Jump to content

Searg Chú Chulainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Serglige Con Culainn)
WD Bosca Sonraí LeabharSearg Chú Chulainn
Cineálsaothar liteartha agus finscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Carachtair
Cuid den tsraith
Cuid deAn Rúraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cúchulainn rebuked by Emer (1905 illustration by H. R. Millar)

Is cuid de seanscéalta na Rúraíochta é Searg Chú Chulainn (Sean-Ghaeilge Serglige Con Culainn), nó Aonéad Eimhire (Oenét Emire) mar a thugtar air freisin. Insítear an scéal mar a cuirtear mallacht ar an laoch Cú Chulainn, de bharr a ionsaí ar na mná sí, agus mar a thagann leigheas air agus é geallta go drogallach aige, go gcuideodh sé le hairm iad siúd a ndearna sé éagóir orthu. Is é de dheasca a chaidrimh leis an sí, Fand, a fhulaingíonn a bhean chéile, Eimhear, a haonéad.[1]

Luach liteartha agus stairiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Myles Dillon:

The story of Cú Chulainn's visit to the Other World has a special claim on our attention, because of its long descriptions of the Irish Elysium, here called Mag Mell 'the Plain of Delights', and also for the quality of the poetry which makes up almost half of the text. In some of the poems one recognizes the tension and grace which were later so finely cultivated in the bardic schools, and the moods of sorrow and joy are shared by the reader; the content is not sacrificed for the form ... The scene between Cú Chulainn and his wife after he has given the magic birds to the other women (§6) and the humorous account of Lóeg's conversation with Lí Ban (§14) are instances of the sudden intimacy in these Irish stories...[2]

Bunús agus lámhscríbhinní

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá lámhscríbhinní ann ina maireann an scéal, Leabhar na hUidhre (LU) na 12ú haoise, agus cóip de ón 17ú haois, Coláiste na Tríonóide H. 4.22.[3]

Is léir é gur cuireadh dhá leagan éagsúla le chéile in LU: cuid de darb ainm Athleagan A, ach cuid eile de scriosta agus athscríofa, nó leathnaigh tógtha amach agus cinn nua curtha ann, darb ainm Athleagan B. Is amhlaidh gur thóg scríbhneoir Athleagain B mar bhunús an lámhscríbhinn caillte, Leabhar Buí Slaine, chomh maith lena scríbhneoireacht féin. Ní léir é, áfach, cén téacs a bhaineann le foinse ar leith. Is ón 12ú haois í teanga Athleagain Á, ach ón 9ú haois teanga Athleagain B ('sé sin, níos luaite).[4][5][6][7]

De dheasca na bhfoinsí éagsúla, tá neamhleanúnachais agus neamhréireachtaí sa scéal, go háirithe ainm bhean chéile Chú Chulainn, a athraítear ó Eithne Ingubai go hEimhear.

Tá laoch na nUladh, Cú Chulainn agus a chompánaigh i Muirtheimne, ag seilg éan chun iad a thabhairt dá mná chéile, caite ar a nguaillí. Agus éin ag cách ach Eimhear, níl sa spéir ach dhá éan mhóra is áille is aistí, nasctha le slabhra óir agus amhrán draíochta codlata á chanadh acu. D'aithin Eimhear gur as Tuatha na Sióg iad agus deir sí le Cú Chulainn gan iad a mharú. In ainneoin sin, déanann sé iarracht, ach éiríonn leis ach a sciathán a ghortú. Buailtear tinn é Cú Chulainn, gan aithne gan urlabhra in aice le gallán.[1]

Agus é tógtha le fiabhras, feiceann sé beirt bhan, na héin mar a bhí, Fand and Lí Ban. Tá eachlaisc acu agus tugann siad leathmharú air. Luíonn sé tinn ar feadh bliana, go dtí go dtagann Lí Ban ar ais. Iarrann sí air teacht go Mag Mell, agus cabhrú le Fand a naimhde a chloí. Mar mhalairt, leigheasfaidh Fand é. Diúltaíonn Cú Chulainn faoi, ach toilíonn a charbadóir Lao dul.

Anois díreach, bristear an scéal agus Cú Chulainn ag tabhairt comhairle dá mhac altrama Lughaidh na Riabh Dearg, ardrí nuathofa na hÉireann. Is cuid de sheanrá tecosca (teagasc) atá i gceist, agus "can hardly belong to the story in its original form".[8] Tuigtear ámh, go bhfuil a ghaois, cé nach dual dó é, de dheasca dea-thionchar a thinnis dhraíochtúil.[9][10]

Idir an dá linn, tagann Lao ar ais, agus le cuidiú Eimhire (a cháineann a céile toisc gur thogh sé a bhród thar a sláinte), éiríonn leis Cú Chulainn a áitiú, dul in éineacht leis go Mag Mell, tír Fhainde, agus a naimhde a chloí.[1]

Luíonn Fand agus Cú Chulainn le chéile, ach tagann Eimhear ar an eolas, agus téann le buíon ban faoi airm sceana chun aghaidh a thabhairt ar Fhand. Tar éis cuir agus cúitimh, aithníonn an bheirt bhan grá neamhleithleach a chéile, agus iarrann siad go nglaca Cú Chulainn an té eile. Socraíonn Fand féin go bhfillfidh sí ar ais chuig a fear céile, Manannán mac Lir, agus go bhfana Eimhear i dteannta le Cú Chulainn. Tá Cú Chulainn agus Fand croí briste, agus dá bharr, iarrann Fand ar Mhanannán a fhallaing cheobhráin a chroitheadh eatarthu, ionas nár bhuaile le chéile arís iad choíche. Tugann na draoithe deoch dhraíochta go Cú Chulainn agus Eimhear, chun dearmad a dhéanamh ar an eachtra.[1]

Ag deireadh an téacs i Leabhar na hUidhre faightear ráiteas a bhfuil luaite de ghnáth leis an scríbhneoir críostaí H[11] a athraigh an lámhscríbhinn:

Ba é seo an drochfhís a thaispeáin na sidhe do Chú Chulainn. Óir ba thréan é cumhacht na ndiabhal roimh an gcreideamh, chomh tréan sin go dtroideadh diabhail i riocht coirp in éadan fear, agus thaispeánadh gliondair agus rúndiarmha dóibh, agus iad ann mar dhea. Dá bharr, chreidtí gurbh ann a bhí; agus thugadh fir aineolacha síde agus áes síde ar a leithéid d'fhís.[12]

Tagairtí cultúrtha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá leagan den scéal scríofa agus foilsithe ag Augusta, Lady Gregory ina bailiúcháin 1902 Cuchulain of Muirthemne. Chóirigh William Butler Yeats an leagan seo de Ghregory ina dhráma 1922, The Only Jealousy of Emer.

Tá an chéad amhrán "The Sick Bed of Cuchulainn" ar an albam 1985 Rum, Sodomy, and the Lash de chuid The Pogues, ainmnithe as an scéal.

Lámhscríbhinní

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Dillon, Myles (eag.). "The Trinity College text of Serglige Con Culainn." Scottish Gaelic Studies 6 (1949): 139-175; 7 (1953): 88 (=corrigenda). Bunaithe ar H 4.22, le léitheoireacht ó Leabhar na hUidhre.
  • Smith, Roland Mitchell (eag. agus aistr.). "On the Bríatharthecosc Conculain." Zeitschrift für celtische Philologie 15 (1924), ll. 187-98. Bunaithe ar theagasc Chú Chulainn.
  • Windisch, Ernst (eag.). Irische Texte mit Wörterbuch. Leipzig, 1880, ll. 197-234. Bunaithe ar LU, agus léitheoireacht ó H 4.22.

Aistriúcháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Dillon, Myles (aistr.). "The Wasting Sickness of Cú Chulainn." Scottish Gaelic Studies 7 (1953), ll. 47-88. Bunaithe ar H 4.22.
  • Gantz, Jeffrey (aistr.). Early Irish Myths and Sagas. Londain, 1981, ll. 155-78. Bunaithe ar LU, ach idirshliocht teagasc (tescoc) Chú Chulainn fágtha ar lár.
  • Smith, Roland Mitchell (eag. agus aistr.). "On the Bríatharthecosc Conculain." Zeitschrift für celtische Philologie 15 (1924), ll. 187-98. Bunaithe ar theagasc Chú Chulainn.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Dictionary of Celtic Mythology, James MacKillop Oxford University Press, ll. 205, 297, 320, 383–4; ISBN 0-19-280120-1
  2. Dillon, Myles (eag.). Serglige Con Culainn. Mediaeval and Modern Irish Series 14. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1953, lch. ix. Le fáil ó CELT.
  3. Dillon, Myles (eag.). Serglige Con Culainn. Mediaeval and Modern Irish Series 14. Baile Átha Cliath, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1953, lch. xi. Le fáil ag CELT.
  4. Myles Dillon, ‘On the Text of Serglige Con Culainn’, Éigse, 3 (1941–2), 120–9; (eag.), Serglige Con Culainn, Mediaeval and Modern Irish Series, 14, 1953, xi–xvi. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
  5. Trond Kruke Salberg, '‘The Question of the Main Interpolation of H into M’s Part of the Serglige Con Culainn in the Book of the Dun Cow and Some Related Problems’', Zeitschrift für celtische Philologie, 45 (1992), ll. 161–81, go háir. 161–2.
  6. John Carey, '‘The Uses of Tradition in Serglige Con Culainn’', Ulidia: Proceedings of the First International Conference on the Ulster Cycle of Tales, Béal Feirste agus Eamhain Mhacha, 8–12 Aibreán 1994, eag. J. P. Mallory agus Gerard Stockman (Béal Feirste: Mí na Nollag, 1994), ll. 77–84, ag 81–3;
  7. Joanne Findon, A Woman’s Words: Emer and Female Speech in the Ulster Cycle (Toronto: University of Toronto Press, 1997), ll. 145–46.
  8. Dillon, Myles (eag.). Serglige Con Culainn. Mediaeval and Modern Irish Series 14. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1953. lch. x. Le fáil ar CELT.
  9. John Carey, "The Uses of Tradition in Serglige Con Culainn", Ulidia: Proceedings of the First International Conference on the Ulster Cycle of Tales, Béal Feirste agus Eamhain Mhacha, 8–12 Aibreán 1994, eag. J. P. Mallory agus Gerard Stockman (Béal Feirste: Mí na Nollag, 1994), ll. 77–84
  10. John T. Koch, 'Serglige Con Culainn', in Celtic Culture: A Historical Encyclopedia, eag. John T. Koch (Santa Barbara, CA: ABC-CLIO, 2005), ll. 1607-8.
  11. lua de dhíth.. Best srl
  12. Alaric Hall, Elves in Anglo-Saxon England: Matters of Belief, Health, Gender and Identity, Anglo-Saxon Studies, 8 (Woodbridge: Boydell, 2007; athchló. 2009), lch. 143.