Toghail Brú Dá Dearga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Togail Bruidne Dá Derga)
Jump to navigation Jump to search

Is scéal na Rúraíochta é Toghail Brú Dá Dearga (Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Dá Derga, Orgain Bruidne Uí Dergae). Caomhnaítear é i dtrí athleagan Sean- agus Meán-Ghaeilge. Luaitear é ar cheann de na seanscéalta Gaeilge is fearr, inchomórtais leis an scéal níos cáiliúla, an Táin Bó Cúailnge.[1][2]

Insítear breith, saol agus bás Chonaire Mhóir mic Eterscéil Mhóir, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann. Maraíonn a naimhde é ag brú Dhá Dheirge, tar éis dó a geasa briste aige. Ní scriostar an brú.[3]

Is neamh-Chríostaí é druidim na míchinniúna, agus nach foláir do Chonaire a gheasa a bhriseadh de réir a chéile. Ní chuirtear bríonna Críostaí ar na hiontais ach an oiread. Caomhnaítear sa saothar tréithe an bhéaloidis, leis a athráite agus nathanna cainte. Cuireadh ton an saothair i gcomhroinn le traigéide Ghréagach.[4]

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus chuid mhaith dá gheasa briste aige cheana, téann Conaire Mór ar thaisteal i ndeisceart na tíre. Moltar dó fanacht ag Brú Dhá Dheirg, ach feiceann sé triúr gléasta in éadaí dearga, ag marcaíocht ar chapaill dhearga, ag teacht os a chomhair; tá geis eile briste aige dá bhárr.

Tar éis Conaire iad a thabhairt ar deoraíocht as ucht a gcoireanna, chuaigh a dheartháireacha altrama i gcomhar le rí na mBriotanach, Ingcél Cáech, agus bhí siad i mbun foghla ar fud na hÉireann le buíon mór amhas. Ionsaíonn siad Brú Dhá Dheirg, á dhó faoi thrí, ach faoi thrí múchtar na tinte.

Cosanta ag a churadh Mac Céacht agus laoch na nUladh Conall Cearnach, maraíonn Conaire sé chéad gan airm, sé chéad sa bhreis leo. Iarrann sé deoch, ach níl braon uisce ann a thuilleadh, é go léir tógtha chun na tinte a mhúchadh. Téann Mac Céacht ar fud na hÉireann le cupa Conaire ag lorg uisce, ach ní thabharfadh na haibhneacha dá gcuid.

Tagann sé ar ais díreach in am agus beirt fhear ag baint a cheann de Chonaire; maraíonn sé an dís. Ólann Conaire, ceann bainte, an t-uisce agus aithrisíonn dán ag moladh Mic Chéacht. Tá sé ina chogadh dearg ar feadh trí lá. Maraítear Mac Cécht, ach éilíonn Conall Cernach.[5]

Lámhscríbhinní[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí athleagan an scéil caomhnaithe sna lámhscríbhinní atá ar marthain.

Athleagan I[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Athleagan I an leagan is luaite den scéal, ina insítear achoimre ghearr na bpríomheachtraí. I Leabhar na hUidhre, tugtar dó an teideal Orgain Bruidne Uí Dergae (Argain Brú Uí Dheirge), rud a aithnítear é thar na hathleaganacha níos déanaí.

Athleagan II[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an leagan is cáiliúla é Athleagan II. De dheasca roinnt comhbhréagnuithe, neamhleanúnachas agus macasamhlacha sa scéal, mhol scoláirí amhail is Heinrich Zimmer, Max Nettlau agus Rudolf Thurneysen, go bhfuil san athleagan dhá nó b'fhéidir trí leagan éagsúla comhcheangailte ann. Tá Máire Bhreathnach den tuairim, ámh, go bhfuil roinnt laigí le fáil ina gcuid modhanna, agus molann sí go raibh cuid mhaith d'fhoinsí éagsúlachta ó bhéal agus scríofa faoi láimh an údair.[6]

  • H 2.16, nó Leabhar Buí Leacáin (LBL): III, col. 716–739 (facs.: lch. 91a1-104a17). Iomlán.
  • YBL: lch. 432-3. Blúire.
  • MS D IV 2: ARÉ, f 79ra 1 – 92ra 40. Iomlán.
  • 23 E 25 or Lebor na hUidre (LU): lch. 83ra-99ra (+H). Tús ar iarraidh.
  • 33993: I, f 4r-5v – or f 2b-5b (?) (BL). Tús ach amháin.
  • Egerton 1782: f 108vb-123vb. Téacs ilghnéitheach.
  • 23 E 29 or LFM: II, ll. 213a-216b. Blúire.
  • Egerton 92: f 18ra-23v. Blúire = LFM.
  • H 2.17: p 477a-482b (CnT). Trí bhlúire.
  • H 3.18: XVII, ll. 528-533. Sleachta gluaiste.

Athleagan III[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an leagan is déanaí agus is faide é Athleagan III. Tá tuilleadh curtha ann, incas measc: rí-list, leagan den Tochmarc Étaíne agus dinnseanchas faoi leith.

  • Egerton 1782, BL: f 106r-123vb (críoch le bearna)
  • H.1.14, CnT: f 24-52b. Cóip de Egerton 1782.

San aistriúchán le Jeffrey Gantz in Early Irish Myths and Sagas (1986), tá réamhrá aige ina phléann sé gaol an scéil le bás rí deasghnáthach, iniúchta níos doimhne le John Grigsby in Beowulf and Grendel, 2005, ll. 150-52.

Scéalta gaolmhara[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an scéal De Sil Chonairi Móir gaolta leis an gceann seo.[7]

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Moltear go bhfuil tionchar an scéil seo le feiceáil i The House of Fame le Geoffrey Chaucer.[8]

Tá leagan den scéal mar chuid den dara sraith an úrscéil Sons of the Swordmaker, 1938, leis an údar Éireannach, Maurice Walsh.

Príomhfhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athleagan I[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Nettlau, Max (eag.). "On the Irish text Togail Bruidne dá Derga and connected stories [part 4]." Revue Celtique 14 (1893): ll. 151–2 [H 3.18].
  • Stokes, Whitley (eag.). "The Destruction of Dá Derga's Hostel." Revue Celtique 22 (1901): ll. 401–3 [LU]. Féach thíos le haghaidh tuilleadh eolais.
  • Best, R.I. agus O. Bergin (eag.). Lebor na hUidre. Book of the Dun Cow. Baile Átha Cliath, 1929. Leagan dioplómaitiúil de LU.
  • Mac Mathúna, S. (eag. agus aistr.). Immram Brain, Bran's Journey to the Land of the Women. Tübingen, 1985: ll. 449-50. Bunaithe ar H.3.18, 23 N 10 agus Egerton 88, le leaganacha ó LU.
  • Hull, Vernam (eag.). "Togail Bruidne Da Derga. The Cín Dromma Snechta Recension." Zeitschrift für celtische Philologie 24 (1954): ll. 131–2. Bunaithe ar G 7.
  • Thurneysen, Rudolf (eag.). Zu irischen Handschriften und Literaturdenkmälern. Berlin, 1912, ll. 27–8. Bunaithe ar 23 N 10 agus Egerton 88 (ag an am, níorbh eol do Thurneysen an téacs i G 7). Maidir le dáta an téacs, féach ll. 30 agus Thurneysen, Heldensage, ll. 15-8.

Athleagan II[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Knott, Eleanor (eag.). Togail Bruidne Da Derga. Baile Átha Cliath, 1936. LBL agus leaganacha ó D IV 2. Eagrán le fáil ar CELT.
  • Stokes, Whitley (eag. agus aistr.). "The Destruction of Dá Derga's Hostel." Revue Celtique 22 (1901): ll. 9–61, 165–215, 282–329, 390–437; 23 (1902): 88. LU, le breis ábhair ó LBL agus leaganacha. Aistriúchán le fáil ar CELT agus Online Medieval Source Book.
  • Stokes, Whitley (eag.). The Destruction of Dá Derga's Hostel. Paris, 1902. Athchló de Revue Celtique 22 agus 23.
  • Best, R.I. agus O. Bergin (eag.). Lebor na hUidre. Book of the Dun Cow. Baile Átha Cliath, 1929. Leagan dioplómaitiúil de LU.
  • Draak, Maartje agus Frida de Jong (aistr.). "De verwoesting van Da Derga's Hal." In Van helden, elfen en dichters. De oudste verhalen uit Ierland. Amsterdam, 1979, ll. 148–201. Aistriúchán Ollainnise.

Fo-litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Carney, lch. 483
  2. Luann West, lch. 413, Rudolf Thurneysen leis an tuairim g n-airíonn an Togail í ndiaidh na Tána.
  3. Rabhadh millte
  4. Byrne, ll. 59–64.
  5. Jeffrey Gantz (aistr.), Early Irish Myths and Sagas, Penguin Classics, 1981, ll. 37–106
  6. Máire West, "The genesis of Togail Bruidne da Derga: a reappraisal of the 'two-source' theory."
  7. Lucius Gwynn. "De Sil Chonairi Móir", in Ériu 6 (1912): 130–43
  8. McTurk, ll. 67–68.