Tarbhfheis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I Miotaseolaíocht na nGael, nós um comharba an rí a aimsiú ab ea Tarbhfheis (Sean-Ghaeilge tarbfeistarb-ḟe(i)s(s)).

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá brí fleadh ag baint le feis, ach i dteannta sin sa tSean-Ghaeilge, bhí brí chodladh leis, mar a phléitear ar eDIL, 2 feis(s), fess (cé go luann an tagairt do tarbfeis don iontráil féin!). Tá Tuireadh eolais le fáil faoi tarb Compds. (a).

Nós[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar cur síos ar an tarb-feis i scéalta na Rúraíochta, Togail Bruidne Da Derga agus Serglige Con Chulainn.

Um chomharba an rí a shocrú, d'itheadh fear, de ghnáth draoi, feoil agus glé-anraith tairbh bháin, go dtí go raibh sé sách. Luíodh sé ansin a chodladh, fad is a chanadh na draoithe ortha thairis, agus é ná an t-ór fírindi (ór fírinne). D'fheicfeadh an fear codlata i bhfís an rí le teacht.[1] Dá mba bhréag a d'inseodh an fear, ghearrfaí a chuid bheol de.[2]

Nuair a cheapadh Conaire Mór ina rí, tuaradh go dtiocfadh fear lomnocht an tsráid anall go Teamhraigh.

Ar gach ceithre shlí go Teamhraigh, bhí triúr uisle ag fanacht le brat chun an fear tuartha lomnocht a ghléasadh […] Ach bhí iontas ar dhaoine na Teamhrach ámh gurbh ógánach gan féasóg é a bhí tuartha ag an tarbhfheis.[3]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur, lch. 309.
  2. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 933.
  3. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 884. (bei Rudolf Thurneysen: Die irischen Helden- und Königssage bis zum siebzehnten Jahrhundert. Halle 1921, lch. 66.)