Mesca Ulad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is scéal na Rúraíochta é Meisce na nUladh (Sean-Ghaeilge Mesca Ulad). Caomhnaítear é i lámhscríbhinní na 12ú haoise, Leabhar na hUidhre agus an Leabhar Laighneach. Feictear an teideal Mesca Ulad ach amháin i leagan an Leabhair Laighnigh.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'áitigh Cú Chulainn agus Fionntán, mic altrama Chonchúir mhic Neasa, air féin tríú cuid de Chúige Uladh a thabhairt dóibh mar ríogacht. Bliain níos déanaí, ámh, thug Conchúr orthu beirt an ríogacht iomlán a thabhairt ar ais dó le haghaidh bliana eile. Ag deireadh na tréimhse seo, shocraigh siad beirt ar a seal féin fleá mhór a eagrú ar son Chonchúir. Toisc gur mhothaigh Conchúr faoi chomaoin acu beirt, shocraigh seisean dul chun fleá ar dtús go Fionntán agus níos déanaí san oíche go Cú Chulainn.

Agus cách ar meisce, chuaigh siad ar charabad ó thigh Fhionntáin go tigh Chú Chulainns Burg, ach chuaigh siad amú i ndorchadas na hoíche. De mhí-ádh, tháinig siad ar thigh a namhad Cú Raoi, a chuir go bréagach fáilte rompu. Thug sé isteach iad i dtigh iarainn agus le hadhmad ar na ballaí, a chuir sé faoi ghlas le slabhraí. Cuireadh ansin an teach trí thine, ach le cabhair ó Chú Chulainn, bhris na hUlaidh na slabhraí, d'éalaigh siad as an tigh agus scrios siad bhaile Chú Raoi, Teamhair Luachra.

Lámhscríbhinní[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagráin agus aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Hennessy, William M. (eag. agus aistr.). Mesca Ulad: or, the Intoxication of the Ultonians. Todd Lecture Series 1. Baile Átha Cliath, 1889. Bunaithe ar LU agus LL. Athchlótar an t-aistriúcháin i: Eleanor Hull (eag.), The Cuchullin Saga in Irish literature. Londain, 1898; agus i Ancient Irish tales, eag. T.P. Cross agus C.H. Slover. New York, 1936, ll. 215-38.
  • Watson, J. Carmichael (eag.). Mesca Ulad. Mediaeval and Modern Irish Series 13. Baile Átha Cliath, 1941 (athchló. 1983). Bunaithe ar LU agus LL, le leaganacha ó from LBL agus Ed. XL. Eagrán le fáil ar CELT].
  • Mac Gearailt, Uaitéar (eag.). "The Edinburgh Text of Mesca Ulad." Ériu 37 (1986), ll. 133-80. Bunaithe ar Ed. XL.
  • Watson, J. Carmichael (aistr.). "Mesca Ulad". Scottish Gaelic Studies Curtha i gcartlann 2001-07-08 ar an Wayback Machine 5 (1938), ll. 1-34 (bunaithe ar LL, LU). (Béarla)
  • Koch, John T. (aistr.). I The Celtic Heroic Age, eag. John T. Koch agus John Carey. 3ú eag. Andover, 2000, ll. 106-27. Aistriúchán sealadach bunaithe ar an eagrán le Watson.
  • Gantz, Jeffrey (aistr.). "The Intoxication of the Ulaid." In: Early Irish Myths and Sagas. Harmondsworth, 1981, ll. 188-217. (Béarla)
  • Guyonvarc'h, C.-J. (aistr.). "L'ivresse des Ulates." Ogam 12 (1960), ll. 487-506; 13 (1961), ll. 343-60 [Celticum 2 (1962), ll. 1-38 freisin] (Fraincis).

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Carey, John. "Vernacular Irish Learning: Three Notes." Éigse 24 (1990): 37-44.
  • de Paor, Áine. "The common authorship of some Book of Leinster texts [III. Mesca Ulad]." Ériu 9 (1923): ll. 118-46.
  • Ó Concheanainn, Tomás. "The manuscript tradition of Mesca Ulad." Celtica 19 (1987): ll. 13-30.
  • Sayers, William. "Three charioteering gifts in Táin Bó Cúailnge and Mesca Ulad: immorchor deland, foscul díriuch, léim dar boilg." Ériu 32 (1981): ll. 163-7.
  • Sayers, William. "Portraits of the Ulster Hero Conall Cernach: A Case for Waardenburg's Syndrome?" Emania 20 (2006): ll. 75-80.
  • Thurneysen, Rudolf. Zu irischen Handschriften und Litteraturdenkmälern. Zweite Serie. Abhandlungen der königlichen Gesellschaft der Wissenschaften zu Göttingen 14.3. Berlin, 1913. Féach u. 17 do Mesca Ulad.
  • Watson, J. Carmichael. "Mesca Ulad: the redactor's contribution to the later version." Ériu 13 (1940): ll. 95-112.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]