Jump to content

Deirdre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarDeirdre

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael
duine a d’fhéadfadh a bheith ficseanúil
pearsa fhinscéalach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharDeirdre and Naisi (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
CónaitheLoch Eite Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LánúinNaoise Cuir in eagar ar Wikidata
CéileConchúr mac Neasa Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFéidhlimidh Mac Daill Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid deAn Rúraíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Deirdre (Sean-Ghaeilge Derdriu) an banlaoch tragóideach is iomráití sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, agus ar duine is cáiliúla na miotas sa lá atá inniu ann.[1] Is é "Deirdre an Bhróin" a bua-ainm.

Pictiúr de Dheirdre sa leabhar "A book of myths" (1915) le Helen Stratton.

Iníon an scéalaí ríoga Fedlimid mac Daill ab ea Deirdre. Sular saolaíodh í, thug Cathbhadh, príomhdraoi Chonchúir mhic Neasa, rí na nUladh, tairngreacht go bhfásfadh sí ina spéirbhean álainn. Thug sé foláireamh chomh maith, ámh, go rachadh ríthe agus taoisigh chun cogaidh ar a son; go ndoirtfí fola dá barr; agus go gcuirfí trí na laochra is mó de chuid na nUladh ar deoraíocht ina diaidh.[2]

Arna cloiste seo, d'agair daoine ar Fhedlimid an leanbh a mharú. Agus Conchúr ag samhlú ar an spéirbhean le teacht, bhí sé meáite aige go gcoinneodh sé an leanbh le go mbeadh sí ina beanchéile dó in am trátha. Chuir sé Deirdre i gceilt, scoite amach ó dhaoine faoi chúram Leabharcham, file agus bean feasa.

Lá éigin sa gheimhreadh, chonaic Deirdre fiach ar an sneachta ag ól fhuil a creiche. Dúirt sí le Leabharcham go dtitfeadh sí i ngrá le fear leis na dathanna úd: gruaig chomh dubh le fiach, craiceann chomh bán le sneachta, agus leicne chomh dearg le fuil. Dúirt Leabharcham léi go raibh na tréithe seo ag Naoise, gaiscíoch, sealgaire agus amhránaí óg flaithiúil i gcúirt Chonchúir. Le cuidiú cleasa Leabharchaim, bhuail Deirdre le Naoise, agus thit siad i ngrá.

D'éalaigh Deirdre agus Naoise, i dteannta lena dheartháir, Ardan agus Ainnle, an triúr mac Uisnigh, ar deoraíocht go hAlbain. Bhí saol sona acu ann, ag seilg, ag iascaireacht agus ina gcónaí i n-áiteanna aoibhne, amhail is Loch Eite. De réir roinnt leaganacha den scéal, bhí clann ag Deirdre agus Naoise (a mac, Gaiar, agus a n-iníon, Aebgreine),[3] agus gur cuireadh amach iad ar altramas le Manannán mac Lir.[4]

Chuir na hUlaidh ina luí ar Chonchúr cead a thabhairt don dís filleadh ar Éirinn. D'aimsigh Conchúr uiríslithe iad, agus sheol sé Fearghas mac Róigh dóibh le cuireadh teacht ar ais. Gheall Fearghas féin coimirce aistir abhaile dóibh, ach ar a slí ar ais go hEamhain Mhacha, rinne Conchúr cleas air, ag cur iachaill air faoina gheis cuireadh d'fhéasta a ghlacadh. Sheol Fearghas Deirdre agus mic Uisnigh ar aghaidh go hEamhain Mhacha faoi chosaint a mhac.

A luaithe agus a thángadar ann, sheol Conchúr Leabharcham chun cúlchoimeád a dhéanamh ar Dheirdre, chun go bhfeice an raibh a cuid áilleachta aici fós. Chun Deirdre a chosaint, dúirt Leabharcham leis an rí go raibh Deirdre anois sean gránna. Sheol Conchúr ansin spiaire eile, Gealbann.[1] D'éirigh leis Deirdre a dhearcadh, ach nuair a chonaic Naoise an spiaire, chaith sé fear óir fichille air a chuir súil amach dá chlaigeann.

D'éirigh le Gealbann dul ar ais go Conchobar, agus d'inis sé dó go raibh Deirdre chomh hálainn agus a bhí riamh. D'ordaigh Conchúr dá ghaiscígh ionsú a dhéanamh ar theach na Craoibhe Rua, ina raibh Deirdre agus mac Uisnigh. Throid Naoise agus a dheartháireacha go cróga, le cabhair roinnt ghaiscígh na Craoibhe, sular agair Conchúr a mionn dílseachta dó, agus chuir sé orthu Deirdre a tharraingt chuige. Mharaigh Eoghan mac Durthacht Naoise ansin le hurchar sleá, agus maraíodh a dheartháireacha go gairid ina dhiaidh sin.

Caoineadh Dheirdre le J.H.F. Bacon, arna fhoilsiú in Celtic Myth and Legend le Charles Squire (1905).

Bhí uafás ar Fhearghas faoi fhealladh seo a fhocail, agus chuaigh sé ar deoraíocht go Connachta. Throid sé ina dhiaidh sin in éadan na nUladh ar son Ailealla agus Méabha sa Táin Bó Cúailnge, Iliad na hÉireann.

I ndiaidh bhás Naoise, ghabh Conchúr Deirdre. Tar éis bliana, agus Deirdre fós fuar leis a gabhálaí, d'fhiafraigh Conchúr di cé acu sa domhan arbh fhuath léi thar aon neach eile, seachas é féin. D'fhreagair sí "Eoghan mac Durthacht," marfóir Naoise. Dúirt Conchúr mar sin go dtabharfadh sé go hEoghan í. Agus í á thógaint ag Eoghan, bhí Conchobar ag déanamh fonóid fuithi, ag rá go raibh cuma caorach idir dhá reithe aici. Le hais seo, chaith Deirdre í fhéin amach as an gcarbad, ag briseadh a cloiginn ina smidiríní ar charraig.

Cultúr an lae inniu

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a lán desna ann bunaithe ar scéal Dheirdre, san áireamh:

I measc úrscéalta, faightear Deirdre (1923) le James Stephens, The Celts (1988) le hElona Malterre, On Raven's Wing (1990) le Morgan Llywelyn agus The Swan Maiden le Jules Watson.

I measc albam ceoil, tá "A Celtic Tale: The Legend Of Deirdre" le Mychael & Jeff Danna.

Ainmníodh an LÉ Deirdre, long i tSeirbhís Chabhlaigh na hÉireann ó 1972 go 2001, aisti.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaeilge

  • Longes mac nUislenn le fáil ar CELT
  • Dàn Chloinn Uisneachain ar electricscotland.com (le plé agus aistriúchán as Béarla).
  • Mac Grianna, Mairtín (09/01/2012). "Deirdre an Bhróin". An tAisaonad.  ISBN 9781780850443
  • Deirdre an Bhróin le Liam Ó Briain, aistriúcháin Gaeilge ar an dráma le J.M. Synge (féach thíos).

Béarla

  1. 1 2 "A Dictionary of Celtic Mythology" (2004).
  2. "Deirdre of the Sorrows" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-09-27. Dáta rochtana: 2019-09-26.
  3. Monaghan, Patricia. 2008. The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore, Checkmark Books, lch. 123.
  4. Hitt, J. G. 1908. Deirdre and the Sons of Uisneach: A Scoto-Irish Romance of the First Century A.D. Marshall Brothers, lch. 46.