Scáthach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Sa Rúraíocht, ba bhanlaoch agus teagascóir na n-ealaíon comhraic í Scáthach. Bhí Cú Chulainn ceann dá daltaí. Deirtear go raibh an Alba a háit dúchais, go háirithe Oileán Scáthaí,[1] agus cónaí uirthi ann i nDún Scáith. Tugadh "An Scáth" mar leasainm uirthi. De réir athleagan amháin, ba í Aoife a deirfiúr agus céile comhraic, iad beirt na hiníonacha Árd-Greimne, as Lethra (sa Bhriotáin).

Sna scéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear Scáthach go háirithe agus í ag teagasc Chú Chulainn Óg sa scéal Tochmharc Eimhire, seanscéal ón ré roimh an móreipic Táin Bó Cúailnge. Maireann an scéal i ndá athleagan: leagan gearr scríofa go formhór as Sean-Ghaeilge, agus leagan leathnaithe as Meán-Ghaeilge.

Sa dá athleagan, tá de dhualgas ar Chú Chulainn líon tascanna a dhéanamh, sula measfar gur fiú dó a ghrá geal Eimhear, iníon thaoisigh Fhorgall Monach, a phósadh. Cuirtear é go Alpae (Alba is léir anseo[2]) i dteannta le Lóegaire, Conchúr, agus (sa leagan níos deireanaí, freisin) Conall Cernach. Faigheann sé oiliúint mhíleata ón ngaiscíoch Domhnall,[3] a chuireann é in am trátha chuig Scáthach le haghaidh tuilleadh oiliúna.[4]

Téann Cú Chulainn agus a chomrádaí Ferdia go Dún Scáith. Múineann Scáthach gaiscí arm dóibh, agus tugann a Ga Bolg dó Chú Chulainn. Imíonn seisean i mbradaíl le hiníon Scáthaí, Uathach, ach trí thimpist briseann a méara. Screadann sí agus glaonn a leannán Cochar Croibhe isteach. In ainneoin agóidí Uathaigh, tugann sé cuireadh chun comhraic do Chú Chulainn, ach cloíonn Cú Chulainn go héasca é. Chun chúiteamh a dhéanamh, glacann Cú Chulainn le cúramaí Chochair, agus éiríonn sé ina leannán Uathaigh. Sa deireadh, geallann Scáthach a hiníon dó, gan an bride price.

Tá céile comhraic ag Scáthach, bangaisce darb ainm Aoife. Nuair a bhagraíonn sí críocha Scáthaí, cloíonn Cú Chulainn í. Agus í ar fhaobhar a chlaímh, socraíonn Cú Chulainn a beo a ligint léi, ach go luíonn sí leis agus mac a bheireann do. Fágann sé Aoife agus í ag iompar a mhic, Connla.[5]

I gcultúr na ndaoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is carachtar í Scáthach in American Horror Story: Roanoke, an 6ú séasúr den tsaincheadúnas teilifíse American Horror Story. Lady Gaga, amhránaí, a rinne a páirt.[6] Tá sí ann mar phearsa chomh maith sa sraith leabhar The Secrets of the Immortal Nicholas Flamel leis an scríbhneoir Éireannach Michael Scott.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tochmarc Emire (Athleagan I), CELT
  • Tochmarc Emire (Athleagan II), eag. A.G. van Hamel, Compert Con Culainn and Other Stories. Mediaeval and Modern Irish Series 3. Baile Átha Cliath, 1933.
  • DIL Alpae
  • MacKillop, James (1998). Dictionary of Celtic Mythology. Londain: Oxford. ISBN 0-19-860967-1.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Isle of Skye
  2. "na hAlpa" sa bhrí litriúil, cf DIL, svv "Alpae" and "Albu".
  3. titeann a iníon hideous i ngrá leis an laoch, agus geallann sí díoltas agus í diúltaithe
  4. "The Concise Oxford Companion to Irish Literature" (2000). Oxford, England: Clarendon Press. 
  5. Rolleston, T.W. (1986). "Celtic Myths and Legends". Londain, Sasana: Gresham. 
  6. Lady Gaga's Freaky Roanoke Character Has Some Deep American Horror Story Roots, October 18, 2016