Geis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Cosc gan chiall is ea geisairmert,[1] i gcodarsnacht le reacht réasúnach dlí. As Breatnais, deirtear cynnedyf. Faightear a leithéid de chosc ar shlí éigin i sagartacht Rómhánach agus Gearmánach, gá háirithe flamines na Róimhe.[2]

Geasa an chine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh dreamanna ar leith faoi gheasa bia: na Briotanaigh, giorria, cearc nó gé;[3] na Albanaigh iasc;[4] na Galátaigh, muiceoil;[5] agus na Gaeil, grús. Den Grabbeigaben nach zu schließen, níor coinníodh síoraí seasta na geasa seo.[2] Mar gheis bhia sa bhreis i nÉirinn ársa, ní raibh cead dul i gcarbad catha le trí naonna lá tar éis feoil chapaill a ithe.[6]

Bhí na hUlaidh faoi gheis gan thar ballaí rua a dhreapadh,[6] agus gan a gcarbaid a thiomáint ó thaobh chlé d'Eamhain Mhacha.[7]

Geasa an rí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba chóir do rí gan bheith ainimh choirp. De bharr na geise seo, bhí ar Nuadha a choróin a thabhairt suas, tar éis ar baineadh a lámh de i rith Cath Maighe Tuireadh. Dá mba éagórach é an rí (gáu flathemon, gó/bréag fhlaithis) nó dá n-inseodh sé bréag, bhainfí mí ádh dá theaghlach go léir, mar shampla, neamhthorthúlacht daoine, ainmhithe agus nádúir.[8] De bharr seo, feictear an gáu flathemon i leabhair seanghaelaigh dlí faoin nath garbh cacc for enech (cac ar oineach/clú).[9]

Bhí (Ard-)rí na Teamhrach faoi gheis éirí as a leaba roimh éirí na gréine, dul gan stopadh ar an gCéadaoin ar Mag Breg, agus gan dul san oíche trí Mag Cuillin. Bhí rí na Laighean faoi gheis gan dul a chodladh idir Baile Átha Cliath agus an Dothra (craobh-abhainn na Life), fanacht naoi lá sa bhliain ar Mag Cualann, dul ar an Luan Montag thar Belach Duiblinne, agus a chuid gruaige a choinneáil in aimhréidh. Bhí rí na gConnacht faoi gheis gan dul ar an Samhain go dtí Ráth Cruachan. Bhí rí na nUladh faoi gheis gan feoil na n-ainmhithe le Dáire mac Dáire a ithe, agus gan uisce na habhann Bó Nemid a ól i rith an lae ghil.[10]

Bhí geis ann fosta gan labhairt roimh an rí, agus ó thaobh an rí de, bhí air labhairt ar dtús le triúr draoithe.

Geasa an duine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go minic, ba iad geasa frithráiteacha ba chúis deireadh na laochra Ceilteacha. Ní raibh le déanamh ag namhad ach iachall a chur ar an laoch geis amháin nó geis eile a shásamh, ach ní an dá le chéile.

  • Bhí Conaire Mór faoi gheasa gan gach re naoú oíche a chaitheamh lastigh de Teamhraigh; gan oíche a chaitheamh i dtigh le sorntine ag lonrú amach san oíche agus gurbh fhéidir féachaint isteach ann; gan dul go tigh cailín rua gan triúr rua os a chomhair; srl.[11]
  • Bhí dhá gheis ag Cú Chulainn, gan feoil chú a ithe, ach fosta gan bhéile tairgthe a dhiúltú (féach auch Anbhás Chú Chulainn).
  • Bhí geasa ar mhac Chú Chulainn, Connla gan bheith caite ón mbóthar ag éinne, a ainm ariamh a insint d'éinne, agus comhraic aonair ariamh a dhiúltú (féach fosta Anbhás Aonmhic Aoife).
  • Bhí geis ar Fhionn mac Cumhaill gan fia rua a sheilg nó a ithe.
  • Bhí geis ar Fhearghas mac Róich gan leann tairgthe a dhiúltú
  • Bhí geis ar Fhearghas Mac Léite gan tumadh i Loch Rudraige isteach (féach fosta Echtra Fergusa maic Léti).
  • Bhí Fothad Canainne faoi gheis go raibh cinn triúir naimhde cloíte aige ag ól leanna.
  • Bhí Caier mac Guthair, rí na gConnacht, faoi gheis scian áirithe a bheith aige i gcónaí.
  • Bhí Conall Cearnach faoi gheis fanacht ag áth durchquerten go dtí go raibh an t-uisce glan arís
  • Bhí Cormac Cond Longas faoi gheis gan chuing déanta as adhmaid fuinseoige a überfahren, nó fuaim chláirsí áirithe a chloisteáil.
  • Bhí tiarna talún na nUladh Blaí Briugu faoi gheis luí le gach bean ar fhan leis thar oíche gan a fear féin .[2]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]


Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. airmert, bang, geis; ainmbhraithar de ar-berta
  2. 2.0 2.1 2.2 Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3, lch. 827 f.
  3. Caesar, De Bello Gallico, V. 12
  4. Cassius Dio, LXVII 12
  5. Pausanias, VII 17, 10
  6. 6.0 6.1 Rudolf Thurneysen: Die irische Helden- und Königssage bis zum siebzehnten Jahrhundert. Halle 1921, lch. 385.
  7. Myles Dillon, Nora Kershaw Chadwick: Die Kelten. Von der Vorgeschichte bis zum Normanneneinfall. Kindlers Kulturgeschichte, ISBN 3-89340-058-3, lch. 194.
  8. Myles Dillon, Nora Kershaw Chadwick: Die Kelten. Von der Vorgeschichte bis zum Normanneneinfall, Kindlers Kulturgeschichte, ISBN 3-89340-058-3, ll. 170 f.
  9. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 889.
  10. Myles Dillon, Nora Kershaw Chadwick: Die Kelten. Von der Vorgeschichte bis zum Normanneneinfall. Kindlers Kulturgeschichte, ISBN 3-89340-058-3, lch. 195.
  11. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3, lch. 878. (Sách ait í gheis an chailín rua!)