Eterscél Mór
Cineál | duine a d’fhéadfadh a bheith ficseanúil |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Muintir | |
Céile | Meas Buachalla |
Athair | Eogan I mac Oililla (en) |
Leanaí | Conaire Mór mac Eterscél |
Eile | |
Cúram | Ardrí na hÉireann |
I Miotaseolaíocht na nGael, ba Ard-Rí na hÉireann é Eidirscéal Mór (Sean-Ghaeilge Eterscél Mór), mac Íar mac Dedad, sliocht de chlann Óengus Tuirmech Temrach, d'Érainn na Mumhan. Tháinig sé i réim i ndiaidh Eochaidhe Airimh
Sa Rúraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh clann ar bith ag Eidirscéal, ach tairngríodh go mbéarfadh bean de chine anaithnid mac dó. D'aimsigh agus phós sé le Mess Búachalla an áilleacht, iníon Éadaoine agus iar-ardrí Eochaidh Feidhil.[1] De bharr a giniúna colaí, cuireadh lasmuigh gan clúdach í, ach fuarthas agus tógadh í le tréadaí agus a bhean chéile. Oíche amháin, i dtigh Eterscéil, thug fear neamhaithne cuairt uirthi, ag eitilt tríd an spéirléas i riocht éin, agus ghin sí a mhac, ardrí na todhchaí Conaire Mór, a tógadh mar mhac Eterscéil.[2]
Achar Ama
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Eiderscéal i réim ar feadh cúig nó sé bliana (ag brath ar fhoinse). Mharaigh Nuadha Neacht é ag cath Aillenn agus tháinig i réim ina áit.
I bhfoinsí ar leith, faightear croineolaíochtaí ar leith dá réim:
- Leabhar Gabhála na hÉireann: cuirtear ar chomhaois é le hImpire Rómhánach Augustus (27 BC – AD 14), breith Chríost, agus ríthe seanscéalacha na cúigí Conchúr mac Neasa (U), Cairbre Nia Fer (L), Cú Raoi (M) agus Ailill mac Máta (C).[3]
- Foras Feasa ar Éirinn: 70–64 BC[4]
- Annála na gCeithre Máistrí: 116–111 BC.[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó, i dTochmharc Éadaoine, a dheartháir Eochaidh Aireamh agus a iníon le hÉadaoin; Gantz, 1981, ll. 37-59
- ↑ Jeffrey Gantz (aistr.), Early Irish Myths and Sagas, Penguin Classics, 1981, ll. 60-106
- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 299-301
- ↑ Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn 1.37
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M5084-5089
Réamhtheachtaí Eochaidh Aireamh |
Ard-Rí na hÉireann LGE 1d aois RC FFE 70–64 RC ACM 116–111 BC |
Comharba Nuadu Necht |