Tochmharc Éadaoine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tochmarc Étaíne)
Éadaoin agus Midhir, léarscáil le Stephen Reid in The High Deeds of Finn (1910) le T. W. Rolleston

Is seanscéal é Tochmharc Éadaoine (Sean-Ghaeilge Tochmarc Étaíne) i Miotaseolaíocht na nGael, ina fhaightear pearsana ón Rúraíocht agus Scéalaíocht na Ríthe. Tá sé caomhnaithe i bpáirt sa lámhscríbhinn darb ainm Leabhar na hUidhre (c. 1106), agus go hiomlán sa Leabhar Buí Leacáin (c. 1401).[1] Creidtear gur ón 8ú nó 9ú haois í teanga an scéil.[2]

Insítear scéal shaol agus leannáin Éadaoine, bean dhaonna álainn na nUladh, agus a caidreamh le hAengus and Midhir na dTuath Dé Danann.

Ceapann an tOllamh Jeffrey Gantz go bhfeictear sna scéalta "chiall fileata an dlí" i réim i sochaí na nGael.[3]

Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé nach soiléir í fianaise na lámhscríbhinne, tá an téacs roinnte ina thrí mhír ag na heagarthóirí Best agus Bergin, TE I (§§ 1-10), TE II (§§ 11-14) and TE III (§§ 14-26).[4]

TE I[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. I dtosach báire insítear scéal ghiniúint Aonghasa, agus a thuistí ná an Daghda agus Bóinn, bean chéile Ealcmhair. Is é Midhir é athair altrama Aonghasa; agus é fásta, tagann sé i seilbh Bhrú na Bóinne ó Elcmar.
  2. Tugann Midhir cuairt ar Aonghas, ach dalltar é le craobhóg chuilinn, caite ag buachaillí ag imirt in aice leis an mBrú. Agus é leigheasta ag Bóinn, lia, éilíonn sé cúiteamh ar Aonghas. Ina measc siúd, éilíonn sé lámh na mná is áille in Éirinn, a bhfuil aithne aige uirthi cheana: Éadaoin, iníon Ailealla, rí Uladh. Chun í a bhuachaint ar son Mhidhire, caithfidh Aonghas roinnt saothar a dhéanamh, ina measc machairí a ghlanadh agus aibhneacha a atreorú, chomh maith leis a meáchain óir agus airgid a íoc. Agus iad déanta, pósann Midhir Éadaoin.
  3. Cuirtear lán a cinn d'éad ar Fhuamnach, iarbhean chéile Mhidire, agus déanann sí lochán uisce d'Éadaoin. Agus é ag imeacht ina ghal, tagann cuileog chorcra álainn amach as. Tá a fhios ag Midhir gurb is Éadaoin í an chuileog, agus téann sí gach áit ina theannta.
  4. Ach músclaíonn Fuamnach anfa a shéideann ar siúl an chuileog, agus scaipeann sí siar is aniar ar feadh seacht mbliana sula thuirlingíonn sí ar éadaigh Aengus, agus í spíonta. Déanann Aonghas grianán chriostail di, a iompraíonn sé leis go dtí go dtagann sí chuici féin.
  5. Músclaíonn Fuamnach anfa eile agus séideann sí Éadaoin ar siúl arís. Tar éis seacht mbliana eile, thuirlingíonn sí i gcuach óir sa lámh bhean chéile Éadair, laoch na nUladh i ré Chonchúir mhic Neasa. Ólann sise ón gcuach, slogann an chuileog, agus éiríonn sí torrach. Tagann Éadaoin ar an saol arís, 1,012 bliana tar éis a céad lá breithe. Idir an dá linn, beireann Aonghas ar Fhuamnach agus baineann sé a cloigeann di.

TE II[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá bean chéile de dhíth ag Ard-Rí na hÉireann, Eochaid Airem, toisc nach ngéillfidh ríthe na gCuigí do rí gan banríon. Seolann sé teachtairí at dís na tíre, ar lorg na mná is áille in Éirinn, agus aimsíonn siad Éadaoin. Titeann sé i ngrá léi agus pósann sé í, ach tá a dheartháir Ailill splanctha ina diaidh freisin, agus tránn sé de bharr ghrá aontaobhaigh.

Fágann Eochaid Teamhair ar chamchuairt na hÉireann. Fanann Éadaoin leis an easlán, Ailill, a insíonn dí cúis a thinnis. Deir sé go leigheasfaí é ach dá ndéarfadh sí an focal; deir sise gur maith léi go raibh sé ar fónamh. Tagann biseach air, ach deir sé go dtiocfadh leigheas air dá n-aontódh sise buaileadh leis ar an gcnoc thuas, um gan an rí a náiriú ina thigh féin. Aontaíonn sí buaileadh leis trí huaire, ach is Midhir i ndáiríre atá ann, agus cuma Ailill air. An tríú huair, insíonn Midhir an fhírinne d'Éadaoin, ach níl aithne aici air. I ndeireadh na dála, géilleann sí dul leis, ar choinníoll go dtabharfadh Eochaid cead dí.

TE III[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níos faide anonn, agus Aillil ar fónamh agus Eochaidh abhaile, tugann Midhir dúshlán ar Eochaidh cluiche fichille a imirt leis. Agus iad ag imirt, buann Eochaidh agus ardaíonn na geallta; mar shampla, caithfidh Midhir an Bóthar Chorr Liath a thógáil. Sa deireadh, molann Midhir mar gheall póg is barróg ó Éadaoin, agus buann sé an babhta seo. Deir Eochaidh le Midhir teacht ar ais an bhliain ina diaidh, a dhuais a ghlacadh chuige féin.

Idir an dá linn, bailíonn Eochaidh a laochra is cróga chun Teamhrach, ach in ainneoin sin, nochtann Midhir laistigh. Tugann Eochaidh based do Mhidhir barróg a bhreith ar Éadaoin, ach iompaíonn siad beirt ina n-ealaí agus imíonn leo ar eitleog.

Ordaíonn Eochaidh go mbaine gach síbhuíon in Éirinn, agus i mbun na hoibre ag síbhuíon Mhidhire i mBrí Léith, tagann Midhir i láthair agus geallann sé go dtabharfaidh sé Éadaoin ar ais. Ag an uair atá ceaptha ámh, tugann Midhir leis caoga bean atá aon chuma amháin orthu. Toghann Eochaidh an té a mheasann sé gur Éadaoin í, luíonn sé léi, agus éiríonn sí torrach le hiníon dó.

Níos faide anonn, tagann Midhir arís agus deir sé le hEochaidh gur a iníon féin le hÉadaoin í an té a roghnaigh sé, beirthe ina shíbhuíon. Agus é náirithe, fágann Eochaidh iníon a gcaidrimh colaigh lasmuigh, ach tagann aoire agus a bhean chéile uirthi agus tógann siad í amhail is leo féin í. Pósann an cailín Eterscél Mór, comharba Eochaidh, agus rug sí máthair an ardrí, Conaire Mór. Sá scéal Togail Bruidne Dá Derga, Mess Búachalla is ainm dí, agus is iníon Éadaoine agus Eochaidh Feidhil í.[5]

Ag deireadh an scéil, cuirtear Eochaidh chun báis, agus Sigmall Cael, ua Midhire, ab ea a mharfóir.[6]

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an oiread sin cosúlachtaí eatarthu ó thaobh mótífe de, is léir go raibh tionchar mór ag an scéal seo ar an scéal ridireachta Sir Orfeo (athinsint an scéil Orpheus).[7]

Foinsí lámhscríbhinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leagain agus aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Müller, Edward (eag. agus aistr.). "Two Irish Tales. 2. The History of Aillel and Etain." Revue Celtique 3 (1878): 351-60 [Egerton 1782].
  • Windisch, Ernst (eag.). "Tochmarc Étáine: 'Das Freien um Etain'." In Irische Texte mit Übersetzungen und Wörterbuch 1 (1891). 113-133. Leagain Egerton agus LU.
  • Stern, Ludwig Christian (eag. agus aistr.). "Das Märchen von Étáin." Zeitschrift für celtische Philologie 5 (1905): 523-36. LU agus sraithe ó H 3.18.
  • Bergin, Osborn and R.I. Best (eag.). "Tochmarc Étaíne." Ériu 12 (1934–38): 137-96. Bunaithe ar G4 agus LBL.
  • Thurneysen, Rudolf (aistr.). "Etain und Ailill Anguba." In Sagen aus dem alten Irland, eag. R. Thurneysen. Berlin, 1901. 77ff. Bunaithe ar Athleagan II ó LBL agus LU.
  • Leahy, Arthur Herbert (eag. agus aistr.). "Courtship of Etain." In Heroic Romances of Ireland 2 vols. Londain, 1905-06. Vol 1: 1-32 (réamhrá agus aistriúchán gluaisithe ó LU agus Egerton), vol 2: 143-61 (aistriúchán ó deireadh LU).
  • Dillon, Myles. "Tochmarc Étaíne." In Irish Sagas. Baile Átha Cliath, 1959. 11-23. Bunaithe ar roinnt foinsí.
  • Guyonvarc'h, Christian J. (tr.). "La Courtise d'Étaín." Celticum 15 (1966): 283-327. (Fraincis)
  • Gantz, Jeffrey (aistr.). "The Wooing of Étaíne." In Early Irish myths and sagas. Londain, 1981. 39-59. Bunaithe ar roinnt foinsí.
  • Tigges, Wim (eag.), Tochmarc Étaíne: An Old Irish Narrative. Leiden/The Hague, 2015. Bunaithe ar Bhergin agus Best. Le réamhrá,

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Jeffrey Gantz (ed. & trans.), Early Irish Myths and Sagas, Penguin Classics, 1981, pp. 37-59
  2. James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, pp. 359-361
  3. Jeffrey Gantz, "Early Irish Myths and Sagas", Penguin Classics, 1981, lch. 38
  4. Best and Bergin, "Tochmarc Étaíne." 139-40
  5. Gantz, 1981, ll. 60-106
  6. Osborn Bergin and R. I. Best, "Tochmarc Étaíne", Ériu 12, 1938, ll. 137-196 (CELT)
  7. Laura A. Hibbard, Medieval Romance in England, ll. 197-8, New York Burt Franklin, 1963