Magh Meall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Mag Mell)

I Miotaseolaíocht na nGael, ba dhomhan miotasach é Magh Meall (Sean-Ghaeilge Mag Mell), parthas taitneamhach a bhaintí amach trí bhás agus/nó trí ghlóir. Is comhionann é agus Elysium na nGréagach nó Valhalla na Lochlannach. Insítear gurbh é Tethra, rí na bhFomhórach, nó níos minice Manannán mac Lir na dTuath Dé Danann, a bhí i gceannas ann.

Na seanscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aithníodh Magh Meall mar oileán fad taobh ó thiar d'Éirinn, nó ríocht faoin aigéan. Bhí Magh Meall áfach, amhail Elysium, insroichte ach amháin do dhream beag ar leith. Ina theannta sin, ní dúradh riamh go soiléir sna seanscéalta gur shaol eile é Magh Meall (maraon leis na oileáin líonmhara miotasacha eile a dúradh bheith amach ó chósta na hÉireann). A mhalairt de chuma, cuirtear i láthair é de ghnáth mar shuíomh parthais agus déithe ina gcónaí ann, agus cuairte tugtha air ó am go ham ag daoine daonna eachtrúla. I riocht oileán an domhain, tugadh cuairte air ag laochra agus manaigh éagsúla. Is bunús na n-eachtraí nó na n-iomhramh (de réir an tsainmhíniú a thug Myles Dillon orthu[1]) iad na scéalta seo.

Ní raibh tinneas ná bás ann i Magh Meall. Bhí sonas, óige agus áilleacht ann go síoraí. Fuarthas le chéile ann ceol, neart, saol agus gach caithimh aimsire taitneamhacha a d'fhéadfaí a shamhlú. Ní raibh easpa biadh nó dí.

Ré Críostaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhair draíocht Mhaigh Mhill i ndiaidh ré na bpágánach pagan go dtí an ré Chríostaíochta. Sna scéalta níos déanaí, ní domhan an tsaoil eile é oiread is parthas an domhain seo, arbh fhéidir eachtraithe a shroicheadh ag taisteal ó thiar na tíre, go minic ar seachrán de dheasca anfaí deonacha agus iad spreagtha chun eachtra. De ghnáth, taiscéalann siad go leor oileán fantaiseach ar a dturais. I measc turasóirí na scéalta dá leithéid, tá Naomh Breandán, Bran Mac Feabhail (féach Iomramh Bhrain), agus Máel Dúin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford: 1998. ISBN 0-19-860967-1
  1. Myles Dillon, Early Irish Literature