Cealtchar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Celtchar)
Jump to navigation Jump to search

Sa Rúraíocht, is laoch na nUladh é Cealtchar (Sean-Ghaeilge Celtchar) mac Uthechar (nó Uthidir).

Sna scéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gurbh "laoch liath, ard, fíochmhar na nUladh" é Cealtchar. Chónaigh air i nDún Leathghlaise[1] (ar a thugtar freisin Dún, nó Ráth Chealtchair[2]) i nDún Pádraig, Contae an Dúin. Ba í Findmór as Dún Sobairche, Contae Aontroma a bhean chéile.[3] Bheartaigh sé sleá dárbh ainm Lúin Chealtchair, a bhfuil saint chun fola chomh láidir, go gcaithfí é a chur i gcoire nimhe chun é a smachtú.[4]

Ag fleadh tráth, thug sé dúshlán do Cet mac Mágach ar son na curadhmhíre. D'fhreagair Cet ámh go raibh Cealtchar coillte aige le sleá ag tigh Chealtchair féin.[5]

Agus na hUlaidh dúisithe as a gceas, tharrtháil Cealtchair agus Conchúr Mac Neasa ochtar ban fuadaithe ó ochtar fear de theaghlach Ailille agus Méabha ag Áth Féinne.[6]

Mar chúiteamh as dúnmharú Bhlaí Briugu, a luigh lena bhean chéile, cuireadh iachall ar Chealtchar an ruaig a chur ar thrí bhagairt na nUladh.

Ba é an chéad bhagairt Conganchnes mac Dedad, a bhí i mbun díoltas ar son dúnmharú a nia Cú Raoi. Bhí craiceann fadharcánach aige, nárbh fhéidir arm ar bith polladh. Mhol Cealtchar a iníon Niamh dó chun pósadh, agus dá bhárr, fuair sí amach go marófaí Conganchnes ach d'ingne dearg-the lasta isteach i mboinn a chos. Thug sí an t-eolas seo dá hathair, a rinne mar ba ghá.

Ba é an dara bagairt ná cú fíochmhar dárbh ainm Luch Donn. D'aimsigh baintreach é ina choileán, agus thóg sí é ina chú ollmhór agus dosmachtaithe. Mharaigh sé caoirigh na baintrí, ansin a mic, ansin an bhaintreach féin. Ansin, chuaigh i mbun lonnaíocht a scriosadh gach oíche. D'aimsigh Cealtchar lomán fearna, tholl amach é go ndeachnaigh a lámh tríd, agus bheirigh sé é le mil, gréisc agus luibheanna, go dtí go raibh sé righin agus solúbtha. Tháinig sé i ngiorracht an chú leis an lomán thar a láimh, agus ghabh fiacla an chú ann á bhaint. Bhí Cealtchar in ann ansin a chroí a tharraingt amach tríd a bhéal, á mharú.

Ba é an dara bagairt ná Dóelchú, madra Chealtchair féin. D'aimsíodh é mar choileán lastigh uaigh Chonganchnes. Ní ligeadh sé ach Cealtchar é a láimhseáil, ach lá amháín d'éiligh sé agus as sin amach, bhagraíodh sé ba agus caoirigh na nUladh. Chuaign Celtchar ar thóir an mhadra agus ghlaoigh sé air. Tháining sé chuige agus leadhb a chosa. In aghaidh a thola, mharaigh Celtchar é lean shleá. Agus an sleá á ardú aige, rith braon d'fhuil nimhiúil an mhadra síos agus trí chorp Chealtchair, á mharú.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cecile O'Rahilly, Táin Bó Cúalnge Recension I, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1976, lch. 126
  2. The Mound of Down le fáil ar Geography in Action
  3. O'Rahilly 1976, lch. 167.
  4. Whitley Stokes (eag. & aistr.) "The Destruction of Da Derga's Hostel", 1902.
  5. The Story of Mac Dathó's Pig, cuid 13.
  6. Cecile O'Rahilly (eag. & aistr.) Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1967, lch. 249
  7. Aided Cheltchair meic Uthechair, eag. agus aistr. le Kuno Meyer, "The Death of Celtchar mac Uthechair", The Death Tales of the Ulster Heroes, Todd Lecture Series. Baile Átha Cliath, 1906: ll. 24-31