Caladbolg
Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, ba chlaíomh Fhearghasa mhic Róigh é Caladhbholg[1] (Sean-Ghaeilge Caladbolg[2]), gaolmhar le Caledfwlch i Litríocht na Breataine Bige, agus Excalibur[3] sa Matter of Britain.[4][5][6] Scríofa scaití Caladcholg ("claíomh crua"), tá sé nasctha chomh maith le laoch níos aduaine na nUladh Fearghas mac Léite, a mholann cónaidhmiú dhá seanscéal. Dúradh gur chlaíomh dhá-láimh é a dhéanadh ciorcal ar nós bogha ceatha agus é á luascadh; go mbíodh an cumhacht aige chun mullaigh na gcnoc a bhaint díobh; agus go ndéanadh ár agus eirleach ar arm iomlán.
Táin Bó Cúailnge
[cuir in eagar | athraigh foinse]I rith an Táin Bó Cúailnge, tháinig Ailill mac Máta ar an gcaidreamh idir Fhearghas Mac Róigh agus agus a bhean chéile Méabh, agus bhain Caladbolg de marcas chúiteamh. Thug sé ar ais é ámh tar éis athchruinniú arm na Uladh ina choinne. Rinne Fearghas léirscrios ar ghaiscí na nUladh lena chlaíomh, ach d'áitigh Conall Cearnach é gan Conchúr mac Neasa a mharú. Ina ionad sin, bhuail Fearghas na "Trí Bhuille Mhóra" ar thrí chnoc bheaga, ag scoitheadh a mhullaigh díobh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ caladh3 ar teanglann.ie FGB
- ↑ 2 calad Compds ar eDIL
- ↑ Excalibur ar etymonline.com
- ↑ Tá an t-ainm le fáil san iolra mar fhocal cineálach do "claimhte móra" insan aistriúchán Gaelach de chuid na 10ú haoise ar an scéal Clasaiceach, Toghail na Traí
- ↑ Thurneysen, R. "Zur Keltischen Literatur und Grammatik", Zeitschrift für celtische Philologie, Iml. 12, lch. 281 ff.
- ↑ O'Rahilly, T. F., Early Irish history and mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath , 1957, lch. 68