metrical Dindshenchas, Vol 3, poem 3: "Boand II" (eag. Edward Gwynn) ar CELT
  5. Karl Wilhelm Ludwig Müller (eag. & aistr.), Klaudiou Ptolemaiou Geographike Hyphegesis (Claudii Ptolemæi Geographia), Volume 1, lch. 79, Alfredo Firmin Didot, Paris (1883)
  6. Tíreolaíocht 2.1
  7. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard Léinín Baile Átha Cliath, 1946, lch. 3
  8. Metrical Dindshenchas, Vol 3, poem 2: "Boand I" (eag. Edward Gwynn) ar CELT.
  9. C. Squire, Celtic myth and legend, Dover Publications, lch. 55, 2003.
  10. Metrical Dindshenchas ar mythicalireland.com
  11. Clark, Rosalind (1991). "The Great Queens: Irish Goddesses from the Morrígan to Cathleen Ní Houlihan" (as en): 137. Colin Smythe. 
  12. Mac Coitir, Niall (2015-09-28). "Ireland’s Animals" (as en). The Collins Press. 
  13. The Cattle-Raid of Fraech Curtha i gcartlann 2013-12-30 ar an Wayback Machine, aistr. A. H. Leahy, Heroic Romances of Ireland Vol 2, 1906.
  14. Essay: St Brigid Curtha i gcartlann 2010-06-05 ar an Wayback Machine ar unc.edu/celtic/
  15. Brigit's Forge: Sarasvati and Brigit part 4 Curtha i gcartlann 2005-02-20 ar an Wayback Machine ar brigitsforge.co.uk
  16. Condren, Mary (1989) The Serpent and the Goddess: Women, Religion, and Power in Celtic Ireland. New York, Harper and Row. ISBN 0-06-250156-9 lch. 57