Óidin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarÓidin
Óðinn Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
CineálNorse deity (en) Aistrigh
dia an chogaidh
King of the Gods (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathamarfóir dragan Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LánúinJörð (en) Aistrigh, Rindr (en) Aistrigh, Gríðr (en) Aistrigh, Gunnlöð (en) Aistrigh agus Frae Cuir in eagar ar Wikidata
CéileFroig (bandia) Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairBestla (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBorr (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíBaldur, Hodhr, Hermod, Bragi, Víðarr, Túr, Meili, Heimdall (en) Aistrigh, Tyr (en) Aistrigh, Winta (en) Aistrigh, Váli, Skjöldr (en) Aistrigh agus Göte (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Siblíní, Vilí agus Hœnir (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Ball deÆsir (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ComhionannWōden (en) Aistrigh agus Woden (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir deSleipnir, Gungnir (en) Aistrigh, Tyrfing (en) Aistrigh, mead of poetry (en) Aistrigh agus Geri and Freki (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Óidin

Is pearsa bainte le miotaseolaíocht na Lochlannach é Óidin (Sean-Lochlainnis: Óðinn). Tá sé ina thaoiseach ar na déithe Æsir agus ina rí ar Ascar. Chreidtí go gcónaíonn sé i halla in Ascar ar a dtugtar Glaðsheimr, ina bhfuil Valhalla suite chomh maith. Deirtear go mbeidh Óidin ina cheannaire ar na heinherjar ag Ragnarök (clapsholas na ndéithe), ach tá sé sa tairngreacht go n-íosfaidh an mac tíre Fenrir é ann.

Tá Óidin bainte leis an eagnaíocht, leis an bhfilíocht, leis an mbás, leis an draíocht agus leis an bhfios fáistine. Tugtar an tUile-Athair air, mar chruthaigh seisean agus a dheartháireacha, Vilí agus Vé, Miðgarðr (domhan na ndaoine daonna) agus an chéad chúpla daonna, Ask agus Embla.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as an bPrótai-Ghearmáinic *wōðanaz “tiarna buile, ceannaire ar mire” a thagann an t-ainm Óðinn, nó Wōden i Sean-Bhéarla, Wōdan i Sean-Sacsainis, nó Wuotan i Sean-Ghearmáinis Ard. Is leagan Gaelaithe den ainm Oðinn é Óidin.

Gnéithe Óidin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhdhia an chreidimh Lochlannaigh ba ea Óidin, ach ba charachtar casta é, agus bhí sé saghas leithleach agus cleasach. D’íobair Óidin a leathshúil i dTobar Urd, agus chroch sé é féin ar an gcrann Yggdrasill lena sleá, Gungnir, ag dul tríd, le heagna agus draíocht a fhoghlaim. Ba ghnás na mban í an draíocht i sochaí na Lochlannach, áfach, agus bhí Láca ag magadh faoi Óidin sa dán Lokasenna mar gheall air sin. Uair amháin, d’éirigh na déithe eile chomh cráite sin le hÓidin, dhíbir siad é as Ascar ar feadh deich mbliana. Fad is a bhí sé imithe, roinn a dheartháireacha Vilí agus Vé a mhaoin eatarthu, bean Óidin, Froig, san áireamh!

D’úsáid Óidin cleasa uafásacha chun Meá na Filíochta a fháil freisin, ach moltar é as seo, mar rinne sé iolar de féin chun éalú ó thír na bhfathach agus spreag an chuid meá a tháinig amach as a ghob na filí daonna.

Bhí gné críonna ag baint le hÓidin freisin, áfach, mar a léirítear sna dánta Havamal agus Vafþrudnismal, ina gcuireann sé comhairle orainn agus ina mbuann sé comórtas eolais.

Tá péire fiach dubh aige darb ainmneacha Huginn agus Muninn, a eitlíonn timpeall an domhain gach lá chun scéala a bhailiú le n-insint dó, chomh maith le péire mac tíre, Geri agus Freki. Bíonn sé ag marcaíocht ar an gcapall ochtchosach, Sleipnir.

Muintir Óidin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhac leis an Áss, Borr, agus an Jötunn, Beastla, é Óidin. Bhí beirt deartháireacha aige, darbh ainmneacha Vilí agus Vé, agus bhí sé ina 'bhráthair fola' le Láca freisin. Bhí sé pósta le Froig agus bhí beirt mhac ar a laghad acu: Baldar agus Hód. Bhí a lán mac eile ag Óidin le bandéithe, banfhathaigh, agus mná eile, ina measc Túr, Víodar agus Vailí, agus mhaígh a lán teaghlach ríoga (stairiúil agus miotasach) gur de shliocht Óidin iad.

Sa chultúr coiteann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear Óidin i neart greannán, scannán, agus físchluichí a bhaineann leis an gCruinne Marvel. Measann roinnt taighdeoirí freisin gur bunús le Daidí na Nollag é Óidin, mar tá siad beirt bainte leis an Nollaig (agus mar gheall ar an bhféasóg fhada atá acu beirt!).

Dúirt J. R. R. Tolkien gur "Odinic wanderer" é a charachtar Gandalf.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]