Fionnbheannach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Finnbhennach)

Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, tarbh ghraíre olltorthúil ab ea Fionnbheannach (Sean-Ghaeilge Finnbennach) le rí Ailill na gConnacht.

I ndáiríre, duine daonna darbh ainm Rucht ab ea é ar dtús, ar cheann de thréadaí muice Ochall Ochne, rí sidhe na gConnacht, a thit amach le comhghleacaí oibre leis. Chuaigh siad beirt i gcomhrac aonair, á nochtadh i sraith riochtaí ainmhithe agus daoine. I ndeireadh na dála, rinneadh dhá phéist díobh, a d'ith dhá bhó iad agus athrugadh iad mar dhá tharbh, Fionnbheannach agus Donn Cuailnge. Rugadh Fionnbheannach sna tréada Mhéabha, ach mheas sé go raibh sé os cionn a leithéide, agus chuaigh sé isteach i dteach a fear chéile ina ionad sin.

Rugadh Donn Cuailnge, idir an dá linn, sna tréada Dháire Mhic Fhiachna de Chuailnge. Dhoir sé bodóg a raibh le Mór-Ríoghain, agus throid an tarbhlao a rugadh mar thoradh in éadan Fionnbheannaigh, agus chaill sé ach ar éigean. Agus é seo feicthe ag Méabh, shocraigh sí go dtroidfeadh Fionnbheannach in éadan a athar.

Nuair a thuig Méabh go raibh Ailill níos saibhre ná í agus Fionnbheannach ina thréad aige, shocraigh sí Donn Cuailnge a bheith i seilbh aici chun an cuntas a chothromú. Thosaigh sí an Táin Bó Cuailnge agus faoi dheoidh thóg sí Donn ar ais go Ráth Cruachan. Throid an dá tharbh; maraíodh Fionnbheannach agus fuair Donn Cuailnge goin a bháis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]