Ailill mac Máta
![]() | Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Ailill mac Máta | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Maraithe ag | Conall Cearnach | ||
Muintir | |||
Céile/Céilí | Méabh | ||
Páistí | liosta iomláin | ||
Siblíní | liosta iomláin | ||
Gairm |
Rí Chonnacht agus fear chéile na Banríona Méabh sa Rúraíocht is ea Ailill mac Máta, atá bunaithe i gCruachan (Ráth Cruachan, Contae Ros Comáin sa lá atá inniu ann). Is eisean atá i gceannas ar fhórsaí Chonnacht nuair a ionsaíonn siad Ulaidh sa laochscéal Táin Bó Cúailnge.
Insítear sna scéalta go bhfuil ainm a mháthar aige, Máta Muirisc, iníon Mhága de chuid na bhFir Ol nÉcmacht, ceann de treibheanna na ríochta. Tá a athair Rus Ruad ina Rí Laighean, agus i measc na mic eile atá aige ná Cairbre Nia Fer, Rí Theamhair na Rí, Find Fili, a ghlacann áit a athar mar rí Laighean agus Cathbad, príomh-draoi Rí Uladh Conchúr mac Neasa, dar le foinsí áirithe. Deirtear sa Táin gur roghnaigh Méabh mar fhear chéile é ós rud é gurb eisean an duine amháin astu gan cruálacht, éad nó faitíos.
Saolaíodh seachtar mac ag Rí Ailill agus Banríon Méabh, agus Maine tugtha ar gach duine dóibh. Baisteadh ainmneacha eile orthu ar dtús, ach athainmníodh iad nuair nuair a d'iarr Méabh ar dhraoi éigean cé acu a mharódh Conchúr Mac Neasa, agus ní bhfuair sí mar fhreagra ach "Maine":
- tugadh Maine Athramail ("cosúil lena athair") ar Fedlimid
- tugadh Maine Máthramail ("cosúil lena mháthair") ar Cairbre
- tugadh Maine Andoe (an duine tapaidh") ar Eochaid
- tugadh Maine Taí ("taoi") ar Fergus
- tugadh Maine Mórgor ("an dualgais mhóir") ar Cet
- tugadh Maine Mílscothach ("caint mhil") ar Sin
- tugadh Maine Móepirt ("thar chur síos") ar Dáire