Valhalla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
"Walhall" (Valhalla) le Emil Doepler (t. 1905)

Halla in Ascar ina bhfuil cónaí ar leathchuid dóibh siúd a maraíodh sa chogadh is ea Valhalla (Sean-Lochlainnis: Valhǫll) i Miotaseolaíocht na Lochlannach. I ndiaidh cathanna, de réir na miotaseolaíochta, roghnaíonn an bandia Frae leathchuid de na mairbh le tógáil chuig a halla féin, Fólkvangr, agus bailíonn na Vailcírí an leath eile agus tógann chuig Valhalla iad. Tugtar einherjar ar na laochra marbha a chónaíonn i Valhalla, agus deirtear go n-imeoidh siad le troid ag Ragnarök. Tá Valhalla suite taobh istigh de halla Óidin, Glaðsheimr, agus tá 540 doras ann, sa dóigh gur féidir le 800 einherjar dul tríothu ag an am céanna.